Cá as a dtagann ola an Aontais?
Allmhairíonn an tAontas a chuid amhola ar fad, nach mór, ó thíortha éagsúla. Le blianta beaga anuas, tá soláthróirí nua faighte ag an Aontas do na hallmhairí ola a bhíodh á bhfáil aige ón Rúis.
Cén fáth ar gá don Aontas a chuid ola a allmhairiú?
Is ón ola a thagann sciar mór den fhuinneamh a thomhlaítear san Aontas, ach níl aon chúltaiscí móra ola ag Ballstáit an Aontais. Is ar an ábhar sin a allmhairíonn an tAontas an amhola uile a theastaíonn uaidh, nach mór (thart ar 97 % in 2024).
Cé go bhfuil an tAontas ag aistriú ó bhreoslaí iontaise, tá sé fós ag brath go mór ar allmhairí ola. In 2025, d’allmhairigh an tAontas thart ar 435 mhilliún tona amhola, dar luach os cionn €212 bhilliún.
Na soláthróirí amhola is mó in 2025
Ba iad na Stáit Aontaithe, an Chasacstáin agus an Iorua na trí chomhpháirtí allmhairiúcháin is mó a bhí ag an Aontas in 2025, agus sholáthair na trí chomhpháirtí sin idir 12 % agus 15 % d’allmhairí ola an Aontais (i dtéarmaí cainníochtaí allmhairithe).
Ba í an Libia an ceathrú comhpháirtí allmhairiúcháin a bhí ag an Aontas, dar sciar os cionn 9 %, agus ina dhiaidh sin an Araib Shádach (6.8 %) agus an Nigéir agus an Iaráic (dar sciar 5.8 % araon). Is ó thíortha i gComhairle Comhair na Murascaille a tháinig thart ar 7% d’allmhairí ola an Aontais in 2025: Bairéin, Cuáit, Óman, Catar, an Araib Shádach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.
Cairt chrannmhapa ina léirítear na tíortha a d’onnmhairigh ola chuig an Aontas in 2025 agus an méid ola a d’onnmhairigh siad sna milliúin tona. Tháinig formhór na hamhola ó na Stáit Aontaithe (14.6 % d’allmhairí ola an Aontais i dtéarmaí na gcainníochtaí allmhairithe), ón gCasacstáin (12.8 %) agus ón Iorua (12.8 %). Tá 10 dtír eile ónar tháinig sciartha idir 10% agus 2% de na hallmhairí.
Maidir le luach na hola a allmhairítear, tá na Stáit Aontaithe ar bharr an liosta agus sciar níos mó fós ag teacht uathu (15.1 %); ina dhiaidh sin tagann an Iorua (14.4 %), an Chasacstáin (12.7 %), an Libia (9 %) agus an Araib Shádach (6.5 %).
Gás á fháil ó thíortha seachas an Rúis
Tá athrú suntasach tagtha ar phríomh-chomhpháirtithe an Aontais maidir le hallmhairí ola le blianta beaga anuas. Ó rinne an Rúis mór-ionradh ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, tá smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas ar an Rúis chun a cumas a laghdú cogadh foghach neamhdhleathach a fhearadh.
Tháinig laghdú ar sciar na Rúise d’allmhairí ola an Aontais ó thimpeall 25.8% in 2021 go dtí thart ar 2.2% in 2025. Don chuid is mó cúitíodh é sin le hallmhairí méadaitheacha ó na Stáit Aontaithe, ón Iorua agus ón gCasacstáin.
Léirítear sa chairt thíos an méid ola a d’allmhairigh an tAontas ina milliúin tona.
Barrachairt ina léirítear cúig phríomh-chomhpháirtí an Aontais maidir le hallmhairí ola agus an méid ola a d’onnmhairigh siad chuig an Aontas in 2021, 2023 agus 2025.
Tháinig meath ar allmhairí ón Rúis ó 114.4 milliún tona in 2021 go 9.7 milliún tona in 2025. Tháinig méadú ar allmhairí ó na Stáit Aontaithe ó 37.1 milliún tona in 2021 go 63.5 milliún tona in 2025. Ar na tíortha eile a thosaigh ag onnmhairiú níos mó ola chuig an Aontas tá an Chasacstáin (35.2 milliún tona in 2021, 55.8 milliún tona in 2025) agus an Iorua (40.2 milliún tona in 2021, 55.7 milliún tona in 2025).
Táirgeadh amhola san Aontas
Ní fhaightear ach sciar an-bheag de sholáthar ola an Aontais ón Aontas féin. Le 20 bliain anuas tá laghdú ag teacht ar líon na hamhola a eastósctar san Aontas féin. In 2024 (an bhliain dheireanach a bhfuil sonraí ar fáil ina leith), tháirg tíortha an Aontais 15.5 milliún tona d’amhola — arb ionann é sin agus 3.6 % de na hallmhairí foriomlána.
In 2024 ba iad na tíortha a leanas na príomhtháirgeoirí ola san Aontas: an Iodáil (4.37 milliún tona ), an Danmhairg (2.96 milliún tona ) agus an Rómáin (2.76 milliún tona ), agus ina dhiaidh sin an Ghearmáin (1.6 milliún tona ) agus an Ungáir (1 milliún tona ).
Cé go bhfuil an tAontas ag brath go mór ar thríú tíortha chun amhola a eastóscadh, tá earnáil scagtha mhór aige féin. Déantar an amhola a allmhairítear isteach san Aontas a chlaochlú i scaglanna san Aontas chun táirgí peitriliam a dhéanamh, mar shampla cineálacha éagsúla breosla do ghluaisteáin, d’aerárthaí agus do longa.
In 2024, tháirg scaglanna an Aontais 543.7 milliún tona de tháirgí peitriliam. Ba í an Ghearmáin an táirgeoir táirgí peitriliam ba mhó, agus ina dhiaidh sin tháinig an Iodáil, an Spáinn agus an Ísiltír.
Tomhaltas ola agus táirgí peitriliam de réir earnála
Úsáidtear beagnach dhá thrian den ola le haghaidh an iompair — go príomha in earnáil an iompair de bhóthar, dar sciar 47.7 % de thomhaltas ola an Aontais in 2024. Ar na hearnálacha eile ina n-úsáidtear méideanna suntasacha ola tá earnálacha an aeriompair, an iompair uisce agus na tionsclaíochta.
San earnáil thionsclaíoch úsáidtear ola mar fhoinse fuinnimh agus le haghaidh úsáidí neamhfhuinnimh araon, mar shampla biotúman do dhromchlaí bóthair, táirgí plaisteacha agus boinn.
Píchairt ina léirítear na sciartha i gcás tomhaltais an ola agus na dtáirgí peitriliam de réir earnála san Aontas in 2024.
- Iompar de bhóthar: 47.7%
- Aeriompar: 9.2%
- Iompar uisce: 8.4%
- Earnáil na tionsclaíochta agus an fhuinnimh: 21.6%
- Teaghlaigh: 4.6%
- Úsáidí eile: 8.4%
Féach freisin
Cá as a dtagann gás an Aontais?
Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise: ceisteanna agus freagraí
Iompar níos glaise
An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Aibreán 2026