An plean REPowerEU: beartas fuinnimh maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta thíortha an Aontais
Is mian leis an Aontas plean REPowerEU a úsáid chun deireadh a chur lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise trí fhuinneamh a shábháil, soláthairtí a éagsúlú agus dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan.
Cad é plean REPowerEU?
Tionchar tubaisteach ar an Úcráin is toradh chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Tá sé ag imirt diantionchar ar gheilleagar agus ar shochaí an Aontais freisin. I mí an Mhárta 2022, chomhaontaigh ceannairí an Aontais deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairí gáis, ola agus guail ón Rúis de réir a chéile tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú níos tapúla
- soláthairtí agus bealaí a éagsúlú
- margadh hidrigine an Aontais a fhorbairt a thuilleadh
- dlús a chur le forbairt foinsí fuinnimh in-athnuaite
- idirnascadh líonraí gáis agus leictreachais na hEorpa a fheabhsú
- pleanáil theagmhasach an Aontais maidir le slándáil an tsoláthair a threisiú
- éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus ciorclaíocht a chur chun cinn
D’iarr siad ar an gCoimisiún Eorpach plean a chur i dtoll a chéile chun róspleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú go tapa. Thíolaic an Coimisiún plean REPowerEU an 18 Bealtaine 2022.
Chomh maith le huathriail straitéiseach an Aontais in earnáil an fhuinnimh a neartú, dírítear sa phlean ar thacú leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus ar an gcomhar ar mhaithe le córas fuinnimh níos athléimní.
Míniú ar phlean REPowerEU (Grafaic faisnéise)
Is plean é REPowerEU a fhéachann le:
- fuinneamh a shábháil
- fuinneamh glan a sholáthar
- soláthairtí fuinnimh an Aontais a éagsúlú
- infheistíochtaí agus athchóirithe a chomhcheangal go cliste
Cuireann plean REPowerEU le cur chun feidhme iomlán an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Is é an sprioc a leagtar síos sa phacáiste laghdú 55% ar a laghad a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip.
Oiriúnach do 55
Conas a chuireann tíortha an Aontais plean REPowerEU chun feidhme?
Tá caibidlí sonracha á gcur ag tíortha an Aontais lena bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi Next Generation EU chun príomhinfheistíochtaí agus athchóirithe a mhaoiniú, rud a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. I measc na gcuspóirí sin tá coigilteas fuinnimh, éagsúlú soláthairtí fuinnimh agus leathadh amach brostaithe foinsí fuinnimh in-athnuaite.
Ba cheart na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a dhíriú go sonrach ar an méid seo a leanas:
- feabhas a chur ar bhonneagar fuinnimh agus ar shaoráidí fuinnimh chun freastal ar riachtanais láithreacha shlándáil an tsoláthair gáis, gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) san áireamh, go háirithe le go mbeifear in ann an soláthar a éagsúlú ar mhaithe le leasanna an Aontais ina iomláine
- éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn i bhfoirgnimh
- an earnáil tionsclaíochta a dhícharbónú
- táirgeadh agus glacadh bithmheatáin inbhuanaithe agus hidrigine in-athnuaite nó saor ó iontaise a mhéadú
- sciar an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú agus dlús a chur lena imscaradh
- aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh
- laghdú ar an éileamh ar fhuinneamh a dhreasú
- aghaidh a thabhairt ar scrogaill tarchurtha agus dáilte fuinnimh inmheánacha agus trasteorann agus tacú le hiompar astaíochtaí nialasacha agus lena bhonneagar, iarnróid san áireamh
- tacú le stóráil leictreachais
Leagtar amach i gcaibidlí REPowerEU na hathchóirithe agus na infheistíochtaí nua, ar cuireadh tús leo ón 1 Feabhra 2022 ar aghaidh, agus/nó an chuid mhéadaithe d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí atá san áireamh cheana sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a glacadh, chomh maith lena ngarspriocanna agus a spriocanna comhfhreagracha.
