<em>Working party on public international law (COJUR) report on the EU guidelines on promoting compliance with international humanitarian law </em>[Tuarascáil ón Meitheal um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) i ndáil le treoirlínte an Aontais maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn] - Meitheamh 2019
Cloch choirnéil dlí idirnáisiúnta na linne seo é an dlí daonnúil idirnáisiúnta (DDI), lena bhféachtar le héifeachtaí na coinbhleachta armtha a theorannú agus le sibhialtaigh agus daoine eile nach bhfuil páirteach i gcogaíocht a chosaint. Le treoirlínte seo an Aontais cuirtear i dtreis a thiomanta atá an tAontas do chomhlíonadh DDI a chur chun cinn agus leagtar amach na príomhuirlisí atá ar fáil aige chuige sin. D'ullmhaigh Meitheal na Comhairle um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) an dara tuarascáil bhliantúil seo maidir leis an ngníomhaíocht a rinne an tAontas Eorpach chun na treoirlínte a chur chun feidhme. Is ó Iúil 2017 go Nollaig 2018 an tréimhse thagartha atá i gceist. Beidh sí ar fáil i mBéarla agus i bhFraincis.
Sa chomhthéacs sin, tá an tuarascáil ar chur chun feidhme gealltanas a thíolaic an tAontas agus Foireann Mhíleata an Aontais ag an 32ú seisiún de Chomhdháil Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg ar fáil ar líne:
2019, 82 Leathanaigh, Leabhair faoi chlúdach bog