Skip to content

Inrochtaineacht ar tháirgí agus seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta

Le comhchaighdeáin inrochtaineachta, cinntítear gur fusa táirgí agus seirbhísí a úsáid san Aontas, go háirithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas.

An fáth a bhfuil rialacha ag an Aontas maidir le ceanglais inrochtaineachta

Tá sé d’aidhm ag an Aontas go mbeadh táirgí agus seirbhísí áirithe níos inrochtana do dhaoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas agus, san am céanna, prionsabal na córa comhionainne a urramú.

Trí fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú maidir le táirgí agus seirbhísí inrochtana ar leith, fóntar do riachtanais na dtomhaltóirí sin agus do riachtanais an tionscail araon. A bhuí le timpeallacht ina mbíonn táirgí agus seirbhísí níos inrochtana, is féidir cur leis an iarracht saoránaigh a chuimsiú sa tsochaí agus a rannpháirtíocht inti a mhéadú.

Faoi láthair, tá na ceanglais náisiúnta inrochtaineachta a bhaineann le táirgí agus seirbhísí sonracha éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, rud is cúis le hilroinnt an mhargaidh aonair.

Tá éileamh mór ar tháirgí agus seirbhísí inrochtana cheana féin agus méadófar líon na saoránach atá faoi mhíchumas nó a bhfuil teorannú cumais acu go suntasach agus daonra an Aontais Eorpaigh ag dul in aois.

Chun comhchaighdeáin inrochtaineachta a bhunú, ghlac an tAontas an dá threoir seo a leanas:

  • an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta (2019), lena sainítear íoscheanglais inrochtaineachta do tháirgí agus seirbhísí príomha
  • Treoir na hearnála poiblí maidir le hInrochtaineacht Gréasáin (2016), lena sainítear caighdeáin chun go mbeadh táirgí agus seirbhísí digiteacha níos inrochtana do gach úsáideoir
Grianghraif de thriúr: fear dall agus madra, bean i gcathaoir rotha agus buachaill a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta aige a bhfuil taca á úsáid aige.
Míchumas san Aontas: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

Míchumas san Aontas: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

Inrochtaineacht ar tháirgí agus seirbhísí

Cuimsíonn an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachtaceanglais inrochtaineachta do tháirgí agus seirbhísí príomha, mar shampla:

  • fóin, ríomhairí, teirminéil íocaíochta nó teirminéil féinseirbhíse chun ticéid iompair paisinéirí a cheannach
  • seirbhísí baincéireachta tomhaltóirí
  • seirbhísí cumarsáide leictreonacha, lena n-áirítear, mar shampla, seirbhísí fóin agus idirlín
  • glaonna ar an uimhir éigeandála 112
  • rochtain ar sheirbhísí na meán closamhairc
  • ríomhleabhair
  • ríomhthráchtáil

Glacadh an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta (Treoir 2019/882) in 2019. Ní hamháin go mbeidh na rialacha nua chun leas na milliúin Eorpach atá faoi mhíchumas ach rachaidh siad chun leas daoine scothaosta san Aontas chomh maith.

Táirgí

Ní mór do tháirgí na nithe seo a leanas a urramú:

  • ceanglais inrochtaineachta chomhchoiteanna maidir le comhéadan úsáideora agus dearadh feidhmiúlachta na dtáirgí
  • ceanglais inrochtaineachta níos sonraí i gcás trealamh áirithe leictreonach tomhaltóirí
  • ba cheart pacáistiú, treoracha suiteála agus faisnéis eile faoi tháirgí maidir le táirgí tomhaltais a bheith inrochtana freisin

Seirbhísí

Áirítear sa treoir freisin ceanglais a bhaineann go sonrach le roinnt seirbhísí:

  • ceanglais chomhchoiteanna, go háirithe maidir le leathanaigh ghréasáin
  • ba cheart seirbhísí tacaíochta a bheith inrochtana freisin

