Skip to content
Page is loading

Amlíne: An Stair

Scannán: ‘Ó chadráil cois tine go húdar ceannais’

Scannán: ‘Ó chadráil cois tine go húdar ceannais’

Sa chlár faisnéise seo, caitear súil siar ar stair na Comhairle Eorpaí ón lá ar bunaíodh í go dtí an lá atá inniu ann. Léirítear ann garspriocanna tábhachtacha ó na blianta deireanacha a mhúnlaigh an chaoi a ndéanann ceannairí an Aontais cinntí.

Insítear an scéal trí shúile na ndaoine a chonaic claochlú na Comhairle Eorpaí go dtí an lárionad cinnteoireachta atá ann inniu.

Tuilleadh eolais faoi na himeachtaí agus na conarthaí lenar múnlaíodh ról na Comhairle Eorpaí, Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an Ghrúpa Euro agus an Chruinnithe Mullaigh Euro.

  • 1950

    Dearbhú Schuman

    D’fhógair Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, go gcruthófaí Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a bheadh faoi smacht ag Ard-Údarás comhchoiteann. Réitíodh an bealach don Aontas Eorpach, agus dhá chroíphrionsabal mar bhonn leis: an tsíocháin agus an dlúthpháirtíocht.

  • 1952

    23 Iúil

    Conradh Pháras

    Bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC) le Conradh Pháras, lenar cruthaíodh an cómhargadh do ghual agus cruach. Le bunú an chomhphobail, cruthaíodh muinín arís agus seachnaíodh teannas idir tíortha comharsanachta san Eoraip tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Ba é Conradh CEGC, a chuaigh in éag in 2002, an chéad chonradh bunaidh de chuid an Chomhphobail Eorpaigh.

    Síniú Chonradh Pháras an 18 Aibreán 1951
  • 1952

    8 Meán Fómhair

    An Chéad chruinniú de Chomhairle Speisialta Airí CEGC

    Tionóladh an chéad chruinniú de Chomhairle Speisialta na nAirí de chuid an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach i Lucsamburg, agus ba as sin a tháinig Comhairle an Aontais Eorpaigh.

  • 1958

    1 Eanáir

    Conarthaí na Róimhe

    Le Conarthaí na Róimhe, bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus an Comhphobal Eorpach d'Fhuinneamh Adamhach (Euratom). Tionóladh an chéad chruinniú de Chomhairle CEE an 25 Eanáir 1958 faoi chathaoirleacht Victor Larock, Aire Gnóthaí Eachtracha na Beilge.

  • 1965

    2 Iúil

    Géarchéim na cathaoireach foilmhe

    In 1965, d'fhógair an Fhrainc nach bhfreastalódh sí ar chruinnithe na Comhairle toisc nár aontaigh sí leis an gcaibidlíocht maidir le maoiniú an Chomhbheartais Talmhaíochta. Réitíodh an ghéarchéim ina dhiaidh sin a bhuíochas do chomhréiteach Lucsamburg 1966 faoinar cinneadh go gcuirfí vótáil aontoilíochta chun feidhme feasta agus leasanna móra i gceist.

    Chinn an Fhrainc gan freastal ar chruinnithe de chuid na Comhairle mar gheall ar easaontas faoi mhaoiniú an Chomhbheartais Talmhaíochta
  • 1967

    1 Iúil

    Na Conarthaí Cumaisc

    Leis an dá chonradh seo (1967 agus 1971), tugadh isteach Comhairle aonair, Coimisiún aonair agus buiséad aonair do na trí Chomhphobal (CEGC, Euratom agus CEE). Cuireadh Coreper ar bhonn foirmiúil mar chomhlacht ullmhúcháin den Chomhairle.

  • 1973

    1 Eanáir

    An chéad mhéadú

    Tháinig an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe isteach sna Comhphobail Eorpacha, agus leis sin bhí naoi mBallstát i gceist.

