An Mholdóiv
Rinne Poblacht na Moldóive iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí an Mhárta 2022 agus tugadh stádas tír is iarrthóir di i mí an Mheithimh 2022. Cuireadh tús go foirmiúil leis an gcaibidlíocht aontachais i mí an Mheithimh 2024. Oibríonn an tAontas agus an Mholdóiv i gcomhar le chéile freisin i gcomhthéacs Chomhpháirtíocht an Oirthir.
Méadú
Iarratas ar bhallraíocht san Aontas
An 3 Márta 2022, rinne an Mholdóiv iarratas ar bhallraíocht san Aontas.
An 17 Meitheamh 2022, d'eisigh an Coimisiún Eorpach a thuairim maidir leis an iarratas sin ar bhallraíocht san Aontas.
An 23 Meitheamh 2022, thug an Chomhairle Eorpach stádas tír is iarrthóir don Mholdóiv. D'iarr sí ar an gCoimisiún Eorpach tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha a shonraítear sa tuairim ón gCoimisiún maidir leis an iarratas sin ar bhallraíocht.
An chaibidlíocht maidir le haontachas
I mí na Samhna 2023, d'eisigh an Coimisiún Eorpach moladh chun tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le haontachas leis an Moldóiv. I mí na Nollag 2023, chinn ceannairí an Aontais tús a chur leis an gcaibidlíocht oscailte maidir le haontachas leis an Moldóiv agus d’iarr siad ar an gComhairle an creat caibidlíochta a ghlacadh a luaithe a thabharfaí na céimeanna ábhartha a leagtar amach sa tuarascáil ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023.
I gcomhréir leis an modheolaíocht athbhreithnithe um méadú, d’fhormheas an Chomhairle an creat caibidlíochta an 21 Meitheamh 2024 agus, 4 lá ina dhiaidh sin, thionóil an tAontas an chéad chomhdháil idir-rialtasach leis an Moldóiv chun tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an tír.
- Tuarascáil maidir leis an Moldóiv (an Coimisiún Eorpach, an 8 Samhain 2023)
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 14 agus an 15 Nollaig 2023
- Tús curtha ag an Aontas le caibidlíocht aontachais leis an Moldóiv (preaseisiúint, an 25 Meitheamh 2024)
Cruinnithe na comhdhála aontachais
Déantar an chaibidlíocht aontachais ag comhdhálacha idir-rialtasacha (ar a dtugtar ‘comhdhálacha aontachais’ go minic) idir airí agus ambasadóirí Bhallstáit an Aontais agus na tíre is iarrthóir. Cumhdaítear corpas na gceart coiteann agus an dlí choitinn (‘acquis an Aontais’) leis an gcaibidlíocht agus iad roinnte i gcaibidlí éagsúla, nó i gcnuasaigh caibidlí, a chumhdaíonn réimsí beartais éagsúla. Is féidir leis na comhdhálacha aontachais sin a bheith ar leibhéal na n-airí nó ar leibhéal na n-ionadaithe.
An 25 Meitheamh 2024, thionóil an tAontas a chéad chomhdháil aontachais leis an Moldóiv, agus cuireadh tús foirmiúil leis an gcaibidlíocht ar bhallraíocht.
Ag an dara comhdháil aontachais idir an tAontas agus an Mholdóiv, a tionóladh an 15 Meitheamh 2026, chuir na páirtithe tús leis an gcaibidlíocht maidir le cnuasach 1, an cnuasach ‘bunphrionsabail’. Cumhdaítear leis sin feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha, athchóiriú an riaracháin phoiblí, agus critéir eacnamaíocha, lena n-áirítear na caibidlí caibidlíochta seo a leanas:
- caibidil 23 - na breithiúna agus na cearta bunúsacha
- caibidil 24 – ceartas, saoirse agus slándáil
- Caibidil 5 – soláthar poiblí
- caibidil 18 – staidreamh
- Caibidil 32 – rialú airgeadais
Le linn na comhdhála, leag an tAontas síos tagarmharcanna eatramhacha do chnuasach 1 agus do chaibidlí 23 agus 24 nach mór a chomhlíonadh sular féidir dul chun cinn a dhéanamh sa chaibidlíocht maidir leis an gcnuasach sin. Shocraigh an tAontas tagarmharcanna chun caibidlí 5, 18 agus 32 a dhúnadh go sealadach freisin.
