- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 18 Márta 2025 12:30
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh leis an gCinneadh ón gComhairle maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol
An 24 Feabhra 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/3971.
Le Cinneadh (CBES) 2025/397,forchuirtear srianta ar sheirbhísí lena n-éascaítear forghabháil neamhdhleathach na Rúise ar an gCrimé agus Sevastopol agus lena gcuirtear ar chumas gníomhaithe eacnamaíocha comhtháthú i gcóras dlíthiúil agus airgeadais na Rúise, go príomha maidir le seirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta, leabharchoimeádta, comhairliúcháin cánach, comhairliúcháin gnó agus bainistíochta, caidrimh phoiblí, tógála, ailtireachta, innealtóireachta, comhairleoireachta dlí, comhairliúcháin TF, taighde margaidh agus pobalbhreitheanna, seirbhísí tástála teicniúla agus anailíse agus seirbhísí fógraíochta a sholáthar don Chrimé agus do Sevastopol.. Cuirtear toirmeasc breise leis freisin ar bhogearraí áirithe a sholáthar don Chrimé agus do Sevastopol chun fiontair agus bogearraí le haghaidh dearadh tionsclaíoch agus monarú tionsclaíoch a bhainistiú, agus ar bhogearraí a bhaineann le cearta maoine intleachtúla nó rúin trádála. Ina theannta sin, cuirtear toirmeasc leis an gCinneadh ar nótaí bainc arna n-ainmniú in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit a sholáthar don Chrimé agus do Sevastopol agus cuirtear srian leis, freisin, ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta áirithe chuig an gCrimé agus Sevastopol, ar earraí agus teicneolaíocht iad atá srianta freisin le Cinneadh 2014/512/CBES.
Tá an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin ag seasamh leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Cinnteoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.
Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.
1 IO L, 2025/397, 24.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/397/oj
Teagmhálaithe preasa
-
Anitta Hipper Lead Spokesperson
- +32 2 29 85691
- +32 460 76 14 21
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 19 Márta 2025