    Síníodh an Conradh i dtaobh Aontachas na Danmhairge, na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe leis an Aontas Eorpach
  • 1974

    9 Nollaig

    Cruthú na Comhairle Eorpaí

    Tar éis chruinniú mullaigh Chóbanhávan i mí na Nollag 1973, ina ndearnadh foráil do chruinnithe mullaigh a reáchtáil nuair ba ghá, cruthaíodh an Chomhairle Eorpach ag cruinniú mullaigh Pháras i mí na Nollag 1974. Ba é an tUachtarán Valéry Giscard d’Estaing a bhí ina óstach ar an gcruinniú sin. D'fhonn fóram neamhfhoirmiúil a bhunú le haghaidh plé idir Cinn Stáit nó Rialtais a cruthaíodh í.

  • 1975

    11 Márta

    An chéad chruinniú ag an gComhairle Eorpach

    Tháinig an Chomhairle Eorpach le chéile den chéad uair i mí an Mhárta 1975 i mBaile Átha Cliath.

    An chéad chruinniú den Chomhairle Eorpach i mBaile Átha Cliath, 11 Márta 1975
  • 1981

    1 Eanáir

    Tháinig an Ghréig isteach san Aontas Eorpach

    Bhain ballraíocht AE figiúir dhúbailte amach nuair a tháinig an Ghréig isteach sa chomhphobal.

  • 1985

    14 Meitheamh

    Comhaontú Schengen

    I Schengen (Lucsamburg), shínigh an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, Lucsamburg agus an Ísiltír Comhaontú Schengen maidir le rialuithe teorann a dhíothú.

    Le Comhaontú Schengen, bheadh daoine in ann taisteal, de réir a chéile, gan a bpas a sheiceáil ag teorainneacha inmheánacha. Is ina dhiaidh sin, in 1995, a tosaíodh ar Chomhaontú Schengen a chur chun feidhme.

  • 1985

    28-29 Meitheamh

    Bratach an Aontais glactha ag an gComhairle Eorpach

    Glacann an Chomhairle Eorpach an bhratach go foirmiúil mar lógó oifigiúil na gComhphobal Eorpach.

  • 1985

    2 Nollaig

    Comhairle Eorpach Lucsamburg

    Tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú polaitiúil, lenar réitíodh an bóthar chun go nglacfaí leis an Ionstraim Eorpach Aonair.

  • 1986

    1 Eanáir

    Tháinig an Spáinn agus an Phortaingéil isteach san Aontas Eorpach

    Tháinig an Spáinn agus an Phortaingéil isteach san Aontas, agus leis sin, tháinig méadú ar bhallraíocht na gComhphobal Eorpach go dtí 12.

    Tháinig an Spáinn agus an Phortaingéil isteach san Aontas an 1 Eanáir 1986
  • 1987

    1 Iúil

    An Ionstraim Eorpach Aonair

    Leis an Ionstraim Eorpach Aonair (IEA), bunaíodh an margadh inmheánach, lena ndearnadh foráil do shaorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil. Leis sin, seoladh comhar i ndáil le beartas eachtrach agus leathnaíodh úsáid na vótála trí thromlach cáilithe le haghaidh cinnteoireachta laistigh den Chomhairle.

    Leis an Ionstraim Eorpach Aonair, tugadh bunús dlí freisin don Chomhairle Eorpach, rud a chuir cruinnithe de Cheannairí Stáit nó Rialtais ar bhonn foirmiúil.

  • 1992

    11 Nollaig

    Seisiúin phoiblí

    Leis an gComhairle Eorpach i nDún Éideann i 1992, cuireadh tús le "díospóireachtaí poiblí" agus leathnaíodh an nós seo le himeacht ama, go háirithe le Conradh Liospóin.

    Sa lá atá inniu ann, is féidir díospóireachtaí poiblí agus cur agus cúiteamh poiblí na Comhairle a leanúint ar an láithreán gréasáin.

  • 1993

    1 Samhain

    Conradh Maastricht

    Ar theacht i bhfeidhm Chonradh Maastricht, cruthaíodh an tAontas Eorpach, arbh Aontas é a bhí bunaithe ar cholún méadaithe den 'Chomhphobal'. Cruthaíodh Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta leis an gConradh agus bunaíodh dhá cholún nua: an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) agus comhar i réimse an cheartais agus gnóthaí baile (CGB).

    Tugadh stádas foirmiúil don Chomhairle Eorpach i gConradh Maastricht. Tugadh dlús agus treoirlínte ginearálta polaitiúla d'fhorbairt an Aontais Eorpaigh leis sin.

