Comhar an Aontais leis na Náisiúin Aontaithe
Tá an tAontas tiomanta don iltaobhachas, agus tá láidreacht agus éifeachtacht na Náisiún Aontaithe ina chroílár sin. Glacann Comhairle an Aontais Eorpaigh tosaíochtaí an Aontais gach bliain ag na Náisiúin Aontaithe agus ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.
An tAontas agus na Náisiúin Aontaithe
Tá an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe tiomanta seasamh leis an gcóras iltaobhach lena rialaítear an caidreamh domhanda ar bhealach a rachaidh chun tairbhe do chách. Fothaítear an tiomantas sin ar an bhforas go mbíonn gá ag an gcomhphobal idirnáisiúnta le córas éifeachtach iltaobhach atá bunaithe ar rialacha agus luachanna uilíocha chun a bheith in ann freagairt do ghéarchéimeanna domhanda, dúshláin agus bagairtí.
Chothaigh an tAontas caidreamh láidir leis na Náisiúin Aontaithe le himeacht na mblianta. Glacann an tAontas páirt i gComhthionól Ginearálta bliantúil na Náisiún Aontaithe agus tá toscaireachtaí creidiúnaithe aige chuig na Náisiúin Aontaithe sa Ghinéiv, i Nua-Eabhrac, i bPáras, sa Róimh agus i Vín.
Cuimsíonn an comhar idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe an iliomad réimsí agus saincheisteanna, cearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe, an t-athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil, saincheisteanna digiteacha, cothú na síochána, dí-armáil agus neamhleathadh, cabhair dhaonnúil, an t-éilliú agus an choireacht a chomhrac, an tslándáil sláinte dhomhanda a chur chun cinn, sreabha imirce agus saincheisteanna saothair a bhainistiú san áireamh.
Nuair a d’fhreastail António Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, ar an gComhairle Eorpach an 23 Márta 2023, leag an Chomhairle agus an tArd-Rúnaí béim ar a thábhachtaí atá an comhar idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe chun dul i ngleic leis na príomhdhúshláin dhomhanda.
D’athdhearbhaigh comhaltaí na Comhairle a lántiomantas do Chairt na Náisiún Aontaithe agus dá prionsabail, tráth a bhfuil siad á sárú ag an Rúis lena cogadh foghach ar an Úcráin, cogadh atá cáinte arís agus arís eile ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe. D’fhreastail António Guterres ar an gComhairle Eorpach i mí an Mhárta 2024 freisin.
Tacaíocht airgeadais ón Aontas do na Náisiúin Aontaithe
Is é an tAontas agus a Bhallstáit i dteannta a chéile an ranníocóir airgeadais is mó a chuireann le córas na Náisiún Aontaithe.
Maoiníonn Ballstáit an Aontais aon cheathrú de ghnáthbhuiséad na Náisiún Aontaithe go comhpháirteach agus, le chéile, cuireann an tAontas agus a Bhallstáit aon trian de na ranníocaíochtaí airgeadais uile ar fáil do ghníomhaireachtaí, cistí agus cláir na Náisiún Aontaithe.
Idir 2013 agus 2024, gheall an tAontas os cionn €33 bhilliún san iomlán do ghníomhaireachtaí, cistí agus cláir na Náisiún Aontaithe, agus chuaigh 18% den mhéid sin chuig an gClár Domhanda Bia, 13% chuig Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe (UNDP), 14% chuig Ciste Éigeandála Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí (UNICEF), 10% chuig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) agus 45% chuig gníomhaireachtaí, cistí agus cláir eile.
In 2024, chuir an tAontas thart ar €3.9 billiún i ranníocaíochtaí deonacha ar fáil do na Náisiúin Aontaithe. Is é seo an ranníocaíocht iltaobhach is mó a rinneadh leis na Náisiúin Aontaithe.
Tá beagnach €10.9 billiún tugtha ag Ballstáit an Aontais.
Rannpháirtíocht i gcomhlachtaí na Náisiún Aontaithe
Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe
Is é Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe príomhorgán plé, ceaptha beartas agus ionadaíoch na Náisiún Aontaithe. Tá gach ceann de 193 bhallstát na Náisiún Aontaithe ina gcomhaltaí den Chomhthionól Ginearálta agus tá ceart comhionann vótála acu. Tá stádas breathnóra feabhsaithe ag an Aontas.
Cuireann sé sin ar chumas an Aontais páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí, tograí a thíolacadh, bheith páirteach sa chaibidlíocht agus sa díospóireacht ghinearálta gach Meán Fómhair. Ní áirítear an ceart vótála i stádas speisialta an Aontais, ach comhordaíonn an tAontas i measc a 27 mBallstát chun seasaimh aontaithe a chur i láthair.
Fágann sin gur féidir le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, an Coimisiún Eorpach agus Toscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig na Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac seasaimh an Aontais agus a Bhallstát a thíolacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.