Ag cruinnithe den Chomhairle Eorpach roimh an dara comhdháil aontachais, d’iarr ceannairí an Aontais arís agus arís eile ar an gComhairle tús a chur leis na cnuasaigh chaibidlíochta gan mhoill, ag tosú le cnuasach na mbunphrionsabal, i gcomhréir le modheolaíocht an mhéadaithe agus leis an gcur chuige fiúntasbhunaithe.
Athbhreithniú ar an dul chun cinn
Gach bliain, déanann an Chomhairle a marana ar an dul chun cinn a rinneadh sna tíortha is iarrthóirí agus sna comhpháirtithe araon, an Mholdóiv san áireamh, ar a gconair Eorpach.
An 16 Nollaig 2025, d’eisigh Uachtaránacht na Danmhairge ar an gComhairle conclúidí ar thacaigh 26 Bhallstát de chuid an Aontais leo go polaitiúil.
Comhpháirtíocht an Oirthir
I gcomhthráth le próiseas an mhéadaithe, oibríonn an tAontas agus an Mholdóiv i gcomhar le chéile chun an caidreamh polaitiúil agus eacnamaíoch a neartú trí Chomhpháirtíocht an Oirthir freisin.
Comhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv
An 1 Iúil 2016, tháinig an comhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv i bhfeidhm ina iomláine, tar éis dó a bheith curtha i bhfeidhm go sealadach ón 1 Meán Fómhair 2014. Leis an gcomhaontú comhlachais, beidh an Mholdóiv in ann tairbhe a bhaint as limistéar saorthrádála (comhaontú domhain cuimsitheach saorthrádála).
An Chomhairle Comhlachais
Is comhlacht foirmiúil í an Chomhairle Comhlachais a bunaíodh faoin gcomhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv chun faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe.
Ag an naoú cruinniú den Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv, a bhí ar siúl an 4 Meitheamh 2025, díríodh ar phróiseas aontachais na Moldóive leis an Aontas, ar idirphlé polaitiúil agus athchóirithe polaitiúla, ar chomhar agus ar chóineasú i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála, agus ar chomhar eacnamaíoch agus earnála.
Léirscaoileadh víosaí
Tháinig léirscaoileadh víosaí i bhfeidhm an 28 Aibreán 2014. Éascaítear taisteal, gnó agus teagmhálacha idir daoine de bharr an chórais taistil gan víosa leis an Moldóiv. Is sampla é den dul chun cinn atá bainte amach i ndáil le soghluaisteacht le comhpháirtithe Chomhpháirtíocht an Oirthir a fheabhsú.
Fánaíocht
An 1 Eanáir 2026, tugadh an Mholdóiv isteach i limistéar ‘fánaíocht ar tháillí baile’ an Aontais. Ciallaíonn sé sin go bhfuil muintir na Moldóive atá ar chríoch an Aontais agus saoránaigh an Aontais atá sa Mholdóiv in ann glaonna a chur, téacsanna a sheoladh agus sonraí móibíleacha a úsáid gan táillí breise.
Cuideoidh an beart leis an Moldóiv a lánpháirtiú a thuilleadh i margadh aonair an Aontais, ceann de phríomhaidhmeanna an chomhaontaithe comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv.
An caidreamh trádála idir an tAontas agus an Mholdóiv
Is leis an limistéar saorthrádála a bunaíodh faoin gcomhaontú domhain cuimsitheach saorthrádála sa chomhaontú comhlachais a dhéantar an caidreamh trádála idir an tAontas agus an Mholdóiv a chinneadh.
