Skip to content

Doiciméad a iarraidh

Mura bhfuil an doiciméad atá á lorg agat ar fáil sa chlár poiblí, is féidir é a iarraidh trí dhul i dteagmháil le hArdrúnaíocht na Comhairle.

Is féidir rochtain ar dhoiciméad a iarraidh tríd an bpost freisin:

Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
DG COMM - Transparency
Rue de la Loi/Wetstraat 175
B-1048 Bruxelles/Brussel

Chun rochtain a fháil ar dhoiciméid na Comhairle
Chun teacht ar dhoiciméid na Comhairle (Grafaic faisnéise)

Chun teacht ar dhoiciméid na Comhairle (Grafaic faisnéise)

Cathain a gheobhaidh mé freagra?

Gheobhaidh tú freagra laistigh de 15 lá oibre. I gcásanna eisceachtúla, féadfar an teorainn ama a shíneadh go ceann 15 lá oibre eile.

Mura gceadaítear an rochtain, tá 15 lá agat le hiarraidh ar an gComhairle athmhachnamh a dhéanamh faoina cinneadh.

Má dhiúltaítear don iarraidh sin, is féidir gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh nó caingean a thionscnamh sa Chúirt Ghinearálta.

Féach freisin

An bhfuil cúnamh teicniúil uait?

Má tá fadhb theicniúil agat maidir le rochtain ar an gclár poiblí, seol rphost chugainn.

Fiosrúcháin ghinearálta

Má tá faisnéis uait faoin gComhairle agus faoina cuid gníomhaíochtaí, tá an tseirbhís um fhaisnéis don phobal réidh chun cabhrú leat.

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024