Doiciméid reachtacha ullmhúcháin: 1999 i leith
A bhfuil le fáil sa chlár doiciméad
Dréachtaítear doiciméid ullmhúcháin nuair a phléann meithleacha na Comhairle dréachtreachtaíocht. Sa chlár seo is féidir teacht ar dhoiciméid reachtacha ullmhúcháin a foilsíodh tar éis an 1 Eanáir 1999. Má tá suim agat i ndoiciméid ullmhúcháin a foilsíodh roimh 1999, téigh chuig an rannóg "cartlanna" den suíomh gréasáin seo.
Chun doiciméid ullmhúcháin a aimsiú sa chlár
Is é an cód idirinstitiúideach uathúil céanna, a shainíonn an Coimisiún Eorpach, a bhíonn ag na doiciméid ullmhúcháin uile a bhaineann le togra ar leith atá faoi chaibidil sa Chomhairle.
Má tá doiciméad agat a bhaineann le dréachtghníomh reachtach a bhfuil suim agat ann, féadfaidh tú teacht ar an gcód idirinstitiúideach ar an gcéad leathanach den doiciméad i mbosca sa choirnéal uachtarach ar chlé. Nuair a chuireann tú an cód sin isteach sa réimse "Comhad Idirinstitiúideach", gheobhaidh tú liosta de na doiciméid uile atá sa chlár a bhaineann leis an ngníomh sin.
Mura bhfuil doiciméad agat, féadfaidh tú an réimse "Focail in Ábhar" a úsáid chun cód idirinstitiúideach an dréachtghnímh reachtaigh a bhfuil spéis agat ann a aimsiú. Cuir isteach eochairfhocail an ábhair den dréachtghníomh reachtach agus taispeánfar liosta doiciméad. Cliceáil ar an uimhir thagartha i gcló trom a bhaineann le ceann de na doiciméid ST chun teacht ar an leathanach eolais faoin doiciméad. Beidh an uimhir idirinstitiúideach le feiceáil go soiléir ar an leathanach sin.
An cód idirinstitiúideach uathúil
An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Eanáir 2024