    Chuathas i dtreo an euro a bhunú le Conradh Maastricht freisin agus seoladh an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES).

    Síniú Chonradh Maastricht ar an 7 Feabhra 1992
  • 1995

    1 Eanáir

    An 4ú méadú ar an Aontas

    Tháinig an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach san Aontas. Chlúdaigh na 15 chomhalta Iarthar na hEorpa ar fad, beagnach, faoin am sin.

  • 1996

    1 Eanáir

    Tháinig an Chomhairle Eorpach le chéile ceithre huaire sa bhliain

    Ó 1996 i leith, thiocfadh an Chomhairle Eorpach le chéile ceithre huaire sa bhliain ar a laghad. Roimhe sin, ní bhíodh gá ach le dhá chruinniú in aghaidh na bliana.

  • 1997

    13 Nollaig

    Cruthaíodh an Grúpa Euro

    D'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach cruthú an Ghrúpa Euro, comhlacht neamhfhoirmiúil a thugann airí airgeadais tíortha a bhfuil an euro mar airgeadra acu le chéile. Tionóladh an chéad chruinniú de chuid an Ghrúpa Euro an 4 Meitheamh 1998 ag Chateau de Senningen i Lucsamburg.

  • 1999

    1 Eanáir

    Tháinig an euro ar an saol mar airgeadra fíorúil

    Tugadh isteach in 11 Bhallstát é: An Ostair, an Bheilg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Phortaingéil agus an Spáinn.

  • 1999

    1 Bealtaine

    Conradh Amstardam

    Le Conradh Amstardam, bunaíodh limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus rinneadh Comhaontú Schengen a chomhtháthú le dlí an Aontais. Leasaíodh leis an gconradh sin ról Ardrúnaí na Comhairle agus rinneadh Ardionadaí don Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála de, freisin.

    Conradh Amstardam
  • 2001

    1 Eanáir

    Tháinig an Ghréig isteach sa limistéar euro

    Ba í an Ghréig an 12ú Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh a tháinig isteach sa limistéar euro.

  • 2002

    1 Eanáir

    Tháinig an euro i gcúrsaíocht

    Ar an 1 Eanáir 2002, cuireadh an euro i gcúrsaíocht mar nótaí bainc agus boinn, in ionad na n-airgeadraí náisiúnta.

    Cuireadh an euro i gcúrsaíocht mar nótaí bainc agus mar bhoinn
  • 2003

    1 Feabhra

    Conradh Nice

    In oirchill an Aontais mhéadaithe, a raibh 27 mBallstát le bheith feasta ann, rinneadh athchóiriú faoi Chonradh Nice ar institiúidí an Aontais. Rinneadh athchóiriú ar an gComhairle chun vótáil trí thromlach cáilithe a leathnú, agus chun prionsabal an chomhair fheabhsaithe idir na Ballstáit a thabhairt isteach.

  • 2003

    1 Deireadh Fómhair

    Is sa Bhruiséil a thionóltar cruinnithe na Comhairle Eorpaí

    Ó mhí Dheireadh Fómhair 2003 i leith, is sa Bhruiséil a thionóltar cruinnithe foirmiúla uile na Comhairle Eorpaí.

    Sonraíodh sa 22ú Dearbhú de Chonradh Nice gur sa Bhruiséil a thionólfaí feasta gach cruinniú den Chomhairle Eorpach a luaithe a bheadh 18 mBallstát san Aontas Eorpach.

    Pictiúr d'áras Europa sa Bhruiséil.
    Is in áras Europa sa Bhruiséil a bhíonn cruinnithe na Comhairle Eorpaí ar siúl ó 2017 i leith ©Philippe Samyn and Partners architects & engineers - lead and design partner, Studio Valle Progettazioni architects, Buro Happold engineers
  • 2004

    1 Bealtaine

    An méadú is mó ar an Aontas Eorpach

    Tháinig deich dtír nua isteach san Aontas ag an am céanna: Poblacht na Seice, an Eastóin, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin. Ba é sin an méadú aonair ba mhó ar an Aontas ó thaobh daoine agus líon na dtíortha de.

