Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Ráiteas agus barúlacha
  • 22 Nollaig 2025 10:46

Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

An 8 Nollaig 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/25071.

Leis an gCinneadh ón gComhairle, cuirtear síneadh le cur i bhfeidhm na mbeart sriantach atá ann cheana go dtí an 12 Nollaig 2026 agus, bunaithe ar fhaisnéis nuashonraithe, rinneadh na hiontrálacha a bhaineann le daoine áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES a leasú agus iontráil a bhaineann le duine amháin a scriosadh.

Seasann an Airméin, an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, Poblacht na Moldóive, an tSeirbia, an tSeoirsia agus an Úcráin leis an gCinneadh seo ón gComhairle.

Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.

Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.


1 IO L, 2025/2507, 09.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2507/oj.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Eanáir 2026