Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 55 Torthaí
An méid atá á dhéanamh ag an Aontas chun borradh a chur faoina iomaíochas
I ré seo na héagobhsaíochta atá ag dul i méid, tá an tAontas ag gníomhú go diongbháilte chun a iomaíochas a neartú, rud a chinnteoidh rathúnas agus slándáil dá shaoránaigh.

Cé mhéad gáis atá stóráilte ag tíortha an Aontais?
Faigh tuilleadh eolais faoi acmhainneacht stórála gáis Bhallstáit an Aontais agus leibhéil líonta na gcúltaiscí gáis faoi thalamh san Aontas.

Beartas tionsclaíoch an Aontais
Is é is aidhm do bheartas tionsclaíoch an Aontais iomaíochas thionscal an Aontais a neartú agus geilleagar níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos digitithe a chur chun cinn lena gcruthófar poist.

Cá as a dtagann gás an Aontais?
Faigh amach cé na tíortha a sholáthraíonn an méid is mó gáis don Aontas agus cé mhéad gáis a allmhairíonn an tAontas.

Inbhuanaitheacht chorparáideach
D’fhorbair an tAontas beartais inbhuanaitheachta corparáidí le haghaidh gnólachtaí agus é mar aidhm leo cosaint don chomhshaol agus do chearta an duine a fheabhsú san Aontas agus níos faide i gcéin.

Cén fhreagairt a thug an tAontas ar an ngéarchéim fuinnimh in 2022?
Ba é cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin ba chúis le géarchéim fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe san Eoraip in 2022. Sheas tíortha an Aontais le chéile agus chuidigh a bhfreagairt le praghsanna a choinneáil íseal.

An clár um an tionscal cosanta Eorpach
Tá an clár um an tionscal cosanta Eorpach (EDIP) ar cheann den iliomad tionscnamh ar thug an Aontas faoi chun borradh a chur faoina ullmhacht cosanta agus chun tionscal cosanta na hEorpa a fheabhsú i bhfianaise timpeallacht slándála atá ag athrú.

Caidreamh trádála idir an tAontas agus an tSile: fíricí agus figiúirí
Is é an tAontas an tríú comhpháirtí trádála is mó atá ag an tSile. Táirmhiotail, táirgí plandúla agus táirgí mianracha na hallmhairí is mó as an tSile chuig an Aontas.

An tslí a gcosnaíonn an tAontas cearta maoine intleachtúla
D’fhorbair an tAontas dlíthe láidre chun cosaint a thabhairt do phaitinní, dearaí tionsclaíocha, cóipchearta agus táirgí áitiúla talmhaíochta, tionsclaíocha agus ceardaíochta.

I dtreo slabhra soláthair ceallraí Eorpach atá inbhuanaithe agus ciorclach
Tá an tAontas ag obair i dtreo slabhra luacha ceallraí atá inbhuanaithe, ciorclach agus Eorpach. Leis na comhrialacha nua cuirfear le buntáiste iomaíoch an Aontais sna margaí ceallraí inbhuanaithe.
