An Cruinniú Mullaigh Euro
Ról an Chruinnithe Mullaigh Euro
Cruinniú de Bhallstáit an limistéir euro is ea an Cruinniú Mullaigh Euro. Is é is aidhm dó treoir a chur ar fáil maidir le beartais chun a chinntiú go bhfeidhmeoidh an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta ar bhealach rianúil. Cabhraíonn sé sin leis na réimsí beartais ábhartha idir na Ballstáit sa limistéar euro a chomhordú.
Le plé rialta faoi fhreagrachtaí ar leith a bhaineann le ballraíocht sa limistéar euro, ceadaítear chomh maith do thíortha an limistéir euro aird níos mó a thabhairt ar ghné an limistéir euro féin nuair a bhíonn a mbeartais náisiúnta á gceapadh acu.
De bhrí go bhfuil tábhacht pholaitiúil agus eacnamaíoch ag baint le saincheisteanna an limistéir euro do thíortha uile an Aontais Eorpaigh, pléitear go rialta ag cruinnithe na Comhairle Eorpaí iad freisin.
Cruinnithe
Tionóltar an Cruinniú Mullaigh Euro dhá uair sa bhliain ar a laghad. Is i gcomhar le cruinnithe na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil a thionóltar iad de ghnáth.
Leagtar síos na socruithe do na cruinnithe mullaigh sa Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, agus sna rialacha nós imeachta, a glacadh an 14 Márta2013.
Comhaltaí
Is iad na ceannairí stáit nó rialtais ó thíortha an limistéir euro, Uachtarán an Chruinnithe Mullaigh Euro agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh na comhaltaí a fhreastalaíonn ar an gCruinniú Mullaigh Euro. Chomh maith leis sin:
- tugtar cuireadh d’Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh a bheith i láthair
- féadfar cuireadh a thabhairt d’Uachtarán an Ghrúpa Euro a bheith i láthair, ós rud é go bhfuil freagracht ar an nGrúpa Euro as na cruinnithe mullaigh a ullmhú agus as na bearta leantacha a dhéantar ina ndiaidh
- féadfar iarraidh freisin ar Uachtarán Pharlaimint na hEorpa labhairt
I gcás inarb iomchuí, glacann ceannairí na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro ach a dhaingnigh an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas, páirt sna Cruinnithe Mullaigh, ar a laghad uair amháin sa bhliain.
An tUachtarán
Is iad ceannairí an limistéir euro a cheapann Uachtarán Chruinniú Mullaigh an Euro trí thromlach simplí, ag an am céanna a thoghann an Chomhairle Eorpach a hUachtarán agus le haghaidh an téarma oifige céanna, arb ionann é agus 2.5 bliain agus is féidir an tréimhse sin a athnuachan uair amháin. Go dtí seo, bhí an duine céanna ina uachtarán ar an gCruinniú Mullaigh Euro agus ina uachtarán ar an gComhairle Eorpach. Faoi láthair, is ag António Costa atá an teideal.
Tá Uachtarán an Chruinnithe Mullaigh Euro freagrach as na cruinnithe mullaigh a thionól, as bheith i gceannas orthu agus as iad a stiúradh. Pléann sé nó sí freisin cúrsaí an limistéir euro le hUachtarán an Choimisiúin agus le hUachtarán an Ghrúpa Euro.
Tuairiscíonn uachtarán an Chruinnithe Mullaigh Euro do Pharlaimint na hEorpa tar éis gach cruinniú mullaigh. Cuireann sé nó sí gach Ballstát nach bhfuil sa limistéar euro ar an eolas freisin faoi ullmhú agus faoi thoradh na gcruinnithe mullaigh.
Stair
Tháinig ceannairí an limistéir euro le chéile i bhformáid an Chruinnithe Mullaigh Euro den chéad uair an 12 Deireadh Fómhair 2008 i bPáras, áit ar tháinig siad ar chomhaontú faoi ghníomhaíochtaí comhbheartaithe mar fhreagairt ar an ngéarchéim eacnamaíoch. Tionóladh tuilleadh cruinnithe mullaigh faoin bhformáid sin i mí na Bealtaine 2010, mí an Mhárta 2011, mí Iúil 2011 agus i mí Dheireadh Fómhair 2011 sa Bhruiséil. Sa bhliain 2012, rinneadh plé ar shaincheisteanna an limistéir euro ag cruinnithe den Chomhairle Eorpach go príomha.
Ar imeall an chruinnithe a bhí ag an gComhairle Eorpach an 1-2 Márta 2012, shínigh 25 cheannaire Eorpacha an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas. Chuir an Conradh sin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2013, an Cruinniú Mullaigh Euro ar bhonn foirmiúil.
Leagtar amach eagrú an Chruinniú Mullaigh Euro agus ról a uachtaráin in Airteagal 12 den Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.
Ba an 14 Márta 2013 a tionóladh an chéad Chruinniú Mullaigh Euro tar éis don Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas teacht i bhfeidhm.
Doiciméid
Tá fáil ar dhoiciméid agus ráitis a bhaineann leis na cruinnithe mullaigh Euro ó 2010-2014 tríd an nasc seo a leanas:
Doiciméid ghaolmhara agus foilseacháin ghaolmhara
An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Aibreán 2026