Skip to content

An chaoi a n-oibríonn sásra IPCR um fhreagairt ar ghéarchéim

Míniú ar an gcaoi a n-oibríonn sásra IPCR um fhreagairt ar ghéarchéim

Ar cheann de na sásraí atá i bhfearas ag an Aontas chun freagairt ar ghéarchéim tá socruithe comhtháite i leith freagairt pholaitiúil ar ghéarchéim (IPCR). Féadfaidh uachtaránacht na Comhairle úsáid a bhaint as chun an fhreagairt pholaitiúil a chomhordú i gcás géarchéim mhór chasta, lena n-áirítear gníomhartha sceimhlitheoireachta.

I gcás géarchéime:

    • tubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine
    • laistigh agus lasmuigh den Aontas

Féadfar sásra géarchéime na Comhairle a chur i bhfearas

    • ag uachtaránacht na Comhairle
    • nó i gcás ina ndéanann Ballstát an clásal dlúthpháirtíochta a ghníomhachtú

Tugann uachtaránacht na Comhairle na gníomhaithe ábhartha le chéile as:

    • Institiúidí de chuid an Aontais
    • na Ballstáit dá ndéanfar difear
    • páirtithe leasmhara eile

Cuirfidh an sásra géarchéime uirlisí nithiúla ar fáil ionas go mbeifear in ann:

    • an t-eolas a roinnt
    • oibriú as láimh a chéile gan stró
    • an fhreagairt ar an ngéarchéim a chomhordú

3 mhodh oibriúcháin atá ar fáil:

  • Mód faireacháin

    • tuarascálacha atá ann cheana maidir leis an ngéarchéim a chomhroinnt
    • pointe teagmhála 24/7
  • Mód comhroinnte eolais

    • tuarascálacha atá ann cheana maidir leis an ngéarchéim a chomhroinnt
    • pointe teagmhála 24/7
    • tuarascálacha anailíseacha ar chúrsaí
    • ardán gréasáin chun eolas a mhalartú agus a bhailiú
  • Mód gníomhachtaithe iomláin

    • tuarascálacha atá ann cheana maidir leis an ngéarchéim a chomhroinnt
    • pointe teagmhála 24/7
    • tuarascálacha anailíseacha ar chúrsaí
    • ardán gréasáin chun eolas a mhalartú agus a bhailiú
    • cruinniú géarchéime le hambasadóirí nó le hairí an Aontais
    • tograí le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na socruithe comhtháite i leith freagairt ar ghéarchéim pholaitiúil (IPCR), féach:

An t-athbhreithniú deireanach: an 1 Lúnasa 2025