Skip to content

An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Is éard atá i gceist leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta beartais eacnamaíocha agus fhioscacha na mBallstát a chomhordú in éineacht le beartas airgeadaíochta aonair do na Ballstáit a bhfuil an euro tugtha isteach acu. Cuireann sé leis an gcobhsaíocht agus leis an bhfás eacnamaíoch.

An chaoi a n-oibríonn an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta

Tá an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA) ar cheann de bhunchlocha an Aontais Eorpaigh. Tacaíonn sé leis an gcobhsaíocht eacnamaíoch, leis an bhfás eacnamaíoch, le hardleibhéal fostaíochta agus le hairgeadas poiblí inbhuanaithe sna Ballstáit.

Go praiticiúil, baineann an méid a leanas le AEA:

  • aontas eacnamaíoch: comhordú na mbeartas náisiúnta fioscach agus eacnamaíoch ar bhonn rialacha agus moltaí coiteanna, faoi chuimsiú phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh den chuid is mó
  • aontas airgeadaíochta: beartas airgeadaíochta aonair don limistéar euro, arna shocrú ag an mBanc Ceannais Eorpach (atá neamhspleách)

Comhlánaítear AEA leis an méid a leanas:

  • aontas baincéireachta: rialacha níos comhchuibhithe d'earnáil airgeadais na hEorpa, maoirseacht lárnach agus réiteach bainc i limistéar an euro
  • aontas na margaí caipitil: rialacha lena gcuirtear chun cinn comhroinnt rioscaí príobháideacha agus rochtain níos fearr ar chistiú

Cé a ghlacann páirt san aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta?

Is cuid den aontas eacnamaíoch iad Ballstáit uile an Aontais agus is iad, le chéile, an margadh aonair. Tá smacht acu fós ar a mbeartais eacnamaíocha cé is moite de bheartas airgeadaíochta i gcás na mBallstát sin a bhaineann leis an limistéar euro, ach déanann siad a gcinntí i ndlúthchomhar, ar bhonn rialacha agus mholtaí an Aontais.

Comhlánaíonn AEA margadh aonair an Aontais ina bhfuil saorshreabhadh earraí, seirbhísí, daoine agus caipitil.

Is ionann an t-aontas airgeadaíochta Eorpach agus na 21 Ballstát sin atá tar éis an t-airgeadra aonairan euro – a ghlacadh.

Tá critéir um chóineasú, mar a thugtar orthu, leagtha síos ag an Aontas le gur féidir le tíortha dul isteach sa limistéar euro. Chun cáiliú chun dul isteach sa limistéar euro, ní mór do thíortha an méid a leanas a bheith acu:

  • boilsciú íseal
  • airgeadais phoiblí inbhuanaithe
  • rátaí malairte cobhsaí
  • rátaí úis inbhuanaithe

Stair an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta

Is obair idir lámha atá i gceist leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta mar thoradh ar phróiseas leanúnach de chomhtháthú eacnamaíoch san Aontas Eorpach.

In 1957, chinn na Ballstáit cómhargadh a thógáil. Le himeacht ama, ba léir go raibh comhar eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos dlúithe de dhíth chun go bhforbródh agus go mbláthódh an margadh inmheánach a thuilleadh.

I mí na Nollag 1991, ghlac an Chomhairle Eorpach in Maastricht (an Ísiltír) an cinneadh go foirmiúil gur cheart don Aontas Eorpach ‘Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta’ a bhunú agus go mbeadh an euro mar airgeadra aonair aige. Tá na prionsabail a ghabhann le AEA leagtha síos sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, nó Conradh Maastricht mar a thugtar air freisin.

Cuireadh AEA i bhfeidhm i dtrí chéim, agus seoladh an euro, an t-airgeadra aonair, mar thoradh ar an tríú céim, i mí Eanáir 1999. Do na chéad 3 bliana, úsáideadh an euro mar aonad cuntasaíochta agus le haghaidh íocaíochtaí leictreonacha amháin. Seoladh boinn agus nótaí bainc an euro an 1 Eanáir 2002.

An t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a dhoimhniú

Ag eascairt as géarchéim an fhiachais cheannasaigh a tháinig chun cinn in 2009-2010 tar éis na géarchéime airgeadais, agus inar nochtadh gnéithe a bhí in easnamh i rialachas an limistéir euro, rinne an tAontas bearta chun an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a neartú.

