Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 24 Meitheamh 2024 16:15

79ú Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe: Conclúidí formheasta ag an gComhairle maidir le tosaíochtaí an Aontais

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí ina leagtar amach na tosaíochtaí a ndéanfaidh an tAontas obair leantach ina leith le linn an 79ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (Meán Fómhair 2024 – Meán Fómhair 2025).

Déantar athnuachan leis na conclúidí ar thiomantas an Aontais réitigh iltaobhacha atá bunaithe ar Chairt na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn, agus tacaítear le tiomantas Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe ‘gach gné den tsíocháin’ a bhaint amach agus iarrtar comhar idirnáisiúnta chun na críche sin.

I gcomhthéacs ghéarchéim thromchúiseach thriarach phláinéadach an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta agus an truaillithe, ar bagairt dhomhanda eiseach í agus a chuireann leis na cúiseanna imní slándála atá ann cheana, tá an tAontas tiomanta d’oibriú le comhpháirtithe chun dlús a chur le haistriú glas domhanda atá cóir agus cuimsitheach. Tá rún daingean ag an Aontas freisin dlús a chur leis na hiarrachtaí chun Clár Oibre 2030 agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, agus tá sé ag tnúth le Cruinniú Mullaigh don Todhchaí mar chloch mhíle ríthábhachtach don chóras iltaobhach.

Leanfaidh an tAontas de bheith ag obair chun urraim, cosaint agus comhlíonadh chearta uile an duine a neartú agus iarrfaidh sé ar na Stáit uile a bheith rannpháirteach go hiomlán le córas na Náisiún Aontaithe um chearta an duine.

Beidh gníomhaíocht an Aontais ag na Náisiúin Aontaithe sa bhliain atá le teacht faoi threoir na dtosaíochtaí uileghabhálacha seo a leanas:

I. Tiomantas a thabhairt an athuair do bhonn oird idirnáisiúnta riailbhunaithe

II. Tacú leis an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta

III. Forbairt inbhuanaithe agus maoiniú don fhorbairt a chur chun cinn

IV. Aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim thriarach phláinéadach

V. Muinín a chothú trí chóras iltaobhach níos éifeachtaí

Ina theannta sin, leanfaidh an tAontas de rannpháirtíocht fhóinteach sochaí sibhialta éagsúil atá cearta-bhunaithe agus neamhspleách i bpróisis iltaobhacha a chur chun cinn, lena gcuirtear san áireamh fóraim um chearta an duine, idirghabháil síochána agus cinnteoireacht, ach gan a bheith teoranta dóibh sin.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Eanáir 2025