Seo a leanas samplaí de cheanglais shonracha inrochtaineachta i gcás teirminéil fhéinseirbhíse:

  • i gcás meaisíní ticéad agus uathmheaisíní bainc (UMBanna), caithfear an deis a chur ar fáil cluasáin phearsanta a úsáid chun go mbeidh daoine faoi lagamharc in ann treoracha fuaime a leanúint
  • i gcás teirminéal féinseirbhíse, má chuirtear ar fáil modhanna amhairc oibríochta, soláthrófar modh oibríochta amháin ar a laghad nach gá don úsáideoir dathanna a bhrath lena úsáid

Na rialacha a chur i bhfeidhm

Treoir atá san Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta, rud a chiallaíonn go leagtar síos inti spriocanna ceangailteacha inrochtaineachta ach fágann sí faoi na Ballstáit aonair cinneadh a dhéanamh conas is mian leo iad a bhaint amach.

Tá go dtí mí an Mheithimh 2025 ag tíortha an Aontais treoirlínte na treorach a chur san áireamh ina reachtaíocht náisiúnta.

Tá an tAontas tar éis roinnt eisceachtaí a cheadú freisin. Mar shampla, díolmhaítear ón treoir micrifhiontair – fiontair ina bhfuil níos lú ná deichniúr fostaithe agus láimhdeachas bliantúil faoi bhun €2 mhilliún acu – a sholáthraíonn seirbhísí agus díolmhófar micrifhiontair a sholáthraíonn táirgí ó roinnt oibleagáidí.

Na bearta atá á ndéanamh ag an Aontas chun táirgí agus seirbhísí a dhéanamh níos inrochtana do shaoránaigh den Aontas agus an tábhacht atá ag baint leis na bearta sin.
Táirgí agus seirbhísí níos inrochtana do shaoránaigh den Aontas (Grafaic faisnéise)

Táirgí agus seirbhísí níos inrochtana do shaoránaigh den Aontas (Grafaic faisnéise)

Inrochtaineacht gréasáin agus aipeanna

Le Treoir na hearnála poiblí maidir le hInrochtaineacht Gréasáin (2016/2102), bunaíodh caighdeáin chun go mbeadh táirgí agus seirbhísí digiteacha níos inrochtana do gach úsáideoir. Cuireadh sásra faireacháin ar bun léi freisin agus, ina theannta sin, tugadh isteach seiceáil chomhréireachta.

Baineann na heilimintí nua sin le suíomhanna gréasáin agus aipeanna eagraíochtaí riaracháin, ospidéal poiblí agus cúirteanna, mar aon le comhlachtaí poiblí eile.

Ar bhonn praiticiúil, ciallaíonn sé sin, mura bhfuil rochtain ar ábhar, gur féidir le húsáideoirí faisnéis ar leith a iarraidh agus ní bheidh le déanamh acu chun saincheisteanna comhlíontachta a thuairisciú ach cliceáil ar nasc aiseolais.

Tháinig an treoir i bhfeidhm i mí na Nollag 2016.

Sa Chomhairle

Tar éis don Choimisiún a thogra a thíolacadh i mí na Nollag 2015, scrúdaigh Meitheal um Cheisteanna Sóisialta na Comhairle an téacs go mion.

Chuir Uachtaránacht na Slóvaice an plé faoin treoir chun tosaigh agus ghlac sí cur chuige céim ar chéim i modhnú an téacs, ag díriú go háirithe ar na nithe seo a leanas:

  • an raon feidhme a shoiléiriú
  • soiléireacht dhlíthiúil an téacs a fheabhsú
  • aon fhorluí nó coinbhleacht a d'fhéadfadh a bheith ann le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana a sheachaint