Ina theannta sin, tugtar an ceart don Aontas freagra a thabhairt aon uair amháin ar óráid a bhaineann le seasaimh ón Aontas agus tograí agus leasuithe a thíolacadh ó bhéal, ceart nach dtugtar d’aon bhreathnóir eile.
Nuair a fuair an tAontas a stádas breathnóra feabhsaithe in 2011, comhaontaíodh go labhródh Uachtarán na Comhairle Eorpaí leis an gComhthionól Ginearálta thar ceann an Aontais.
Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe
Is í Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an príomhchomhlacht domhanda atá freagrach as an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chinntiú. Tá sé comhdhéanta de chúigear comhaltaí buana agus de dheichniúr comhaltaí neamhbhuana a thoghann an Comhthionól Ginearálta ar feadh téarma 2 bhliain.
Is í an Fhrainc an t-aon Bhallstát den Aontas ag a bhfuil suíochán buan ar an gComhairle Slándála. Cuireann dlí an Aontais oibleagáid ar Bhallstáit den Aontas atá ina gcomhaltaí den Chomhairle Slándála gníomhú as lámh a chéile, agus seasaimh agus leasanna an Aontais á gcur chun cinn agus á gcosaint.
Tosaíochtaí an Aontais i ndáil leis na Náisiúin Aontaithe
Gach bliain, glacann Comhairle an Aontais Eorpaigh conclúidí maidir le tosaíochtaí an Aontais ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus i bhfóraim na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine.
Tosaíochtaí an Aontais ag an gComhthionól Ginearálta
Sna conclúidí uaithi maidir leis na tosaíochtaí don 81ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe (Meán Fómhair 2026–Meán Fómhair 2027), a glacadh i mí Iúil 2026, athdhearbhaíonn an Chomhairle tiomantas an Aontais do chóras iltaobhach éifeachtach, cuimsitheach agus riailbhunaithe, atá fréamhaithe go daingean i gCairt na Náisiún Aontaithe agus sa dlí idirnáisiúnta.
Cuireann an Chomhairle i dtreis gur chun leasa chomhchoitinn agus aonair cách é, urraim don dlí idirnáisiúnta agus do chomhionannas ceannasach agus iomláine chríochach na stát uile a áirithiú, gealltanas a thabhairt díospóidí a réiteach ar bhealach síochánta agus infheistiú sa chomhar idirnáisiúnta.
Leanfaidh an tAontas de bheith ina chomhpháirtí intuartha, iontaofa agus inchreidte agus leanfaidh sé de bheith ag obair le comhpháirtithe atá tiomanta don dlí idirnáisiúnta a chosaint agus a chaomhnú agus do réitigh dhomhanda ar dhúshláin choiteanna a aimsiú.
Ag aithint dó gur gá an córas iltaobhach a fhorbairt, tá an tAontas réidh chun athchóirithe a chur chun cinn lena ndéanfar na Náisiúin Aontaithe níos éifeachtaí, níos costéifeachtúla agus níos freagrúla. Is iad an tAontas agus a Bhallstáit, i dteannta a chéile, na ranníocóirí polaitiúla agus airgeadais is mó agus is iontaofa de chuid na Náisiún Aontaithe.
Beidh gníomhaíocht an Aontais ag na Náisiúin Aontaithe sa bhliain atá le teacht faoi threoir na dtosaíochtaí uileghabhálacha seo a leanas:
- córas iltaobhach éifeachtúil, éifeachtach agus cuimsitheach a chosaint agus a fhorbairt atá fréamhaithe go daingean i gCairt na Náisiún Aontaithe agus sa dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine
- athchóirithe a chur chun cinn i dtreo Náisiúin Aontaithe a bheidh éifeachtach costéifeachtach, freagrúil i ngach ceann de na trí cholún trí chomhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí
- ollstruchtúr síochána agus slándála na Náisiún Aontaithe a neartú bunaithe ar chosc coinbhleachtaí agus ar chothú na síochána
- rathúnas agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn idir seo agus 2030 agus ina dhiaidh sin
Tosaíochtaí i bhfóraim um chearta an duine
Sna conclúidí uaithi maidir le tosaíochtaí an Aontais i bhfóraim na Náisiún Aontaithe um chearta an duine in 2026, chuir an Chomhairle i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas tiomanta go daingean do chearta an duine a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh go huilíoch ar mhaithe le gach duine, i ngach áit.
Leag an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá sé, i ngach cás, go seasfaí leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cairt na Náisiún Aontaithe, agus go mbainfidh an tAontas leas as gach deis i bhfóraim iltaobhacha chun cur i gcoinne an bhrú siar i gcoinne chearta an duine.
Áirítear an méid seo a leanas ar thosaíochtaí an Aontais:
- Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus sáruithe ar chearta an duine sa Rúis agus sa Bhealarúis
- sáruithe ar chearta an duine sna críocha Palaistíneacha faoi fhorghabháil agus san Iaráin
- aistriú daonlathach síochánta cuimsitheach i Veiniséala
- an sásra cuntasachta don Afganastáin
Díreoidh an tAontas freisin ar dheireadh a chur leis an tsaoirse ó phionós agus ar chuntasacht a chinntiú, agus ar an spás sibhialta.
