Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 32 Torthaí
Conas a dhéantar leictreachas an Aontais a tháirgeadh agus a dhíol?
Faigh tuilleadh eolais faoi na foinsí a úsáidtear chun leictreachas a ghiniúint san Aontas agus faoin gcaoi a socraítear praghas an leictreachais bunaithe ar phrionsabal an oird fiúntais.

An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas
Tá tíortha an Aontais ag obair ar an athrú aeráide a chomhrac agus ar an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Athchóiriú ar an Margadh Leictreachais
Tháinig ardú mór ar phraghsanna fuinnimh ar fud an Aontais in 2022 de bharr ionradh na Rúise ar an Úcráin. Chun suaití praghsanna a chosc amach anseo, in 2024 chuir an tAontas cruth nua ar a mhargadh leictreachais.

An gníomh um amhábhair chriticiúla
Bí ar an eolas faoin gcaoi a gcuirfidh na rialacha nua maidir le hamhábhair chriticiúla ar chumas an Aontais a fhoinsí allmhairí a éagsúlú agus eastóscadh, próiseáil agus athchúrsáil a mhéadú sna Ballstáit.

Cá as a dtagann gás an Aontais?
Faigh amach cé na tíortha a sholáthraíonn an méid is mó gáis don Aontas agus cé mhéad gáis a allmhairíonn an tAontas.

Cén fhreagairt a thug an tAontas ar an ngéarchéim fuinnimh in 2022?
Ba é cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin ba chúis le géarchéim fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe san Eoraip in 2022. Sheas tíortha an Aontais le chéile agus chuidigh a bhfreagairt le praghsanna a choinneáil íseal.

An plean REPowerEU: beartas fuinnimh maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta thíortha an Aontais
Is mian leis an Aontas plean REPowerEU a úsáid chun deireadh a chur lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise trí fhuinneamh a shábháil, soláthairtí a éagsúlú agus dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan.

Deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh ón Rúis
Tá an tAontas ag gníomhú chun deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh ón Rúis agus chun a spleáchas fuinnimh a laghdú, agus soláthairtí agus praghsanna cobhsaí fuinnimh á gcoinneáil ar bun ar fud na hEorpa ag an am céanna.

Infreastruchtúr gáis nádúrtha leachtaithe san Aontas Eorpach
Cé na tíortha san Aontas a bhfuil críochfoirt acu le gás nádúrtha leachtaithe (GNL) a allmhairiú?

I dtreo slabhra soláthair ceallraí Eorpach atá inbhuanaithe agus ciorclach
Tá an tAontas ag obair i dtreo slabhra luacha ceallraí atá inbhuanaithe, ciorclach agus Eorpach. Leis na comhrialacha nua cuirfear le buntáiste iomaíoch an Aontais sna margaí ceallraí inbhuanaithe.
