- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 15 Iúil 2025 15:33
Poblacht na Moldóive: seachtar daoine aonair agus trí eintiteas liostaithe ag an gComhairle mar gheall ar ghníomhaíochtaí lena ndéantar an tír a dhíchobhsú
Tá bearta sriantacha forchurtha ag an gComhairle ar sheachtar daoine aonair agus ar thrí eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí darb aidhm ceannasacht agus neamhspleáchas, chomh maith le daonlathas, smacht reachta agus cobhsaíocht, Phoblacht na Moldóive a dhíchobhsú, an bonn a bhaint díobh nó iad a chur i mbaol.
Díríonn na hainmniúcháin nua ar dhlúthchomhghleacaithe Ilan Shor, atá liostaithe cheana féin ag an Aontas ós rud é go raibh sé rannpháirteach i maoiniú neamhdhleathach páirtithe polaitiúla i bPoblacht na Moldóive agus mar gheall ar ghríosú chun foréigin. Áirítear ar na liostuithe ceannairí agus baill na n-eintiteas a tháinig i gcomharbas ar an bpáirtí polaitiúil ȘOR toirmiscthe. Bhí baint ghníomhach ag cuid de na daoine atá liostaithe le scéimeanna um cheannach vótaí, i gcomhthéacs na dtoghchán uachtaráin agus an reifrinn bhunreachtúil maidir le haontachas leis an Aontas in 2024, agus le breabaireacht chun roinnt polaiteoirí ó Phoblacht na Moldóive a éilliú.
Liostaigh an Chomhairle A7 freisin, cuideachta a bhfuil naisc iomadúla aici le Moscó, a bhí nasctha le hiarrachtaí chun tionchar a imirt ar thoghcháin Uachtaránachta agus reifreann Bunreachtúil 2024 maidir le haontachas leis an Aontas. Ina theannta sin, liostaigh an Chomhairle Victory/Pobeda Political Bloc, a bhunaigh Ilan Shor agus a raibh baint aige le faisnéis bhréagach agus scéimeanna um cheannach vótaí a scaipeadh. Liostaíodh Lárionad Oideachais Chultúrtha na Moldóive toisc gur éascaigh sé cur isteach ar thoghcháin Uachtaránachta 2024.
Leis na liostuithe seo, tá feidhm anois ag bearta sriantacha an Aontais i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú maidir le 23 dhuine aonair agus 5 eintiteas san iomlán.
Tá na daoine a liostaítear faoi réir reo sócmhainní. Toirmeasctear freisin cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh nó rochtain a fháil orthu, bíodh sé go díreach nó go hindíreach. Chomh maith leis sin, tá na daoine nádúrtha atá liostaithe faoi réir toirmeasc taistil a chuireann bac orthu dul isteach i gcríocha Bhallstáit an Aontais nó idirthuras a dhéanamh tríothu.
Foilsíodh na gníomhartha dlíthiúla ábhartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Cúlra
Sna conclúidí uaithi an 26 Meitheamh 2025, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil sí tiomanta leanúint de bheith ag obair i ndlúthchomhar le Poblacht na Moldóive chun athléimneacht agus cobhsaíocht na tíre sin a fheabhsú i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha leanúnacha na Rúise, ionsaithe hibrideacha ina measc, darb aidhm an bonn a bhaint d’institiúidí daonlathacha na tíre.
Tugadh isteach bearta sriantacha an Aontais i mí Aibreáin 2023 arna iarraidh sin do Phoblacht na Moldóive chun díriú ar dhaoine atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó as gníomhaíochtaí a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn dá ceannasacht agus dá neamhspleáchas, nó ar bagairt na gníomhaíochtaí sin ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na tíre sin.
Tá méadú suntasach tagtha ar na hiarrachtaí atáthar a dhéanamh chun an Mholdóiv a dhíchobhsú ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, agus is bagairt dhíreach iad ar chobhsaíocht agus slándáil theorainneacha seachtracha an Aontais.
Tá an tAontas meáite ar thacú le Poblacht na Moldóive i gcónaí, agus tacú le síocháin, athléimneacht, slándáil, cobhsaíocht agus fás eacnamaíoch na tíre sin i bhfianaise gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha arna ndéanamh ag gníomhaithe seachtracha.
- Cinneadh (CBES) 2025/1435 ón gComhairle an 15 Iúil 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/891 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú
- Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1434 ón gComhairle an 15 Iúil 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú
- Cinneadh (CBES) 2023/891 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (an 29 Aibreán 2025)
- Caidreamh an Aontais Eorpaigh le Poblacht na Moldóive (eolas cúlra)
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Iúil 2025