Skip to content

Vacsaíní veicteoirvíris i gcoinne COVID-19: seo mar a fheidhmíonn siad

Grafaic faisnéise: céard is veicteoirvíreas ann agus céard a tharlaíonn sa cholainn nuair a fhaigheann tú vacsaín.

Céard is veicteoirvíreas ann?

Baineann vacsaíní veicteoirvíris leas as leagan éadrom de víreas ar mhaithe le treoir a sheoladh go sábháilte chuig na cealla sa cholainn. Mar chód géiniteach a dhéantar é seo.

Bunaithe ar an treoir sin, cruthaíonn do cholainn sampla neamhdhíobhálach den choróinvíreas; seo í an 'spícephróitéin’.

Fágann an cineál seo víris a lorg – aithníonn an córas imdhíonachta an spícephróitéin – agus i gcás an ionfhabhtaithe, tig leis an coróinvíreas a mharú agus an galar a chosc.

Ní bhíonn baint ná páirt ag na veicteoirvíris a úsáidtear sna vacsaíní leis an DNA agus ní chuirtear isteach ar an DNA ach an oiread.

Céard a tharlaíonn sa cholainn nuair a fhaigheann tú vacsaín veicteoirvíris

  1. ach an t-instealladh faighte, téann an t-adanaivíreas a iompraíonn an treoir maidir le spícephróitéiní a chruthú isteach sna cealla
  2. cruthaíonn an cholainn na spícephróitéiní
  3. braitheann an córas imdhíonachta na próitéiní coimhthíocha agus táirgeann sé antasubstaintí agus cealla imdhíonacha chun iad a chomhrac
  4. faigheann an cholainn réidh go sciobtha leis an adanaivíreas mar aon leis an eolas géiniteach
  5. má fhaigheann tú an coróinvíreas amach anseo, braithfidh an córas imdhíonachta na spícephróitéiní agus cuirfidh sé an víreas de dhroim seoil
  6. ní bheidh tú tinn

Tairbhe mhór

Tá caipsid an adanaivíris crua; cuidíonn seo le treoir ghéiniteach an DNA a choinneáil slán.

Fágann sin nach gá na vacsaíní veicteoirvíris a fhágáil reoite ag teocht ultra-íseal; mairfidh siad cúpla mí ach iad stóráilte ag gnáth-theocht an chuisneora (2-8 C).