Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Ráiteas agus barúlacha
  • 7 Deireadh Fómhair 2025 11:23

Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh leis an gCinneadh ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

An 12 Meán Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/18951

Chinn an Chomhairle gur cheart Cinneadh 2014/145/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile agus gur cheart an fhaisnéis a bhaineann le 142 dhuine aonair agus 134 eintiteas a thabhairt cothrom le dáta. Ina theannta sin, ba cheart na hiontrálacha le haghaidh duine éagtha amháin agus le haghaidh duine amháin eile a scriosadh ón Iarscríbhinn sin.

Seasann an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, Poblacht na Moldóive, agus an Úcráin leis an gCinneadh seo ón gComhairle.

Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.

Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.


1 IO L, 2025/1895, 15.9.2025, ELI:http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1895/oj.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Deireadh Fómhair 2025