    25 Bhallstát a bhí san Aontas Eorpach faoin am seo.

  • 2004

    10 Meán Fómhair

    An chéad Uachtarán buan ar an nGrúpa Euro

    Chinn an Grúpa Euro Uachtarán buan a bheith aige, a cheapfaí ar feadh tréimhse 2 bhliain.

    Ag cruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) in Scheveningen, toghadh Jean-Claude Juncker ina chéad Uachtarán buan ar an nGrúpa Euro. Ón 1 Eanáir 2005 go dtí an 31 Nollaig 2006 a mhair a théarma.

    Jean-Claude Juncker, an chéad Uachtarán buan ar an nGrúpa Euro
  • 2006

    1 Meán Fómhair

    Athcheapadh Jean-Claude Juncker ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro

    Toghadh ina Uachtarán é ar an nGrúpa Euro don dara téarma.

  • 2007

    1 Eanáir

    Tháinig an Bhulgáir agus an Rómáin isteach san Aontas Eorpach

    Tháinig an Bhulgáir agus an Rómáin isteach san Aontas, agus leis sin, bhí 27 mBallstát ann.

    Tháinig méadú ar bhallraíocht an Aontais go 27, tar éis aontachas na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas
  • 2007

    1 Eanáir

    Chuaigh an tSlóivéin isteach sa limistéar euro

    Ba í an tSlóivéin an 13ú Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh a ghlac an euro mar airgeadra.

  • 2008

    1 Eanáir

    Tháinig an Chipir agus Málta isteach sa limistéar euro

    15 bhall a bhí sa limistéar euro ansin.

  • 2008

    12 Deireadh Fómhair

    Tháinig an Cruinniú Mullaigh Euro ar an bhfód

    Mhol Nicolas Sarkozy, Uachtarán na Fraince, cruinniú a bheith ag ceannairí stáit nó rialtais an limistéir euro go rialta. Ar an 12 Deireadh Fómhair 2008 a cuireadh an chéad chruinniú ar siúl. Bhí cruinnithe mullaigh ann ina dhiaidh sin i mí na Bealtaine 2010, i mí an Mhárta 2011, i mí Iúil 2011 agus i mí Dheireadh Fómhair 2011 sa Bhruiséil.

    Leis na Cruinnithe Mullaigh Euro, cuidíodh le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chomhordú agus d'fhreastail Uachtarán an Chruinnithe Mullaigh Euro agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ar na cruinnithe sin freisin.

  • 2009

    1 Eanáir

    Chuaigh an tSlóvaic isteach sa limistéar euro

    Ba í an tSlóvaic an 16ú ball den limistéar euro.

  • 2009

    19 Samhain

    Toghadh Herman Van Rompuy ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach

    Ag cruinniú neamhfhoirmiúil a bhí acu sa Bhruiséil an 19 Samhain 2009, chomhaontaigh Ceannairí Stáit nó Rialtais an Aontais Eorpaigh d'aon toil Herman Van Rompuy a cheapadh ina chéad Uachtarán buan ar an gComhairle Eorpach.

    Herman Van Rompuy, Uachtarán na Comhairle Eorpaí ó 2009 go 2014
  • 2009

    1 Nollaig

    Conradh Liospóin

    Tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, conradh a rinne athchóiriú ar struchtúr an Aontais Eorpaigh agus ar an mbealach ar fheidhmigh sé.

    Cuireadh síneadh leis an úsáid a baineadh as vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle.

    B'institiúid lánfheidhme í anois an Chomhairle Eorpach agus a hUachtarán féin uirthi. Roimhe sin, comhlacht neamhfhoirmiúil a bhí sa Chomhairle Eorpach agus ba phost neamh-oifigiúil a bhíodh ag ceannaire na Comhairle Eorpaí. Bhí an ról sin ag Ceannaire Stáit nó Rialtais an Bhallstáit a raibh Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh aige ag an am.

    Síniú Chonradh Liospóin
  • 2009

    1 Nollaig

    Prótacal Uimh. 14 a ghabhann le Conradh Liospóin

    Tháinig Prótacal Uimh. 14 a ghabhann le Conradh Liospóin, lenar leagadh amach ról an Ghrúpa Euro, i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. Tháinig airí na mBallstát a raibh an euro mar airgeadra acu le chéile go neamhfhoirmiúil le plé a dhéanamh ar ábhair a bhain leis an airgeadra aonair agus thogh siad uachtarán ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith.

