Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
30 Meitheamh 2026
29 Meitheamh 2026
- Treochlár comhaontaithe ag an gComhairle don chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint go dtí 2030
D’fhormheas an Chomhairle an rún maidir leis an dara timthriall den chreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint faoi réir an Limistéir Eorpaigh Oideachais (2026-2030), ina leagtar amach an clár oibre le haghaidh comhar ar leibhéal an Aontais i réimsí an oideachais agus na hoiliúna sna 5 bliana amach romhainn.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2026/1363 ón gComhairle an 15 Meitheamh 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/1484 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2026/1351 ón gComhairle an 15 Meitheamh 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise.
- Aird tarraingthe ag an gComhairle ar an ngné dhéimeagrafach de ghéarchéim tithíochta na hEorpa
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí lena n-iarrtar ar na Ballstáit an t-idirghníomhú idir na riachtanais tithíochta agus treochtaí déimeagrafacha a chur san áireamh agus beartais tithíochta á bhforbairt acu.
- An tUachtarán Costa ag taisteal go hÉirinn agus go dtí an Fhrainc
Rachaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, go Baile Átha Cliath (1 Iúil) le haghaidh shearmanas oscailte Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus go Aix-en-Provence (2-3 Iúil) chun páirt a ghlacadh sna ‘Rencontres Économiques’. An 4 Iúil, tabharfaidh an tUachtarán Costa cuairt ar Marseille, Avignon agus ar Cheanncheathrú ITER in Saint Paul-lez-Durance.
- An ciste taighde um ghual agus cruach: formheas deiridh tugtha ag an gComhairle
An pacáiste chun athchóiriú a dhéanamh ar an gciste taighde um ghual agus cruach formheasta ag an gComhairle
- Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh: ionchúisitheoirí nua ceaptha ag an gComhairle don Fhrainc agus do Mhálta
Tá beirt ionchúisitheoirí nua d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ceaptha ag an gComhairle. Déanfaidh na hionchúisitheoirí Eorpacha maoirseacht ar imscrúduithe agus ionchúisimh agus is iad, i gcomhar leis an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach, Coláiste OIPE.
- CAI 2028-2034: tacaíonn an Chomhairle le rialacha níos simplí agus níos éifeachtúla maidir le cistí comhtháthaithe
Tháinig an Chomhairle ar sheasaimh maidir leis na codanna a bhaineann le comhtháthú den chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais (CAI): an rialachán maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an rialachán maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa.
- An intleacht shaorga: cead tugtha ag an gComhairle na rialacha a shimpliú agus a chuíchóiriú
Rialachán nua lena ndírítear ar rialacha áirithe maidir leis an intleacht shaorga a chuíchóiriú agus a shimpliú ceadaithe ag an gComhairle.
- Falscaithe: moladh glactha ag an gComhairle chun ullmhacht a neartú agus cosc a fheabhsú
Ghlac an Chomhairle moltaí maidir le bainistiú comhtháite ar riosca falscaithe chun cabhrú leis na Ballstáit falscaithe a chosc, ullmhú dóibh, freagairt dóibh agus téarnamh uathu ar bhealach níos fearr.
- Council greenlights rules for a more circular automotive sector
The Council formally adopted the regulation concerning circularity requirements for vehicle design and the management of end-of-life vehicles.
- Cead deiridh tugtha ag an gComhairle chun seasamh na bhfeirmeoirí i slabhra an tsoláthair bia a neartú
Rialacha nua glactha ag an gComhairle chun feabhas a chur ar sheasamh na bhfeirmeoirí i slabhra soláthair bia an Aontais, lena gcinnteofar go bhfaighidh siad sciar níos cothroime luacha trína gcumhacht chaibidlíochta a neartú.
- Spásanna níos sábháilte ar líne do chailíní: gníomhaíocht níos láidre i gcoinne an chibearfhoréigin iarrtha ag an gComhairle
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí lena n-iarrtar ar thíortha an Aontais agus ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcosaint a thugtar do chailíní agus do mhná óga sa réimse digiteach.
26 Meitheamh 2026
- Weekly schedule of President António Costa
Weekly schedule of President António Costa, 29 June - 5 July 2026.
- Háítí: síneadh curtha le bearta sriantacha an Aontais go dtí mí Iúil 2027
Rinne an Chomhairle athnuachan go ceann bliana, go dtí an 29 Iúil 2027, ar chreat an Aontais le haghaidh bearta sriantacha ina gcoinne siúd atá freagrach as síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Háítí a chur i mbaol agus as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta sa tír.
- Press remarks by Eurogroup President Kyriakos Pierrakakis following his meeting with Hungarian Prime Minister Magyar and Hungarian Finance Minister Kármán
Remarks by Eurogroup President Kyriakos Pierrakakis following his meeting with Hungarian Prime Minister Magyar and Hungarian Finance Minister Kármán on Hungary’s commitment to European cooperation and economic integration.
- An tSaoráid Eorpach Síochána: beart cúnaimh glactha ag an gComhairle chun tacú le Fórsaí Armtha Thóga
Ghlac an Chomhairle an dara beart cúnaimh, ar fiú €5 mhilliún é, chun tacú le cabhlach Thóga faoin tSaoráid Eorpach Síochána.
- CAI 2028-2034: seasamh páirteach comhaontaithe ag an gComhairle maidir le creat nua chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bhuiséad an Aontais
Tháinig an Chomhairle ar shainordú caibidlíochta páirteach maidir le creat nua rianaithe caiteachais agus feidhmíochta buiséid don chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais.
- An Pacáiste um na hEangacha Eorpacha: Tacaíocht tugtha ag an gComhairle don ghréasán fuinnimh nuachóirithe le haghaidh dícharbónú
Chomhaontaigh na Ballstáit seasamh caibidlíochta na Comhairle maidir leis an bpacáiste um na heangacha Eorpacha, ina bhfuil athbhreithniú ar an rialachán maidir leis an mbonneagar tras-Eorpach fuinnimh (GTE-F) agus treoir maidir le ceadú.