An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a thuiscint
Conas a oibríonn an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta? Cé hiad na príomhghníomhaithe atá páirteach? Cad ba chúis leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais agus conas a réitíodh í? Soláthraítear sa leabhrán seo faisnéis faoin Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, feidhmiú an aontais sin agus an fhreagairt don ghéarchéim eacnamaíoch. Sainmhínítear sa leabhrán na huirlisí a úsáideadh chun an ghéarchéim a réiteach agus chun nach dtarlóidh a leithéid amach anseo: comhordú beartais eacnamaíoch, cobhsaíocht airgeadais le sásraí maoirseachta agus réitigh, agus sásraí cobhsaíochta chun tacú le tíortha atá sa limistéar euro a mbíonn deacrachtaí acu.
Tá an leabhrán le fáil i 24 theanga de chuid an Aontais.