Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Ráiteas agus barúlacha
  • 16 Bealtaine 2025 10:50

Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

An 25 Aibreán 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/8201 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma.

Chinn an Chomhairle gur cheart na bearta sriantacha atá i bhfeidhm a athnuachan go dtí an 30 Aibreán 2026 agus gur cheart na hiontrálacha a bhaineann le 14 dhuine a áirítear i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES a leasú.

Seasann an Albáin, an Airméin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Íoslainn, Lichtinstéin, Poblacht na Moldóive, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia agus an Úcráin leis an gCinneadh seo ón gComhairle.

Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.

Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.


1 IO L, 2025/820, 28.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/820/oj

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Meitheamh 2025