Skip to content

Tabhair cuairt ar Thaispeántas Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Taispeántais Shoghluaiste na Comhairle

Ar mhaith leat léargas a fháil ar ról na Comhairle agus na hUachtaránachta ach níl tú in ann cuairt a thabhairt orainn sa Bhruiséil? Tabhair cuairt más ea ar thaispeántas soghluaiste spreagúil na Comhairle a bhíonn ar siúl i dtíortha ar fud an Aontais.

Leis an taithí uathúil seo, féadfaidh tú tuilleadh a fhoghlaim faoi ról na Comhairle agus na rialtas náisiúnta i gcinnteoireacht na hEorpa, feicfidh tú a bhfuil i gceist leis an mórthionscadal Eorpach a stiúradh.

An méid a fheicfidh tú

Tá struchtúr ár dtaispeántais cosúil le cruth na seomraí cruinnithe in áras Europa na Comhairle, mar a dtagann ceannairí na 27 mBallstát le chéile.

Ar na painéil, tá teachtaireachtaí le feiceáil ina bhfuil go leor eolais ar fáil, atá deartha ar bhealach mealltach, mar aon le híomhánna suaithinseacha agus téacsanna gearra, ina mínítear tionchar chinntí na Comhairle ar an saol laethúil.

Taispeántar an t-ábhar i dteanga amháin nó níos mó, ag brath ar an taispeántas ar a dtugann tú cuairt.

Cá mbeimid?

Féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar thaispeántas soghluaiste na Comhairle ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2026 i Niocóis na Cipire.

Taispeántas na Comhairle sa Niocóis.
Taispeántas na Comhairle sa Niocóis

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Iúil 2026