    Leasaíodh freisin le Conradh Liospóin rialacha Chomhairle an Aontais Eorpaigh ionas nach mbeadh ach comhaltaí den Ghrúpa Euro in ann vóta a chaitheamh nuair a bheadh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) ag vótáil ar ábhair nár bhain ach leis an limistéar euro.

  • 2009

    10 Nollaig

    An Chomhairle Eorpach faoi chathaoirleacht Fredrik Reinfeldt

    Den uair dheireanach, ba é nó ba í Uachtarán nó Príomh-Aire an Bhallstáit ar aige a bhí Uachtaránacht uainíochta na Comhairle a rinne cathaoirleacht ar an gComhairle Eorpach.

    Ba é Fredrik Reinfeldt, Príomh-Aire na Sualainne, a bhí mar chathaoirleach ar Chomhairle Eorpach mhí na Nollag 2009.

  • 2011

    1 Eanáir

    Tháinig an Eastóin isteach sa limistéar euro

    Ba í an Eastóin an 17ú dtír a chuaigh isteach sa limistéar euro.

  • 2012

    1 Márta

    An Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

    Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle Eorpach an 1-2 Márta 2012, shínigh 25 cheannaire Eorpacha an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas (TSCG) san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

    Tháinig an Conradh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2013 agus cuireadh an Cruinniú Mullaigh Euro ar bhonn foirmiúil. Leagadh amach eagrú an Chruinnithe Mullaigh Euro agus ról a Uachtaráin in Airteagal 12 den Chonradh.

  • 2012

    1 Márta

    Atoghadh Herman Van Rompuy

    Rinneadh Herman Van Rompuy a atoghadh don dara téarma ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach, ón 1 Meitheamh 2012 go dtí an 30 Samhain 2014.

  • 2012

    10 Nollaig

    Duais Nobel na Síochána bronnta ar an Aontas Eorpach

    Bronnadh Duais Nobel na Síochána 2012 ar an Aontas Eorpach as ucht an tsíocháin, an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine san Eoraip a chur chun cinn.

    Agus Duais Nobel na Síochána á bronnadh ar an Aontas, dúirt Coiste Nobel na hIorua go raibh an cinneadh sin bunaithe ar an ról cobhsaitheach a bhí ag an Aontas maidir leis an tsíocháin a chur i réim ar an mór-roinn, áit a mbíodh sé ina chogadh dearg tráth.

    Bronnadh Duais Nobel na Síochána 2012 ar an Aontas Eorpach
  • 2013

    21 Eanáir

    Toghadh uachtarán an Ghrúpa Euro

    Toghadh Jeroen Dijsselbloem, Aire Airgeadais na hÍsiltíre, ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro. Is é an dara hUachtarán buan é ar an nGrúpa Euro ó bunaíodh an Grúpa sin.

    Jeroen Dijsselbloem
  • 2013

    14 Márta

    Rialacha nós imeachta na gCruinnithe Mullaigh Euro

    Ar an 14 Márta 2013, tionóladh an chéad Chruinniú Mullaigh Euro ó tháinig an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (TSCG) i bhfeidhm. Glacadh rialacha maidir leis na Cruinnithe Mullaigh Euro a eagrú ag an gcruinniú sin.

  • 2013

    1 Iúil

    Tháinig an Chróit isteach san Aontas Eorpach

    Ba í an Chróit an dara tír as an iar-Iúgslaiv a tháinig isteach san Aontas, i ndiaidh na Slóivéine.

    28 mBallstát a bhí san Aontas Eorpach faoin am seo.

  • 2014

    1 Eanáir

    Chuaigh an Laitvia isteach sa limistéar euro

    Ba í an Laitvia an 18ú comhalta den limistéar euro.

  • 2014

    1 Nollaig

    Thosaigh Donald Tusk mar Uachtarán na Comhairle Eorpaí

    Tháinig Donald Tusk isteach in ionad Herman Van Rompuy mar Uachtarán na Comhairle Eorpaí. Ón 1 Nollaig 2014 go dtí an 31 Bealtaine 2017 a théarma.

    Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
  • 2015

    1 Eanáir

    Tháinig an Liotuáin isteach sa limistéar euro

    19 gcomhalta a bhí sa limistéar euro faoin am seo: An Ostair, an Bheilg, an Chipir, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Phortaingéil, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Spáinn.

    Bhí tuairim is 337.5 milliún saoránach san Aontas Eorpach ag baint leas as an euro
  • 2015

    22 Meitheamh

    Cruinniú Mullaigh Urghnách maidir leis an nGréig

    Bhuail ceannairí an Aontais le chéile chun tuairimí a phlé maidir leis an nGréig an 22 Meitheamh 2015. Dúirt Uachtarán an Chruinnithe Mullaigh Euro, Donald Tusk, gur chéim chun cinn iad na moltaí ba dhéanaí a bhí déanta ag rialtas na Gréige, ach go gcaithfeadh na hinstitiúidí iad a mheas a thuilleadh.

  • 2015

    12 Iúil

    Tháinig ceannairí an limistéir euro ar chomhaontú maidir leis an nGréig

    Bhí siad réidh chun tús a chur le caibidlíocht maidir le clár cúnaimh airgeadais an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE) don Ghréig, ach níor mhór ar dtús do Pharlaimint na Gréige agus do na Parlaimintí náisiúnta eile an comhaontú a fhormheas. Tar éis na nósanna imeachta náisiúnta, leanfaidh an Grúpa Euro leis an gcaibidlíocht.

  • 2015

    13 Iúil

    Toghadh Jeroen Dijsselbloem ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro don dara téarma

    Athcheapadh Jeroen Dijsselbloem ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro don dara téarma (dhá bhliain go leith).

    Jeroen Dijsselbloem, Uachtarán an Ghrúpa Euro, tar éis a atofa ar an 13 Iúil 2015
  • 2017

    9 Márta

    Atoghadh Donald Tusk ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach

    Atoghadh Donald Tusk ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach don dara téarma dhá bhliain go leith, ón 1 Meitheamh 2017 go dtí an 30 Samhain 2019.

  • 2017

    29 Márta

    Ghníomhachtaigh an Ríocht Aontaithe Airteagal 50 go foirmiúil leis an Aontas a fhágáil

    Tar éis thoradh an reifrinn sa Ríocht Aontaithe ar an 23 Meitheamh 2016, inar vótáil saoránaigh na Ríochta Aontaithe leis an Aontas Eorpach a fhágáil, thug an Ríocht Aontaithe fógra foirmiúil don Chomhairle Eorpach go raibh sé ar intinn aici an tAontas a fhágáil.

    Ghlac an Chomhairle Eorpach ráiteas maidir leis an bhfógra ón Ríocht Aontaithe.

    Is oth linn go bhfuil an Ríocht Aontaithe leis an Aontas Eorpach a fhágáil ach táimid faoi réir don phróiseas atá le leanúint anois againn. (...) Sa chaibidlíocht sin, gníomhóidh an tAontas mar aon agus cosnóidh sé leasanna an Aontais. Is é an chloch is mó a bheidh ar ár bpaidrín againn an éiginnteacht a chothaigh cinneadh na Ríochta Aontaithe, do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do na Ballstáit, a laghdú oiread agus is féidir.

    An Chomhairle Eorpach, an 29 Márta 2017
  • 2017

    4 Nollaig

    Toghadh uachtarán an Ghrúpa Euro

    Toghadh Jeroen Dijsselbloem, Aire Airgeadais na hÍsiltíre, ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro. Is é an dara hUachtarán buan é ar an nGrúpa Euro ó bunaíodh an Grúpa sin.

    Mário Centeno
  • 2019

    1 Nollaig

    Charles Michel ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach

    Charles Michel tagtha i gcomharbacht ar Donald Tusk mar Uachtarán na Comhairle Eorpaí. Ón 1 Nollaig 2019 go dtí an 31 Bealtaine 2022 a théarma.