Cinneadh an méid a leanas a dhéanamh:

  • An Sásra Cobhsaíochta Eorpach a bhunú
  • An Creat Rialachais Eacnamaíoch a fheabhsú
  • Aontas baincéireachta a sheoladh

Le linn ghéarchéim an fhiachais cheannasaigh, fuair roinnt Ballstát sa limistéar euro iasachtaí cúnaimh airgeadais a bhí ag gabháil le cláir choigeartaithe. Ar dtús, cuireadh na hiasachtaí sin ar fáil trí ionstraimí sealadacha. In 2012, bunaíodh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) mar ionstraim bhuan. Féadfaidh sé cúnamh airgeadais a chur ar fáil do thíortha sa limistéar euro a bhfuil anás airgeadais ag baint leo agus a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do Bhallstáit eile nó don limistéar euro ina iomláine.

Chun cosc a chur ar mhíchothromaíochtaí fioscacha agus eacnamaíocha, agus chun iad a cheartú, nuair is gá, rinne an tAontas athrú ó bhonn ar an gcreat rialachais eacnamaíoch in 2011 agus 2013. Tugadh ‘an sé-phaca’ agus ‘an dé-phaca’ faoi seach ar na rialacha nua (mar gheall ar líon na ngníomhartha dlíthiúla a glacadh gach uair mar chuid den phacáiste). Áiríodh leis sin na rialacha fioscacha coiteanna a leagtar amach sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a neartú.

An t-aontas baincéireachta a sheoladh

Aithníodh ag Cruinniú Mullaigh Euro mhí an Mheithimh 2012 go bhfuil gá le hearnáil baincéireachta dea-fheidhmiúil chobhsaí, go háirithe don limistéar euro. Chinn ceannairí an Aontais aontas baincéireachta a sheoladh. Leis an aontas baincéireachta, is mian leis an Aontas comhtháthú airgeadais a chur chun cinn agus a chinntiú nach dtarrthálfar bainc neamh-inmharthana le hairgead na gcáiníocóirí.

Thosaigh an t-aontas baincéireachta le lárú na maoirseachta a dhéantar ar na bainc mhóra sa Bhanc Ceannais Eorpach tríd an Sásra Aonair Maoirseachta a bhunú. Ina dhiaidh sin, cuireadh an dara colún leis, lena ndearnadh réiteach bainc a lárú, tríd an Sásra Réitigh Aonair a chruthú.

Tuarascáil an Chúigear Uachtarán

In 2015, d’fhoilsigh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus Uachtarán an Ghrúpa Euro tuarascáil inar leagadh amach treochlár don AEA, ar a dtugtar Tuarascáil an Chúigear Uachtarán freisin.

Chuir an tAontas roinnt moltaí ón tuarascáil chun feidhme sna míonna tar éis a foilsithe. Ina measc, tá:

  • Bord Fioscach Eorpach a bhunú
  • tús a chur leis an bplé maidir leis an aontas baincéireachta a chomhlánú, lena n-áirítear scéim Eorpach árachais taiscí
  • Plean gníomhaíochta maidir le haontas na margaí caipitil

I mí na Nollag 2017, shainaithin na ceannairí gur réimsí tosaíochta iad an t-aontas baincéireachta a chomhlánú agus an SCE a fhorbairt a thuilleadh. I mí na Nollag 2018, rinne siad a marana ar ‘ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas’ (BICC) don limistéar euro.

SCE a fhorbairt a thuilleadh

Tar éis do cheannairí an limistéir euro an sainordú a fháil ag Cruinniú Mullaigh Euro mhí na Nollag 2018, d’oibrigh an Grúpa Euro ar chonradh athbhreithnithe SCE go dtí mí an Mheithimh 2019. Leis na hathruithe, déantar foráil maidir le húsáid níos éifeachtaí agus níos solúbtha a bhaint as SCE, lena n-áirítear:

  • líne chreidmheasa réamhchúraim SCE níos inrochtana do na Ballstáit a bhféadfadh tacaíocht airgeadais a bheith de dhíth orthu
  • ról níos láidre do SCE maidir le géarchéimeanna eacnamaíocha a chosc agus a bhainistiú sa limistéar euro
  • cur chuige níos trédhearcaí maidir le measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fiachais phoiblí na mBallstát
  • líne chreidmheasa, nó ‘cúlstop coiteann’, do Chiste Réitigh Aonair an aontais baincéireachta

I mí na Samhna 2020, cuireadh tús leis na próisis daingniúcháin náisiúnta. Tiocfaidh Conradh SCE athbhreithnithe i bhfeidhm a luaithe a bheidh sé daingnithe ag Ballstáit uile an limistéir euro.

