- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 19 Márta 2025 12:05
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh leis an gCinneadh ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSira
An 24 Feabhra 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/4061.
Chinn an Chomhairle gur cheart roinnt beart sriantach a chur ar fionraí, gur cheart díolúintí áirithe a thabhairt isteach agus gur cheart an tagairt do dháta éaga na díolúine daonnúla, mar a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2024/1496 ón gComhairle í, a bhaint. Chinn an Chomhairle freisin gur cheart sé eintiteas a bhaint deliosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha agus an toirmisc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh, agus gur cheart sócmhainní ceann de na heintitis sin a choinneáil reoite.
Tá an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Íoslainn, Lichtinstéin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, Poblacht na Moldóive, an tSeirbia agus an Úcráin ag seasamh leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Cinnteoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.
Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.
1 IO L, 2025/406, 25.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/406/oj.
Teagmhálaithe preasa
-
Anouar El Anouni Spokesperson
- +32 2 291 35 80
- +32 229-13580
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Márta 2025