Skip to content

An caidreamh idir an tAontas agus an Éigipt: fíricí agus figiúirí

Tá caidreamh láidir seanbhunaithe idir an tAontas agus an Éigipt agus is comhar í atá ag dul ó neart go neart. Is príomh-chomhpháirtí straitéiseach í an Éigipt i bhfianaise a suímh gheografaigh agus an róil thábhachtaigh atá aici sa réigiún.

An comhar polaitiúil

I mí an Mhárta 2024, shínigh an tAontas agus an Éigipt comhpháirtíocht straitéiseach agus chuimsitheach, lena gcuirtear tuilleadh dlúis lena an gcaidreamh eatarthu. Díríonn an chomhpháirtíocht ar 6 cholún:

  • an caidreamh polaitiúil
  • an chobhsaíocht eacnamaíoch
  • an trádáil agus an infheistíocht
  • an imirce agus an tsoghluaisteacht
  • an tslándáil
  • an déimeagrafaíocht agus an caipiteal daonna

Tionóladh an chéad chruinniú mullaigh riamh idir an tAontas Eorpach agus an Éigipt sa Bhruiséil an 22 Deireadh Fómhair 2025. Deis a bhí sa chruinniú mullaigh an caidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an Éigipt agus a gcomhpháirtíocht pholaitiúil agus eacnamaíoch a dhoimhniú a thuilleadh, agus é mar aidhm leis sin cobhsaíocht, síocháin agus rathúnas coiteann na bpáirtithe a chothú.

Cruinneog ina leagtar béim ar an Aontas Eorpach agus ar an Éigipt leis na bratacha faoi seach.

Cúnamh airgeadais

pacáiste airgeadais agus infheistíochta dar luach €7.4 billiún don tréimhse 2024‐2027 ag gabháil leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach agus chuimsitheach idir an tAontas agus an Éigipt.

trí bhíthin oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais

atá le slógadh trí na hinstitiúidí airgeadais Eorpacha

€200 milliún le haghaidh imirce san áireamh

I mí na Nollag 2024, d’eisíoc an tAontas €1 bhilliún i gcúnamh macrairgeadais gearrthéarmach. In 2025, glacadh an dara pacáiste cúnaimh macrairgeadais de €4 bhilliún. Eisíocadh an chéad €1 bhilliún den phacáiste sin i mí Eanáir 2026.

Ina theannta sin, i mí an Mheithimh 2025, seoladh sásra an Aontais agus na hÉigipte um ráthaíocht infheistíochta le haghaidh forbraíochta. Is é an aidhm atá ann suas le €5 bhilliún d’infheistíochtaí a shlógadh faoi 2027 chun tacú le haistriú glas na hÉigipte.

An comhar maidir leis an taighde agus an nuálaíocht

Ar imeall a gcéad chruinnithe mullaigh dhéthaobhaigh, a bhí ar siúil i mí Dheireadh Fómhair 2025, shínigh an tAontas agus an Éigipt comhaontú maidir le comhlachas na hÉigipte leis an gclár Fís Eorpach, clár suaitheanta cistiúcháin taighde agus nuálaíochta an Aontais. Leis an gcomhaontú, ar tugadh an chaibidlíocht ina leith i gcrích i mí Aibreáin 2025, treiseofar acmhainneachtaí taighde agus nuálaíochta na hÉigipte, rud a chuirfidh ar a gcumas do lucht déanta taighde agus d’eagraíochtaí san Éigipt páirt a ghlacadh i dtionscadail chomhpháirteacha taighde ar théarmaí atá coibhéiseach le heintitis atá bunaithe i dtíortha an Aontais.

An caidreamh trádála

Trádáil earraí

In 2025, ba é an tAontas príomh-chomhpháirtí trádála na hÉigipte in earraí; níos mó ná 22% den trádáil iomlán a rinne an Éigipt an bhliain sin. B’fhiú os cionn €32.4 billiún an trádáil earraí idir an tAontas agus an Éigipt, lena gcuimsítear €12.4 billiún d’allmhairí agus €20 billiún d’onnmhairí.

Le deich mbliana anuas, tá méadú thart ar 27% tagtha ar thrádáil earraí idir an tAontas agus an Éigipt.

Ar chlé, tá ciorcal ina léirítear bratach na hÉigipte, ar a bhfuil stríoca dearga, bána agus dubha agus ina bhfuil iolar órga sa lár. Tá trí shaighead ag síneadh ón mbratach sin i dtreo ciorcal ar thaobh ná láimhe deise a bhfuil dhá cheann déag de réaltaí an Aontais mar imlíne aige.

Luach €12.6 billiún d’allmhairí ón Éigipt

Cairt chearnógach lena léirítear an trádáil earraí idir an tAontas agus an Éigipt.
Ar chlé, tá ciorcal a bhfuil dhá cheann déag de réaltaí an Aontais mar imlíne aige. Tá trí shaighead ag síneadh ón gciorcal sin i dtreo ciorcal eile ar thaobh na láimhe deise ina léirítear bratach na hÉigipte, ar a bhfuil stríoca dearga, bána agus dubha agus ina bhfuil iolar órga sa lár.

