Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Ráiteas agus barúlacha
  • 29 Deireadh Fómhair 2025 11:28

Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach

An 13 Deireadh Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/20721 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach.

Leis an gCinneadh ón gComhairle, cinneadh gur cheart síneadh a chur, go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2026, leis na bearta a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 den Chinneadh sin a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

Seasann an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, Poblacht na Moldóive, an tSeoirsia agus an Úcráin leis an gCinneadh seo ón gComhairle.

Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.

Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.


1IO L, 2025/2072, 14.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/ec/2025/2072/oj.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Samhain 2025