"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha fogha na Rúise faoin Úcráin i seisiún comhpháirteach i Lucsamburg inar tionóladh idir Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus Airí Cosanta an Aontais.
Ghlac Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, agus Aire Cosanta na hÚcráine, Rustem Umerov, páirt i dtús an chruinnithe trí fhíschomhdháil agus thug siad an t-eolas is déanaí maidir lenar tharla ar na mallaibh ar an láthair agus na tosaíochtaí atá ag an Úcráin faoi láthair.
Chomh maith le diúracáin agus ladrainn, thuairiscigh muintir na hÚcráine gur scaoil an Rúis 7000 buama threoraithe le 4 mhí anuas, is é sin le rá thart ar 60 buama threoraithe in aghaidh an lae, agus bíonn tuairgneáil gan staonadh ar siúl san Oirthear. Is cuid de straitéis Putin é sin.
Ar an taobh eile, is léir nach bhfuil go leor arm ag an Úcráin chun í féin a chosaint ná chun cur i gcoinne fhogha na Rúise.
[...] Tá práinn shoiléir ann don Aontas Eorpach agus do chomhghuaillithe na hÚcráine uile gníomhú. Is é an bealach is tábhachtaí le gníomhú ná batairí aerchosanta a chur ar fáil mar aon le harmlón do na batairí sin.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Chuir an tArdionadaí i dtreis a thábhachtaí atá sé córais aerchosanta agus diúracáin a chur ar fáil don Úcráin agus mhol sé gur ar leibhéal an Aontais a chomhordófaí seachadadh práinneach na nithe sin.
Le linn phlé na n-airí, léirigh roinnt Ballstát go bhfuil siad faoi réir chun cúnamh sonrach a mheas nó chun cur le tionscnaimh atá ann cheana ar nós thionscnamh na Seicia maidir le harmlón, nó thionscnamh na Gearmáine maidir le haerchosaint.
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an staid sa Mheánoirthear, agus aird ar leith á tabhairt ar an staid dhaonnúil i stráice Gaza atá ag éirí níos measa de shíor agus ar bhaol an ghéaraithe sa réigiún máguaird.
Maidir leis an mbaol sin, chuir an Chomhairle i bhfios go láidir arís nach mór do gach duine sa réigiún srian a chur orthu féin agus bearta a dhéanamh chun an lasóg a bhaint den bharrach. Comhaontaíodh céimeanna breise i ndáil leis na gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha atá á ndéanamh ag an Iaráin sa réigiún.
Thángamar ar chomhaontú polaitiúil an córas ladrann atá ann cheana a mhéadú agus a leathnú agus smachtbhannaí a fhorchur ar an Iaráin lena gcomhdófar diúracáin agus a n-aistrithe féideartha chuig an Rúis — táirgeadh diúracán san áireamh; ar an dara dul síos, limistéar geografach an chreata sin a leathnú chun seachadtaí ladrainn agus diúracán a chumhdach, ní hamháin go dtí an Rúis ach chuig réigiún iomlán an Mheánoirthir agus na Mara Rua; agus ar an tríú dul síos, liosta na gcomhpháirteanna ladrainn a bhfuil toirmeasc orthu a leathnú.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Maidir le Gaza, chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir nach ndearnadh aon dul chun cinn maidir le gialla a scaoileadh saor, maidir le sos cogaidh a bheith ann, ná maidir leis an tubaiste dhaonnúil leanúnach a mhaolú i ndáiríre. Thairis sin, chuir sé i bhfios go láidir nach mbeidh aon chobhsaíocht bhuan sa réigiún fad a leanfaidh an cogadh in Gaza ar aghaidh.
Chomhaontaigh Airí an Aontais cuireadh a thabhairt arís d’Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael chuig cruinniú a bheidh ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha amach anseo, chomh maith le Príomh-Aire nua Údarás na Palaistíne.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an staid sa tSúdáin tar éis seisiún neamhfhoirmiúil tuairimíochta le Toscaire Pearsanta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe don tír, Ramtane Lamamra, a ghlac páirt ag tús an phlé trí fhíschomhdháil.
Phléigh an Chomhairle go háirithe conas dlús a chur leis an gcomhordú leis na Náisiúin Aontaithe, ach leis an Aontas Afracach freisin, mar aon le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile.
Is mian leis an Aontas rannchuidiú le sos cogaidh inbhuanaithe, tacú le hiarrachtaí idirghabhála réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus béim a leagan ar a thábhachtaí atá an comhar agus an comhordú idir na tionscnaimh idirghabhála éagsúla.
Ba bhrónach an lá an 15 Aibreán, cothrom an lae ó thosaigh an cogadh anuraidh idir gníomhaithe an coup míleata sa tSúdáin, Fórsaí Armtha na Súdáine agus na Fórsaí Mear-Thacaíochta. Is ar an lá sin a chomh-óstáil an Fhrainc, an Ghearmáin agus an tAontas ‘an Chomhdháil Idirnáisiúnta maidir le Cabhair Dhaonnúil don tSúdáin agus na tíortha máguaird’ i bPáras.
Tharraing na hairí aird ar an staid sa tSeoirsia, agus chuir siad in iúl an imní atá orthu faoin dlí nua maidir le trédhearcacht an tionchair eachtraigh, a cuireadh faoi bhráid Pharlaimint na Seoirsia le déanaí.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.