Le linn an phlé a rinneadh, ar an leibhéal teicniúil agus ar an leibhéal polaitiúil araon, d'ullmhaigh Uachtaránacht Mhálta moltaí dréachtaithe chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na hábhair imní a léirigh na toscaireachtaí; ina measc siúd, ba ghá na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • díriú ar tháirgí agus seirbhísí roghnaithe
  • gan ceanglais inrochtaineachta nua a shocrú, i gcás ina bhfuil reachtaíocht leagtha amach ag an Aontas Eorpach cheana féin faoi cheanglais inrochtaineachta
  • a chomhaontú an struchtúr céanna faoi mar a bhí molta ag an gCoimisiún a choimeád
  • tuilleadh soiléireachta a sholáthar maidir leis na gnéithe ba cheart a áireamh sa Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc agus maidir leis na gnéithe ba cheart a áireamh san ionstraim inrochtaineachta
  • marcáil ar leith maidir leis an inrochtaineacht a fhágáil ar lár ar eagla go mbeadh ualaí riaracháin agus airgeadais ann dá bharr

Rinne an Uachtaránacht céim mhór i dtreo seasamh ón gComhairle maidir leis an treoir.

Le linn Uachtaránacht na hEastóine agus tar éis dianphlé agus athdhréachtú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hinrochtaineacht, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh ina leith (cur chuige ginearálta). Agus an plé sin ar siúl, chuir na toscaireachtaí a gcuid barúlacha in iúl maidir le réimse leathan an togra, mar aon leis na naisc iomadúla le reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus na bearnaí sa mheasúnú tionchair.

Réitíodh na saincheisteanna polaitiúla ba thábhachtaí le linn an chruinnithe thríthaobhaigh deiridh, an raon feidhme i réimsí mar a leanas go háirithe:

  • an t-iompar agus an turasóireacht
  • an chóiríocht
  • seirbhísí bia
  • an timpeallacht thógtha
  • gníomhartha AE gaolmhara
  • micrifhiontair

Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa i mí an Mhárta 2018 agus, ag deireadh na caibidlíochta sin, thángthas ar chomhaontú sealadach i mí na Samhna 2018.

D'fhormheas Coiste na mBuanionadaithe sa Chomhairle (Coreper) an comhaontú sealadach ar an 19 Nollaig 2018.

Ghlac an Chomhairle an Ionstraim Inrochtaineachta ar an 9 Aibreán 2019, tar éis don Pharlaimint a seasamh a ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019.

Tháinig an Treoir i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2019.

Beartas maidir le hinrochtaineacht shuíomh gréasáin na Comhairle

Is suíomh gréasáin poiblí é an suíomh gréasáin seo freisin, agus féachann Ardrúnaíocht na Comhairle lena chinntiú go bhfuil sé soláimhsithe. Tá sé sin i gcomhréir leis an Treoir ón Aontas maidir le hinrochtaineacht gréasáin (2016).

Leis an inrochtaineacht gréasáin, féachtar le rochtain agus tuiscint a bheith ag an bpobal i gcoitinne ar théacsanna, íomhánna, foirmeacha agus nascleanúint gréasáin.

Ionas gur féidir critéir inrochtaineachta gréasáin a chomhlíonadh, ar critéir iad a bhíonn ag athrú i gcónaí, cuirtear leis an inrochtaineacht gréasáin na gnéithe seo a leanas san áireamh:

  • 'alt clibeanna' – cur síos ar íomhánna a chuidíonn le húsáideoirí a oibríonn le léitheoirí scáileáin a thuiscint cad atá i gceist leis na pictiúir sin
  • an chodarsnacht idir téacs agus cúlra – a athraítear chun go mbeidh an téacs inléite
  • nascleanúint – tá nascleanúint eochairfhocail amháin le fáil d'úsáideoirí ag a bhfuil deacracht luchóg a úsáid

Táimid ag obair go gníomhach chun inrochtaineacht agus inúsáidteacht ár suímh gréasáin a mhéadú. Tuilleadh faisnéise:

An t-athbhreithniú deireanach: an 26 Meitheamh 2025