Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • Preaseisiúint
  • 27 Feabhra 2025 08:30

Cuireadh ón Uachtarán António Costa do chomhaltaí na Comhairle Eorpaí

Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt daoibh chuig Comhairle Eorpach urghnách an 6 Márta, a bheidh tiomnaithe do Chosaint na hEorpa agus don Úcráin.

Maidir le cosaint na hEorpa, tá sé d’aidhm agam obair leantach a dhéanamh ar ár gcúlú neamhfhoirmiúil an 3 Feabhra d’fhonn na chéad chinntí a dhéanamh don ghearrthéarma, ionas go mbeidh an Eoraip níos ceannasaí, níos cumasaí agus níos ullmhaithe chun déileáil leis na dúshláin slándála atá againn faoi láthair agus a bheidh againn amach anseo.

A mhéid a bhaineann leis an Úcráin, tá móiminteam nua ann, ar cheart go mbeadh síocháin chuimsitheach, chóir agus bhuan mar thoradh air. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go bpléifimis conas tuilleadh tacaíochta a thabhairt don Úcráin agus na prionsabail ba cheart a urramú amach anseo. Tá an tAontas agus a Bhallstáit faoi réir le freagracht níos mó a ghlacadh maidir le slándáil na hEorpa. Dá bhrí sin, ba cheart dúinn a bheith ullamh don fhéidearthacht go mbeadh rannchuidiú Eorpach i gceist leis na ráthaíochtaí slándála a bheidh riachtanach chun síocháin bhuan a chinntiú san Úcráin.

Tá cuireadh chun na Bruiséile tugtha agam don Uachtarán Zelenskyy le freastal ar an gcruinniú den Chomhairle Eorpach chun na forbairtí is déanaí a phlé.

Cuirfimid tús lenár gcruinniú ar 12.30 lenár seisiún tuairimíochta traidisiúnta le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, le plé ina dhiaidh sin leis an Uachtarán Zelenskyy le linn lóin. Díreoimid ansin ar chosaint na hEorpa, agus ina dhiaidh sin pléifimid an Úcráin.

Táim ag tnúth go mór lenár gcruinniú an 6 Márta.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Feabhra 2025