Iarratais ar thearmann san Aontas
rinne 962 160 saoránach nach saoránaigh de chuid an Aontais iad iarratas ar thearmann san Aontas in 2022. Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú eolas faoi na nithe seo a leanas:
- treochtaí i líon na n-iarrthóirí tearmainn san Aontas
- tíortha tionscnaimh na n-iarrthóirí tearmainn
- líon na n-iarratas in aghaidh an Bhallstáit
Idir iarratasóirí céaduaire ar thearmann agus iarratais a rinneadh ina dhiaidh sin atá san áireamh sna figiúirí sin.
Treochtaí maidir le hiarratais ar thearmann (1990-2022)
Bhain na hiarratais ar thearmann san Aontas buaicleibhéal amach in 2015 agus 2016 agus tháinig laghdú orthu ina dhiaidh sin. Bhí méadú 52% ann idir 2021 agus 2022.
Maidir leis na figiúirí ó 2020 i leith, ní áirítear iarratais a rinneadh sa Ríocht Aontaithe (tar éis di tarraingt siar as an Aontas Eorpach).
Iarrthóirí tearmainn san Aontas, 1990-2021
- 397 030 iarratas ar thearmann in 1990
- 511 185 iarratas ar thearmann in 1991
- 672 385 iarratas ar thearmann in 1992
- 516 705 iarratas ar thearmann in 1993
- 300 280 iarratas ar thearmann in 1994
- 263 655 iarratas ar thearmann in 1995
- 227 805 iarratas ar thearmann in 1996
- 242 780 iarratas ar thearmann in 1997
- 313 645 iarratas ar thearmann in 1998
- 380 450 iarratas ar thearmann in 1999
- 406 585 iarratas ar thearmann in 2000
- 424 180 iarratas ar thearmann in 2001
- 421 470 iarratas ar thearmann in 2002
- 344 800 iarratas ar thearmann in 2003
- 276 675 iarratas ar thearmann in 2004
- 234 675 iarratas ar thearmann in 2005
- 197 410 iarratas ar thearmann in 2006
- 222 635 iarratas ar thearmann in 2007
- 225 155 iarratas ar thearmann in 2008
- 263 925 iarratas ar thearmann in 2009
- 259 635 iarratas ar thearmann in 2010
- 309 045 iarratas ar thearmann in 2011
- 335 290 iarratas ar thearmann in 2012
- 421 820 iarratas ar thearmann in 2013
- 617 740 iarratas ar thearmann in 2014
- 1 322 135 iarratas ar thearmann in 2015
- 1 248 325 iarratas ar thearmann in 2016
- 695 485 iarratas ar thearmann in 2017
- 640 735 iarratas ar thearmann in 2018
- 712 955 iarratas ar thearmann in 2019
- 472 395 iarratas ar thearmann in 2020
- 632 405 iarratas ar thearmann in 2021
- 962 160 iarratas ar thearmann in 2022
Foinse: Eurostat
Tíortha tionscnaimh na n-iarrthóirí tearmainn (2022)
Siriaigh, Afganastánaigh, Turcaigh agus Veiniséalaigh is mó a thaisc iarratais ar thearmann; ba ionann a n-iarratais san iomlán agus beagnach 40% de na hiarratais ar fad i mBallstáit an Aontais in 2022.
Ó 2013 i leith, is saoránaigh de chuid na Siria – thar aon tír eile – a d’éiligh tearmann san Aontas. 135 465 iarratas a thaisc Siriaigh in 2022.
Is iad na tíortha lena mbaineann an líon is mó iarratas (1 000 nó níos mó) amháin a léirítear sa chairt seo.
Na príomhthíortha tionscnaimh in 2021:
- an Albáin: 11 305 iarratas
- an Cholóim 13 830 iarratas
- Maracó 14 420 iarratas
- an tSeoirsia 14 595 iarratas
- an tSomáil 16 675 iarratas
- an Nigéir 16 800 iarratas
- Veiniséala 17 900 iarratas
- an Bhanglaidéis 20 090 iarratas
- an Tuirc 22 190 iarratas
- an Phacastáin 24 820 iarratas
- an Iaráic 29 850 iarratas
- an Afganastáin 98 685 iarratas
- an tSiria 115 470 iarratas
Líon na n-iarratas céaduaire in aghaidh an Bhallstáit (2022)
In 2022, fuair an Ghearmáin an ceathrú cuid (25%) de na hiarratais ar thearmann san Aontas, agus sna sála uirthi bhí na tíortha seo a leanas:
- an Fhrainc (16%)
- an Spáinn (12%)
- an Ostair (11%)
- an Iodáil (9%)
Fuair na cúig Bhallstát sin eatarthu beagnach trí cheathrú de na hiarratais chéaduaire uile ar thearmann san Aontas.
Iarratais ar thearmann in 2022:
- an Ostair: 108 755
- an Bheilg: 36 740
- an Bhulgáir: 20 390
- an Chróit: 12 870
- an Chipir: 22 190
- an tSeicia: 1 685
- an Danmhairg: 4 565
- an Eastóin: 2 945
- an Fhionlainn: 5 780
- an Fhrainc: 156 455
- an Ghearmáin: 243 835
- an Ghréig: 37 375
- an Ungáir: 53 45
- Éire: 13 660
- an Iodáil: 8 4290
- an Laitvia: 53 620
- an Liotuáin: 1 025
- Lucsamburg: 2 445
- Málta: 1 320
- an Ísiltír: 37 020
- an Pholainn: 9 810
- an Phortaingéil: 2 115
- an Rómáin: 12 355
- an tSlóvaic: 53 545
- an tSlóivéin: 6 785
- an Spáinn: 117 945
- an tSualainn: 18 605
An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Aibreán 2024