Skip to content

An geilleagar ciorclach - cén buntáiste atá leis?

Cad é an buntáiste atá leis an ngeilleagar ciorclach? Murab ionann agus an múnla traidisiúnta eacnamaíoch, a dhéanann neamhshuim don dramhaíl agus don líon teoranta acmhainní atá againn, tá an geilleagar ciorclach dírithe ar an bhfás inbhuanaithe, ar an dramhaíl a laghdú a mhéid is féidir, agus ar an tairbhe a bhaintear as ábhair éagsúla a chothú.

Timthriall na dramhaíola sa mhúnla traidisiúnta

  • An t-aer - dá mhéad a dhóitear dramhaíl is ea is mó a scriostar an t-aer
  • An t-uisce - tá an fíoruisce faoi thalamh á scrios ag dramhaíl ó mhonarchana
  • An fharraige - tá na farraigí á scrios ag dramhaíl phlaisteach
  • An ithir - tá an ithir á scrios ar na feirmeoirí ag cairn fuílligh

An geilleagar ciorclach: laghdú mór ar an dramhaíl

  • An éiceanuálaíocht - baintear leas as táirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol
  • Acmhainní - téitear i muinín na n-acmhainní nádúrtha atá againn féin san Aontas seachas iontu siúd ón gcoigríoch
  • Athchúrsáil - baintear sochar eacnamaíoch as an dramhaíl trí athúsáid inbhuanaithe, athchúrsáil, dramhaíl in-bhithmhillte