Go sonrach, déantar an méid seo a leanas leis an gcomhaontú saorthrádála sin:
- cuirtear deireadh le dleachtanna ar allmhairí i gcás fhormhór na n-earraí a thrádáiltear idir an tAontas agus an Mholdóiv
- déantar foráil maidir le rochtain leathan fhrithpháirteach ar thrádáil seirbhísí don dá chomhpháirtí
Ina theannta sin, is féidir le cuideachtaí an Aontais agus na Moldóive araon fochuideachta nó oifig brainse a chruthú ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Ciallaíonn sé seo go gcaitear leo mar chuideachtaí intíre i margadh an chomhpháirtithe agus gnó á bhunú acu.
I measc na n-earraí is mó a thrádáiltear idir an tAontas agus an Mholdóiv tá innealra agus fearais, táirgí ó cheimiceáin nó ó thionscail ghaolmhara, trealamh iompair agus táirgí mianracha.
Figiúirí trádála
Is é an tAontas an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Moldóiv - rinneadh breis is leath dá trádáil iomlán in earraí in 2025 leis, rud a ghin os cionn €7 billiún de láimhdeachas. Is í an tSín an dara comhpháirtí trádála atá ag an Moldóiv agus is léi atá breis agus 13 % den trádáil á déanamh, agus an Úcráin (10 %) sna sála uirthi.
Tá laghdú suntasach tagtha ar chion thrádáil earraí na Moldóive leis an Rúis; ní dhéantar anois ach 2.2% de thrádáil iomlán earraí na Moldóive leis an Rúis.
- An tAontas: 55.9%
- An tSín: 13.1%
- An Úcráin: 10.3%
- An Tuirc: 7.2%
- An Rúis: 2.2%
- Eile: 11.3%
Tacaíocht airgeadais don Mholdóiv
Cúnamh macra-airgeadais
Is é an tAontas an soláthraí cúnaimh airgeadais is mó don Mholdóiv. Ó 2021 i leith, slógadh breis agus €2.2 billiún.
An 4 Aibreán 2022, tar éis fhogha mhíleata na Rúise faoin Úcráin, agus an dochar dá bharr do chobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais na Moldóive, chinn an Chomhairle oibríocht maidir le cúnamh macrairgeadais €150 milliún a thabhairt mar iasachtaí agus deontais do Phoblacht na Moldóive.
Cuireadh tús leis an íocaíocht in 2022 agus tá trí thráinse ann a scaoilfear idir 2022 agus 2024.
Plean Fáis
Chun tacú le lánpháirtiú na Moldóive san Aontas, chuir an Coimisiún plean fáis don Mholdóiv i láthair an 10 Deireadh Fómhair 2024. Is é is aidhm don phlean borradh a chur faoin gcóineasú socheacnamaíoch leis an Aontas agus dlús a chur le hathchóirithe bunúsacha. Tá sé bunaithe ar thrí cholún:
- tacú le hathchóirithe socheacnamaíocha agus bunúsacha na Moldóive
- feabhas a chur ar rochtain na Moldóive ar mhargadh aonair an Aontais
- an tacaíocht airgeadais a mhéadú in 2025-2027 trí Shaoráid thiomnaithe Athchóirithe agus Fáis don Mholdóiv
An 18 Márta 2025, thug an Chomhairle an cead críochnaitheach uaithi maidir le colún airgeadais an phlean, is é sin, an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis. Tacóidh an tsaoráid leis an Moldóiv ó 2025 go 2027 agus meastar go gcuirfidh sí €385 mhilliún de dheontais agus €1.5 billiún d’iasachtaí ar fáil.
Is é sin an pacáiste tacaíochta airgeadais is mó de chuid an Aontais ó bhí neamhspleáchas na Moldóive ann agus tá sé sa bhreis ar thacaíocht shuntasach eile ón Aontas don tír.
