Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 11 Samhain 2025 09:25

Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldáive

An 27 Deireadh Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/22111.

Leis an gCinneadh sin, cuireadh síneadh ama le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026.

Tá an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Íoslainn, an Iorua, Lichtinstéin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an tSeoirsia agus an Úcráin ag seasamh leis an gCinneadh sin ón gComhairle.

Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.

Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.


1 IO L, 2025/2211, 28.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2211/oj

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Samhain 2025