Luach €20 billiún d’onnmhairí chuig an Éigipt

Na hearraí is mó a thrádáiltear idir an tAontas agus an Éigipt

ceimiceáin

innealra agus fearais (onnmhairí ón Aontas)

táirgí mianracha

glasraí (allmhairí chuig an Aontas)

Trádáil seirbhísí

In 2024 (an bhliain is déanaí a raibh sonraí ar fáil ina leith), b’fhiú breis agus €13.7 billiún an trádáil seirbhísí idir an tAontas agus an Éigipt – €5.6 billiún d’onnmhairí ón Aontas agus beagnach €8.2 billiún d’allmhairí chuig an Aontas. Tháinig dúbailt ar an trádáil seirbhísí (+102%) idir 2014 agus 2024.

Ar chlé, tá ciorcal ina léirítear bratach na hÉigipte, ar a bhfuil stríoca dearga, bána agus dubha agus ina bhfuil iolar órga sa lár. Tá trí shaighead ag síneadh ón mbratach sin i dtreo ciorcal ar thaobh ná láimhe deise a bhfuil dhá cheann déag de réaltaí an Aontais mar imlíne aige.

Luach €8.2 billiún d’allmhairí ón Éigipt

Cairt chearnógach lena léirítear an trádáil seirbhísí idir an tAontas agus an Éigipt.
Ar chlé, tá ciorcal a bhfuil dhá cheann déag de réaltaí an Aontais mar imlíne aige. Tá trí shaighead ag síneadh ón gciorcal sin i dtreo ciorcal eile ar thaobh na láimhe deise ina léirítear bratach na hÉigipte, ar a bhfuil stríoca dearga, bána agus dubha agus ina bhfuil iolar órga sa lár.

Luach €5.6 billiún d’onnmhairí chuig an Éigipt

Na príomhsheirbhísí sa trádáil idir an tAontas agus an Éigipt

seirbhísí iompair

seirbhísí taistil (allmhairí chuig an Aontas)

seirbhísí gnó eile (e.g. seirbhísí gairmiúla agus comhairliúcháin bainistíochta)

seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí ríomhaire agus faisnéise (onnmhairí ón Aontas)

Comhaontuithe idir an tAontas agus an Éigipt a bhaineann leis an trádáil

Tá an comhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Éigipt i bhfeidhm ó bhí 2004 ann. Cruthaíonn sé limistéar saorthrádála idir an tAontas agus an Éigipt trí tharaifí ar tháirgí tionsclaíocha a bhaint agus trína dhéanamh níos fusa táirgí talmhaíochta a thrádáil.

Tháinig comhaontú eile maidir le táirgí talmhaíochta, táirgí talmhaíochta próiseáilte agus táirgí iascaigh i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2010.

Infheistíochtaí díreacha coigríche

In 2024, bhí luach €37.1 billiún san iomlán ar stoc infheistíochta dírí coigríche iomlán idir an tAontas agus an Éigipt, lena gcuimsítear luach €1.7 billiún ar stoc infheistíochta dírí coigríche isteach de chuid an Aontais, agus luach €35.4 billiún ar stoc infheistíochta dírí coigríche amach de chuid an Aontais.

An comhar maidir leis an tslándáil agus an chosaint

I réimse na síochána, na slándála agus na cosanta, measann an tAontas Eorpach gur príomh-chomhpháirtí í an Éigipt, lena n-áirítear i gcomhthéacs an idirphlé slándála agus cosanta idir an tAontas agus an Éigipt.

Oibríonn an tAontas agus an Éigipt i gcomhar le chéile i réimsí tosaíochta comhroinnte, mar shampla, an tslándáil mhuirí réigiúnach, an fhrithsceimhlitheoireacht agus an chibearshlándáil. Sna pléití eadrainn, tugtar aghaidh freisin ar fhorfheidhmiú an dlí, ar shlándáil teorann, ar an gcoireacht eagraithe a chomhrac, ar an gcomhrac i gcoinne gach cineál smuigleála agus gáinneála, agus ar fheachtais bhréagaisnéise.

Tá an Éigipt ar cheann de thairbhithe na Saoráide Eorpaí Síochána. Go dtí seo, ghlac an Chomhairle dhá bheart cúnaimh – dar luach €40 milliún – chun cuidiú le Fórsaí Armtha na hÉigipte. Is é is cuspóir don bheart cúnaimh slándáil agus cobhsaíocht náisiúnta na hÉigipte a fheabhsú chomh maith le sibhialtaigh a chosaint.

Ba i mí Bealtaine 2026 a baineadh na sonraí a úsáideadh ar an leathanach seo maidir leis an gcaidreamh trádála idir an tAontas agus an Éigipt agus fuarthas iad ó na tacair sonraí Eurostat seo a leanas:

An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Meitheamh 2026