- An Mholdóiv: cead críochnaitheach tugtha ag an gComhairle – dar luach €1.9 billiún – chun tacú le hathchóirithe agus leis an bhfás eacnamaíoch (preaseisiúint, an 18 Márta 2025)
- Pacáiste tacaíochta €1.8 billiún chun bonn taca a chur faoi phlean fáis eacnamaíoch na Moldóive agus í ag dul i dtreo ballraíocht san Aontas (an Coimisiún Eorpach)
An tslándáil agus an chosaint
An chomhpháirtíocht slándála agus cosanta
Shínigh an tAontas agus an Mholdóiv comhpháirtíocht slándála agus cosanta an 21 Bealtaine 2024, le linn an ochtú Comhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv. Is í an Mholdóiv an chéad tír a shínigh comhpháirtíocht mar sin leis an Aontas.
Leis an gcomhpháirtíocht sin cuirtear borradh faoin idirphlé agus faoin gcomhar sna réimsí seo a leanas i measc réimsí eile:
- bagairtí hibrideacha a chomhrac
- an chibearshlándáil
- an bhréagaisnéis a chomhrac
- oiliúint agus fothú acmhainneachta
Chomh maith leis sin, réitíonn sé an bealach chun réimsí nua comhair maidir le slándáil agus cosaint a fhiosrú.
Misean Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv
Sheol an tAontas Misean Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv i mí na Bealtaine 2023.Cuireadh síneadh le sainordú an mhisin go dtí an 31 Bealtaine 2027.
Is é is cuspóir don mhisean sibhialta seo feabhas a chur ar athléimneacht earnáil slándála na tíre i réimsí anbhainistithe géarchéime agus na mbagairtí hibrideacha, lena n-áirítear anchibearshlándáil, agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI) a chomhrac.
Cuidíonn EUPM Moldova leis an Moldóiv agus leis an réigiún ina iomláine a gcobhsaíocht agus a slándáil a neartú.
- An Mholdóiv: síneadh 2 bhliain curtha ag an gComhairle le sainordú mhisean sibhialtach an Aontais (preaseisiúint, an 21 Bealtaine 2025)
- Misean comhpháirtíochta an Aontais i bPoblacht na Moldóive (suíomh gréasáin)
An tSaoráid Eorpach Síochána
Idir 2021 agus 2025, chuir an tAontas maoiniú €197 milliún ar fáil tríd an tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le nuachóiriú agus le héifeachtacht oibríochtúil fhórsaí armtha na Moldóive. Mar thoradh air sin, is í an Mholdóiv an dara tairbhí is mó de chúnamh ón tSaoráid Eorpach Síochána tar éis na hÚcráine.
Tacaíocht i ndiaidh fhogha mhíleata na Rúise faoin Úcráin
Cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta
Ó chuir an Rúis cogadh ar an Úcráin, tá 1.8 milliún duine, agus tuilleadh, tar éis dul isteach sa Mholdóiv ar a dteitheadh ón gcogadh, agus tá 127 000 dídeanaí ón Úcráin fós á n-óstáil sa Mholdóiv. Idir 2022 agus 2025, leithdháil an tAontas €84 mhilliún i gcúnamh daonnúil don Mholdóiv.
Ghníomhachtaigh an Mholdóiv sásra an Aontais um chosaint shibhialta chun tacú le muintir na hÚcráine atá ag teacht isteach sa Mholdóiv. Chuir Ballstáit an Aontais cineálacha éagsúla cúnaimh ar fáil don Mholdóiv, fothain, fearais sláinteachais agus gineadóirí cumhachta san áireamh.
Bainistiú teorainneacha
Shínigh an tAontas comhaontú stádais leis an Moldóiv maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag Frontex. Leis an gcomhaontú, cuirtear ar chumas Frontex foirne a imscaradh chun cabhrú le húdaráis na Moldóive tabhairt faoi chúraimí bainistithe teorainneacha, mar shampla, clárú agus seiceálacha teorann.
