An chaibidlíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe
An chaibidlíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe
Léirítear sa ghrafaic faisnéise:
- róil na bpríomhinstitiúidí sa chaibidlíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe
- agus na céimeanna nach mór a chur i gcrích.
Is iad seo a leanas na róil agus na céimeanna sa phróiseas:
- Údarú tugtha ag an gComhairle – trí shainordú caibidlíochta – don Choimisiún Eorpach tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe
- An Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa curtha ar an eolas ag an gCoimisiún Eorpach
- An Coimisiún Eorpach dulta i gcomhairle leis an gComhairle
- Comhaontú tugtha i gcrích maidir leis an téacs a bheidh ina bhonn don chaibidlíocht
- Aistrítear an téacs go gach teanga oifigiúil den Aontas Eorpach
- Togra foirmiúil curtha ag an gCoimisiún Eorpach faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh
- Plé déanta ag an gComhairle ar an togra ón gCoimisiún Eorpach
- Déantar athbhreithniú dlíthiúil agus teanga ar an téacs
- Cinneadh glactha maidir le síniú
- An comhaontú sínithe ag an Aontas Eorpach agus ag an Ríocht Aontaithe
- Toiliú tugtha ag Parlaimint na hEorpa
- I gcás comhaontú measctha, ní mór do na Ballstáit é a dhaingniú
- Glactha go foirmiúil ag an gComhairle