An Comhshocrú maidir le himirce agus tearmann
Tá sraith rialacha tugtha isteach ag an Aontas chun an imirce a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí agus chun comhchóras tearmainn na hEorpa a bhunú. Cinntítear leis an gcóras sin nósanna imeachta éifeachtúla aonfhoirmeacha, agus dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chothrom freagrachta idir na Ballstáit.
An comhshocrú i mbeagán focal
Leis an gcomhshocrú maidir le himirce agus tearmann, tugtar isteach sraith rialacha chun an imirce a bhainistiú agus chun comhchóras tearmainn a bhunú ar leibhéal an Aontais, agus ceanglais na mBallstát á gcothromú le cosaint na ndaoine atá i ngátar.
Ag tógáil ar na rialacha a bhí ann roimhe seo, cuirtear cur chuige cuimsitheach ar fáil leis an gcomhshocrú, lena dtugtar le chéile príomhbheartais an Aontais maidir le himirce, tearmann, bainistiú teorainneacha agus lánpháirtiú.
Is é is aidhm don chomhshocrú an méid seo a leanas a dhéanamh:
- leis na daoine a thagann isteach a bhainistiú ar bhealach ordúil
- le nósanna imeachta éifeachtúla aonfhoirmeacha a chruthú
- cothromaíocht chóir a chinntiú idir an dlúthpháirtíocht agus freagracht i measc na mBallstát
Ghlac an Chomhairle an comhshocrú ina iomláine an 14 Bealtaine 2024 agus tháinig na rialacha i bhfeidhm an 12 Meitheamh 2026.
Cad a chumhdaítear leis an gcomhshocrú?
Leis an gcomhshocrú, cumhdaítear raon leathan saincheisteanna a bhaineann le gach gné de na córais imirce agus tearmainn. I dteannta a chéile, cinntíonn siad go bhfuil teorainneacha seachtracha láidre agus slána ag an Aontas, go ráthaítear cearta daoine agus nach bhfágtar aon tír de chuid an Aontais leis féin chun déileáil le brú imirce. Déantar an imirce a leabú go daingean i gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta freisin, rud a chuidíonn le himeachtaí neamhrialta a chosc agus smuigleáil imirceach a chomhrac.
Príomhréimsí reachtacha an chomhshocraithe
Bainistiú Tearmainn agus Imirce
Cásanna géarchéime agus force majeure
Bunachar sonraí bithmhéadrach an Aontais (Eurodac)
Cáilíocht
Scagadh
Nós imeachta comhchoiteann tearmainn
Dálaí glactha a fheabhsú
Athlonnú
Tacaíocht maidir leis an gcomhshocrú a chur chun feidhme
Tá bearta éagsúla curtha ar aghaidh ag an Aontas chun tacú leis na Ballstáit an comhshocrú agus a rialacha a chur chun feidhme.
Tar éis ghlacadh an chomhshocraithe, thíolaic an Coimisiún plean cur chun feidhme coiteann an 12 Meitheamh 2024. Leagadh amach ann na bearta is gá a dhéanamh chun rialacha nua an chomhshocraithe a chur i bhfeidhm. Bunaithe ar dheich mbloc tógála an phlean, rinne an Coimisiún faireachán ar dhul chun cinn na mBallstát maidir leis an gcomhshocrú a chur chun feidhme trí thuarascálacha rialta ar staid na himeartha.
An 29 Eanáir 2026, thíolaic an Coimisiún an chéad straitéis Eorpach um bainistiú tearmainn agus imirce. Ag tógáil ar na straitéisí náisiúnta, leagtar amach inti treoir straitéiseach an Aontais maidir leis an mbeartas imirce agus tearmainn le haghaidh 2026-2031.
An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Meitheamh 2026