Chuir an Chomhairle i bhfios go láidir gurb iad institiúidí iltaobhacha éifeachtacha cuimsitheacha, a bhfuil na Náisiúin Aontaithe ina gcroílár, an bealach is fearr chun an tsíocháin, an tslándáil, cearta an duine, rathúnas agus forbairt inbhuanaithe a chinntiú do gach duine.
Réimsí comhair idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe
Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe
Tá Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe, a glacadh in 2015, mar bhonn eolais do chuid mhór de cheapadh beartas inmheánach agus seachtrach an Aontais. Tá roinnt príomhthionscnamh beartais de chuid an Aontais, mar shampla an Comhaontú Glas don Eoraip agus Global Gateway, á dtreorú ag na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe atá sa chlár oibre.
Tá an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta do sheasamh an Aontais a choimeád mar an soláthraí is mó a thugann chúnamh oifigiúil um fhorbairt ar domhan, a bhfuil ról ríthábhachtach aige maidir le Clár Oibre 2030 a bhaint amach.
Oibríochtaí síochána agus bainistiú géarchéime
Is comhpháirtithe iad an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe maidir le hord domhanda riailbhunaithe agus réitigh iltaobhacha ar dhúshláin phráinneacha dhomhanda a chur chun cinn. Le dlúthchomhar atá bunaithe ar an tairbhe fhrithpháirteach, ar an gcómhalartacht agus ar an úinéireacht chomhroinnte, méadaítear an comhleanúnachas idir misin agus oibríochtaí an Aontais agus na Náisiún Aontaithe, mar aon lena n-éifeachtacht, ar misin agus oibríochtaí iad a bhíonn ar siúl go minic sa tír chéanna ag an am céanna.
In 2003, d'eisigh an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe dearbhú comhpháirteach maidir le comhar idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe i dtaca le bainistiú géarchéime. Ó shin i leith, tá a gcomhpháirtíocht straitéiseach maidir le hoibríochtaí síochána agus bainistiú géarchéime neartaithe a thuilleadh acu. An 20 Deireadh Fómhair 2025, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe um an tsíocháin agus an tslándáil a uasghrádú.
- An tslándáil agus an chosaint
- Conclúidí ón gComhairle maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach AE-NA um an tSíocháin agus an tSlándáil a uasghrádú 2025-2028 (an 20 Deireadh Fómhair 2025)
Cearta an duine
Trí thacú leis an obair a dhéanann cosantóirí chearta an duine, tríd an idirdhealú a chomhrac agus trí institiúidí daonlathacha a neartú, oibríonn an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe i gcomhar le chéile chun cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain.
Tá an tAontas tiomanta uilíocht agus dodhealaitheacht chearta an duine a chaomhnú agus tacaíonn sé go diongbháilte le córas na Náisiún Aontaithe um chearta an duine.
Cabhair dhaonnúil
Oibríonn an tAontas i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe chun cabhair éigeandála a chur ar fáil, chun bonneagar a ndearnadh damáiste dó a atógáil agus chun tacú le pobail leochaileacha a mbíonn tionchar orthu ag tubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine, mar shampla coinbhleachtaí armtha, triomach, tuillte, creathanna talún agus spéirlingí.
Tá cabhair dhaonnúil tugtha ag an Aontas do bhreis agus 110 tír, cabhair a shroicheann na milliúin duine gach bliain. Tá an tAontas agus a Bhallstáit ar na príomhdheontóirí cabhrach daonnúla ar domhan.
An t-athrú aeráide agus an chosaint chomhshaoil
Oibríonn an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe i ndlúthchomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar an mbithéagsúlacht. Comhoibríonn siad chun Comhaontú Pháras a chur chun feidhme, bainistiú inbhuanaithe talún agus aigéin a chur chun cinn, agus Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal a chur chun feidhme.
Agus cur chun feidhme Chomhaontú Pháras á chur chun cinn aige, leagann an tAontas béim freisin ar an ailíniú idir Clár Oibre 2030 agus an Comhaontú Glas don Eoraip.
Sláinte agus rialachas domhanda
Oibríonn an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe le chéile ar shaincheisteanna éagsúla a bhaineann leis an tsláinte, agus iad ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda maidir leis an tsláinte, an tsláinte phoiblí a chur chun cinn agus an tslándáil sláinte dhomhanda a fheabhsú. Is mar chuid de Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais iad na cuspóirí sin go léir.
Is iad an tAontas agus a Bhallstáit is mó a thugann tacaíocht do EDS, gníomhaireacht sláinte na Náisiún Aontaithe.
Féach freisin
- Caidreamh an Aontais leis na Náisiúin Aontaithe (an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí)
- Toscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac (an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí)
- Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (suíomh gréasáin)
- Misean na Náisiún Aontaithe sa Bhruiséil (suíomh gréasáin)
An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Iúil 2026