Ionstraim bhuiséadach choiteann

I mí an Mheithimh 2019, tháinig an Grúpa Euro ar chomhaontú freisin maidir le príomhghnéithe BICC don limistéar euro, agus do Bhallstáit shásra ráta malairte an Aontais (ERM II) ar bhonn deonach. Bhunaigh an tAontas an sásra ráta malairte (ERM II) an 1 Eanáir 1999 mar chomharba ar ERM. Áirithítear le ERM II nach gcuireann luaineachtaí sa ráta malairte idir an euro agus airgeadraí eile de chuid an Aontais isteach ar chobhsaíocht eacnamaíoch laistigh den mhargadh aonair. Cuidíonn sé freisin le tíortha ullmhú le dul isteach sa limistéar euro.

Bhí sé beartaithe le BICC dreasachtaí airgeadais a sholáthar le haghaidh athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí poiblí chun fás ionchasach gheilleagair an limistéir euro agus athléimneacht an airgeadra aonair a neartú i gcoinne suaití eacnamaíocha.

Cuireadh stop le hobair ar BICC nuair a tharla paindéim COVID-19 in 2020. Mar sin féin, bhí sé ina inspioráid don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), arb í croílár phlean téarnaimh sealadach Next Generation EU é.

Leis an gclár, cuireadh deontais agus iasachtaí suntasacha ón Aontas ar fáil do na Ballstáit chun tacú leis an infheistíocht agus leis na hathchóirithe is gá chun tacaíocht a sholáthar dá ngeilleagair tar éis na paindéime agus chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur chun feidhme. Ar an iomlán, léiríodh go raibh AEA níos athléimní ná mar a bhí deich mbliana roimhe sin.

An t-aontas baincéireachta a chomhlánú

In 2021 agus 2022, chuir an Grúpa Euro tús arís leis an bplé maidir leis an aontas baincéireachta a chomhlánú. D’fhéach na hairí ar shaincheisteanna faoi leith, mar shampla bainistiú géarchéime, árachas taiscí, comhtháthú trasteorann, agus coimircí cobhsaíochta airgeadais.

I mí an Mheithimh 2022, ghlac an Grúpa Euro ráiteas maidir lena bhfuil i ndán don aontas baincéireachta amach anseo. D’aontaigh na hairí gur cheart díriú, láithreach bonn, ar an gcomhchreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí (CMDI) a neartú.

Rinne an Coimisiún obair leantach air sin i mí Aibreáin 2023 trí thogra reachtach a thíolacadh chun creat CMDI an Aontais a neartú a thuilleadh, agus béim á leagan ar bhainc mheánmhéide agus ar bhainc bheaga.

Athchóiriú mór ar an gcreat rialachais eacnamaíoch

Ba dhúshláin nua do gheilleagar an Aontais iad an téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus iarmhairtí chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, i gcomhthéacs leibhéil fiachais agus rátaí úis níos airde agus spriocanna nua infheistíochta agus athchóirithe. Dá bhrí sin, tá an tAontas Eorpach tar éis a chreat rialachais eacnamaíoch a nuashonrú a thuilleadh chun go mbeidh sé oiriúnach don todhchaí.

Is é príomhchuspóir an athchóirithe airgeadas poiblí fónta agus inbhuanaithe a chinntiú, agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach á chur chun cinn ag an am céanna i ngach Ballstát trí athchóirithe agus trí infheistíocht.

An 29 Aibreán 2024, ghlac an Chomhairle an pacáiste reachtaíochta lena n-athchóirítear creat rialachais eacnamaíoch agus fhioscaigh an Aontais. Tháinig na rialacha nua teacht i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024.

Ag féachaint chun cinn

Leanann institiúidí an Aontais agus na Ballstáit de bheith ag obair chun AEA a chur in oiriúint do dhomhan agus riachtanais atá ag athrú.

Tá obair ar bun freisin maidir le euro digiteach a chruthú.

An t-athbhreithniú deireanach: an 1 Eanáir 2026