An geilleagar ciorclach
Plean an Aontais aistriú chuig samhail eacnamaíoch chiorclach le gur glaine agus gur iomaíche í an Eoraip.
Níl ach méid áirithe acmhainní ar domhan. Má leanaimid orainn ag táirgeadh agus ag tomhailt faoi mar atáimid faoi láthair, is ea bheidh trí dhomhan de dhíth orainn faoi 2050.
Chuir Ballstáit an Aontais rompu geilleagar an Aontais a athrú ó bhonn agus córas ciorclach a chur i bhfeidhm inar inbhuanaithe iad na táirgí agus ina ndéanfar ábhair a aisghabháil ar mhaithe le teacht roimh an dramhaíl.
An geilleagar ciorclach - cad é féin?
Is ar tháirgí agus ábhair a chomhroinnt, a dheisiú, a athúsáid agus a athchúrsáil chomh fada agus is féidir, atá an tsamhail eacnamaíoch chiorclach bunaithe. Cuideoidh an geilleagar ciorclach linn an dramhaíl a laghdú a mhéad is féidir, ach a mbainfear fad as saolré táirgí.
Más uainn iompú ar an ngeilleagar ciorclach, ní mór dúinn níos lú acmhainní nádúrtha a úsáid agus an spleáchas ar allmhairí amhábhar a laghdú. Ciallaíonn sin nach ceart a oiread céanna a tháirgeadh rud a fhágfadh nach ndéanfaí a oiread céanna astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoileadh, rud a laghdóidh an tionchar atá againn ar an gcomhshaol agus ar an dúlra. Is deis í an tsamhail chiorclach freisin an t-iomaíochas a mhéadú agus poist nua agus deiseanna nua gnó a chruthú.
Acmhainní
Tá amhábhair ríthábhachtach don gheilleagar agus tiocfaidh méadú as cuimse ar an éileamh a bheidh orthu sna blianta atá romhainn. Ach bíonn an-tionchar go deo ag eastóscadh agus próiseáil acmhainní ar an gcomhshaol.
I ngeilleagar ciorclach, laghdaítear an t-éileamh ar amhábhair, agus déantar ábhair a athchúrsáil agus a thabhairt ar ais isteach i dtimthriall na táirgeachta.
Táirgeadh
Faoin tsamhail chiorclach, féachtar chuige go seasfaidh táirgí an aimsir agus go mbeidh siad níos in-athchúrsáilte, níos tíosaí ar fhuinneamh agus níos indeisithe.
Le rialacha an Aontais, leagtar síos ceanglais inbhuanaitheachta do gach táirge lena gcumhdaítear a saolré iomlán agus cruthaítear dreasachtaí do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí araon earraí a dheisiú seachas fáil réidh leo díreach tar éis a n-úsáide.
Tomhailt
Le cois na mbeart sin lena mbaintear fad as saolré táirgí, féachann rialacha an Aontais lena chur ar chumas tomhaltóirí roghanna níos eolaí agus níos inbhuanaithe a dhéanamh tráth a mbíonn táirge nó seirbhís á gceannach acu.
Faoi na rialacha sin, má mhaíonn cuideachtaí gur táirgí glasa iad na táirgí atá acu, ní mór dóibh é sin a chruthú, trí bheith páirteach i scéimeanna deimhniúcháin, mar shampla, Éicilipéad an Aontais.
Aisghabháil agus dramhaíl
Acmhainn atá sa dramhaíl sa gheilleagar ciorclach. Leagtar síos i reachtaíocht an Aontais rialacha maidir le hábhair a aisghabháil agus a athúsáid chun táirgí agus acmhainní nua a dhéanamh díobh.
Ghlac Ballstáit an Aontais bearta le haghaidh dramhaíl a chosc agus a laghdú, mar shampla trí shrian a chur le hearraí plaisteacha agus le cineálacha áirithe pacáistíochta.
Is plaisteach é 80% den dramhaíl a fhaightear sna haigéin. Ó 2021 i leith, chuir an tAontas bac ar na 10 n-earra plaisteacha aon-úsáide is coitianta ó bheith ar an margadh.
An geilleagar ciorclach sa saol laethúil
Aonluchtaire uilíoch amháin le haghaidh na bhfón póca uile agus na ríomhairí glúine uile.
Táirgtear ceallraí le go seasfaidh siad an aimsir agus déantar a gcomhpháirteanna a athchúrsáil.
Ní ceadmhach do bhrandaí faisin ná do shiopaí teicstílí nár díoladh a scriosadh a thuilleadh.
An phacáistíocht le laghdú a oiread is féidir ionas nach gcuirfear acmhainní amú.
Cur amú bia le laghdú 30% sna bialanna, sa mhiondíoltóireacht agus sa bhaile.
Comhpháirteanna feithicle le hathúsáid nó, le hathchúrsáil ar a laghad.
An scéala is déanaí
Na blaisíní breise is déanaí
An méid atá á dhéanamh ag an Aontas chun borradh a chur faoina iomaíochas
An gníomh um amhábhair chriticiúla
Uisce
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Iúil 2026