    Charles Michel, le bratach an Aontais sa chúlra
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
  • 2020

    31 Eanáir

    An tAontas Eorpach fágtha ag an Ríocht Aontaithe

    Ag eascairt as an reifreann náisiúnta a ritheadh an 23 Meitheamh 2016, agus tar éis don dá pháirtí an Comhaontú um Tharraingt Siar a dhaingniú in Eanáir 2020, tá an tAontas Eorpach fágtha ag an Ríocht Aontaithe.

  • 2020

    9 Iúil

    Paschal Donohoe tofa ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro

    Thogh an Grúpa Euro Paschal Donohoe, Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe na hÉireann, ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro, i gcomhréir le Prótacal 14 de chonarthaí an Aontais.

    Chuaigh an t-uachtarán nua i mbun oifige an 13 Iúil 2020 ar feadh téarma dhá bhliain go leith.

    Paschal Donohue
  • 2022

    24 Márta

    Atoghadh Charles Michel ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach

    Atoghadh Charles Michel ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach don dara téarma dhá bhliain go leith, ón 1 Meitheamh 2022 go dtí an 30 Samhain 2024.

  • 2022

    5 Nollaig

    Paschal Donohoe atofa ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro

    D’atogh an Grúpa Euro trí chomhthoil Paschal Donohoe, Aire Airgeadais na hÉireann, mar Uachtarán an Ghrúpa Euro, don dara téarma dhá bhliain go leith a thosaigh ón 13 Eanáir 2023.

  • 2023

    1 Eanáir

    An Chróit ag teacht isteach sa limistéar euro

    Ba í an Chróit an 20ú comhalta den limistéar euro.

    Grianghraf den ghrúpa de na hairí
    An chéad chruinniú den Ghrúpa Euro leis an gCróit i mí Eanáir 2023
  • 2024

    1 Nollaig

    António Costa ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach

    António Costa tagtha i gcomharbacht ar Charles Michel mar Uachtarán ar an gComhairle Eorpach. Ón 1 Nollaig 2024 go dtí an 31 Bealtaine 2027 a théarma.

    António Costa ina sheasamh os comhair sraith de bhratacha an Aontais.
    António Costa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
  • 2025

    7 Iúil

    Paschal Donohoe deimhnithe don tríú téarma mar Uachtarán an Ghrúpa Euro

    D’atogh an Grúpa Euro Paschal Donohoe, Aire Airgeadais na hÉireann, mar Uachtarán de chomhthoil. Agus an cúram sin air ón 13 Iúil 2020 i leith, cuirfidh sé tús lena thríú téarma an 13 Iúil 2025. Mairfidh an sainordú sin go ceann dhá bhliain go leith.

  • 2025

    18 Samhain

    Feidhmíonn Makis Keravnos mar Uachtarán gníomhach an Ghrúpa Euro

    An 18 Samhain 2025, ceapadh Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire, ina Uachtarán gníomhach ar an nGrúpa Euro tar éis do Paschal Donohoe, an t-uachtarán a bhí ann roimhe sin, éirí as oifig. I gcomhréir le modhanna oibre an Ghrúpa Euro, feidhmeoidh sé sa ról sin go dtí go roghnófar uachtarán nua.

    Makis Keravnos, Uachtarán gníomhach an Ghrúpa Euro.
    Makis Keravnos, Uachtarán gníomhach an Ghrúpa Euro
  • 2025

    11 Nollaig

    Kyriakos Pierrakakis tofa ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro

    Thogh an Grúpa Euro Kyriakos Pierrakakis, Aire Geilleagair agus Airgeadais na Gréige, ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro, i gcomhréir le Prótacal 14 de chonarthaí an Aontais.

    Rachaidh an tUachtarán nua i mbun oifige an 12 Nollaig 2025 agus beidh téarma 2.5 bliain aige.

    Kyriakos Pierrakakis
  • 2026

    1 Eanáir

    Bulgaria joins the euro area

    Bulgaria becomes the 21st member of the euro area.

    Five formally dressed people stand on a stage in front of European Union and Bulgarian flags, holding large commemorative euro-themed plaques and a blue folder with the EU circle of stars, as part of an official ceremony.
    Bulgaria joining euro area ceremony

An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Bealtaine 2026