- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Ráiteas agus barúlacha
- 6 Deireadh Fómhair 2025 15:33
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine
An 22 Meán Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/1932 ón gComhairle1.
Leis an gCinneadh ón gComhairle, cuireadh síneadh le cur i bhfeidhm na mbeart sriantach atá ann cheana go dtí an 10 Deireadh Fómhair 2026.
Tá an Airméin, an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, Poblacht na Moldóive, an tSeirbia, an tSeoirsia agus an Úcráin ag seasamh leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.
Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.
1 IO L, 2025/1932, 23.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1932/oj.
Teagmhálaithe preasa
-
Anouar El Anouni Spokesperson
- +32 2 291 35 80
- +32 229-13580
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Samhain 2025