Mhol an Coimisiún na leasuithe riachtanacha ar an rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i mí na Bealtaine 2022. I mí na Nollag 2022, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú polaitiúil maidir le REPowerEU a mhaoiniú, lena gcuirtear ar chumas thíortha an Aontais caibidlí tiomnaithe a chur lena bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. An 21 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle go foirmiúil an Rialachán leasaithe.
Conas a mhaoinítear plean REPowerEU?
Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta príomhfhoinse maoinithe REPowerEU. Go sonrach, déantar caibidlí REPowerEU a mhaoiniú go príomha le hiasachtaí atá fágtha, iasachtaí ar fiú €225 bhilliún iad.
Ní mór do na Ballstáit sineirgí agus comhlántacht a chinntiú idir bearta atá maoinithe cheana faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus tionscnaimh a dtugtar tacaíocht dóibh trí chistí náisiúnta nó cistí eile de chuid an Aontais.
Is féidir leis na Ballstáit suas le 20% de na cistí a leithdháiltear ar chaibidlí REPowerEU a iarraidh mar réamh-mhaoiniú, agus d’fhéadfaí an méid sin a íoc in dhá thráinse ar a mhéad.
Cuirtear maoiniú le haghaidh deontas, dar luach suas le €20 billiún, ar fáil ón gCiste don Nuálaíocht (60%) agus ó liúntais díolacháin an Chórais Trádála Astaíochtaí (CTA) (40%).
Leithdháiltear méid na ndeontas do gach Ballstát trí fhoirmle a chuireann an méid seo a leanas san áireamh:
- critéir an bheartais comhtháthaithe
- spleáchas na mBallstát ar bhreoslaí iontaise
- an méadú ar phraghsanna infheistíochta
Is féidir leis na Ballstáit suas le €5.4 billiún de chistí a aistriú freisin ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit agus ó chistí an bheartais comhtháthaithe chun bearta REPowerEU a mhaoiniú.
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
Cad iad príomhthorthaí phlean REPowerEU?
Leis na bearta a rinneadh faoi phlean REPowerEU, cosnaíodh saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais ar ghanntanais fuinnimh, cuireadh dlús leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus treisíodh uathriail straitéiseach an Aontais. Chuidigh siad freisin le foinsí agus bealaí soláthair fuinnimh a éagsúlú.
Go sonrach, faoin bplean, tá an tAontas tar éis dul i mbun gníomh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- bearta a ghlacadh chun an t-éileamh ar ghás a laghdú
- rialacha maidir le stóráil gáis a thabhairt isteach
- borradh a chur faoi infheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite
- nósanna imeachta um cheadú luathaithe le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhunú
- ceannach comhpháirteach gáis a éascú
Thairis sin, tháinig laghdú ar allmhairí gáis ón Rúis ó 45% in 2021 go 13% in 2025. Maidir le hallmhairí breosla iontaise eile, tar éis smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise a ghlacadh, cuireadh toirmeasc ar na hallmhairí guail ar fad ón Rúis agus laghdaíodh allmhairí ola ó 27% go dtí faoi bhun 3% in 2025.
Chun stop iomlán a chur leis na hallmhairí ola agus gáis ón Rúis atá fágtha, chuir an Coimisiún treochlár REPowerEU i láthair i mí na Bealtaine 2025 mar obair leantach ar phlean REPowerEU. Ceann dá phríomhspriocanna insoláthartha is ea rialachán nua chun deireadh iomlán a chur le hallmhairí gáis ón Rúis a thabhairt isteach san Aontas.
I mí na Nollag 2025, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach maidir leis an rialachán nua sin, agus glacadh go foirmiúil é an 26 Eanáir 2026. Tá toirmeasc céim ar chéim ann ar GNL agus ar ghás píblíne araon ón Rúis, agus toirmeasc iomlán ann ó dheireadh 2026 agus ó fhómhar 2027 faoi seach.
Deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh ón Rúis
Féach freisin
Cén fhreagairt a thug an tAontas ar an ngéarchéim fuinnimh in 2022?
Mar atá an fuinneamh glas á bhaint amach ag an Aontas
Cá as a dtagann gás an Aontais? (Grafaic faisnéise)
An t-athbhreithniú deireanach: an 26 Eanáir 2026