Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 11 Samhain 2025 09:15

Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al‑Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo

An 27 Deireadh Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/22071.

Leis an gCinneadh, leathnaítear na bearta sriantacha ar dhaoine, ar ghrúpaí, ar ghnóthais agus ar eintitis a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693, go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026.

Seasann an Albáin, an Airméin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Íoslainn, Lichtinstéin, Poblacht na Moldóive, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia agus an Úcráin leis an gCinneadh seo ón gComhairle.

Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.

Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.


1 IO L, 2025/514, 28.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2207/oj.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Samhain 2025