Léirscaoileadh sealadach trádála
In 2022, ghlac an Chomhairle rialachán lena léirscaoiltear go sealadach an trádáil i ndáil le seacht gcinn de tháirgí talmhaíochta de chuid na Moldóive nach bhfuil léirscaoilte go hiomlán go fóill: trátaí, gairleog, fíonchaora boird, úlla, silíní, plumaí agus sú fíonchaor. Cuireadh síneadh leis an mbeart sin go deireanach go dtí an 24 Meitheamh 2024, agus dá thairbhe bhí an Mholdóiv in ann líon na n-onnmhairí de na táirgí sin chuig an Aontas a mhéadú faoi dhó ar a laghad gan aon taraifí.
An 18 Meán Fómhair 2025, chinn an Chomhairle rochtain ar an margadh a mhéadú do na seacht dtáirge sin. Tá sé mar aidhm anois aistriú ó chóras sealadach go socrú fadtéarmach a thugann isteach cobhsaíocht eacnamaíoch agus a chuireann borradh faoi shreafaí trádala, agus earnálacha íogaire feirme de chuid an Aontais á gcosaint san am céanna.
Áireofar sa chomhaontú sin coimircí láidre i gcoinne saobhadh margaidh. Tá rochtain ar an margadh coinníollach agus bunófar í ar an ailíniú a bheidh á dhéanamh de réir a chéile ag an Moldóiv le caighdeáin agraibhia shonracha an Aontais faoi 2027.
- An Mholdóiv: bearta déanta ag an Aontas chun deireadh a chur le dleachtanna custaim i gcás seacht dtáirge talmhaíochta (preaseisiúint an 18 Meán Fómhair 2025)
- An Úcráin agus an Mholdóiv: athnuachan bhearta trádála uathrialacha an Aontais formheasta ag an gComhairle (preaseisiúint, an 13 Bealtaine 2024)
Fuinneamh
Rinneadh eangacha leictreachais na hÚcráine agus na Moldóive a shioncrónú le heangach mhór-roinn na hEorpa, an 16 Márta 2022.
Smachtbhannaí mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí lena ndéantar an Mholdóiv a dhíchobhsú
An 28 Aibreán 2023, ghlac an Chomhairle creat dlí nua le haghaidh bearta sriantacha spriocdhírithe, a chuireann ar chumas an Aontais smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den mhéid seo a leanas nó ar bagairt iad orthu nó as na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme:
- ceannasacht agus neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive
- daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil na tíre
Is ar iarraidh ó Phoblacht na Moldóive a glacadh an creat dlí seo le haghaidh bearta sriantacha spriocdhírithe.
Faoin réim smachtbhannaí seo, beidh an tAontas in ann díriú ar dhaoine aonair a chuireann bac ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach nó a bhaineann an bonn den phróiseas sin (mar shampla, reáchtáil na dtoghchán) nó ar dhaoine aonair a fhéachann leis an ord bunreachtúil a threascairt, trí ghníomhartha foréigin. D’fhéadfadh tuilleadh bearta sriantacha a fhorchur ar dhaoine a bhíonn i mbun mí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil.
Tá feidhm ag an gcóras smachtbhannaí maidir le 29 dhuine aonair agus cúig eintiteas agus cuireadh síneadh leis go deireanach go dtí an 29 Aibreán 2027.
Is éard atá i gceist leis na smachtbhannaí reo sócmhainní, toirmeasc ar chistí a chur ar fáil do na daoine aonair agus na heintitis atá faoi smachtbhannaí, agus toirmeasc ar thaisteal chuig an Aontas i gcás na ndaoine nádúrtha atá faoi smachtbhannaí.
Tá méadú suntasach tagtha ar iarrachtaí chun Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, agus is bagairt dhíreach iad ar chobhsaíocht agus ar shlándáil theorainneacha seachtracha an Aontais.
Doiciméid ghaolmhara agus foilseacháin ghaolmhara
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Iúil 2026