An fhreagairt chomhtháite pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR)
Tacaíonn na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna, ar a dtugtar IPCR anseo feasta (integrated political crisis response), le cinnteoireacht mhear chomhordaithe ar leibhéal polaitiúil an Aontais i dtaobh géarchéimeanna móra casta.
Céard é an fhreagairt chomhtháite pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR)?
I gcás géarchéime nó tubaiste, bídís ina dtubaistí nádúrtha nó ina dtubaistí de dhéanamh an duine, féadfaidh an tAontas roinnt sásraí earnála freagartha ar ghéarchéimeanna a úsáid chun cúnamh a chur ar fáil agus an cás a réiteach.
Tacaíonn na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR) le cinnteoireacht mhear chomhordaithe ar leibhéal polaitiúil an Aontais i gcás géarchéimeanna móra casta, gníomhartha sceimhlitheoireachta san áireamh.
Leis an sásra sin, comhordaíonn Uachtaránacht na Comhairle an fhreagairt pholaitiúil ar an ngéarchéim trí na dreamanna seo a leanas a thabhairt le chéile:
- institiúidí an Aontais
- na Ballstáit lena mbaineann
- príomhghníomhaithe eile
An chaoi a n-oibríonn sásra IPCR um fhreagairt ar ghéarchéim (Grafaic faisnéise)
An chaoi a n-oibríonn comhordú IPCR go hiarbhír i gcás géarchéime
In aimsir ghéarchéime, tugann Uachtaránacht na Comhairle na príomhghníomhaithe le chéile, is é sin, as institiúidí an Aontais agus as na Ballstáit lena mbaineann, chun comhordú a chinntiú agus aghaidh a thabhairt ar na bearnaí.
Is féidir leis an Uachtaránacht sásra na Comhairle um chomhordú i gcás géarchéime a thosú nó is féidir é a thosú ar iarratas ó Bhallstát faoin gclásal dlúthpháirtíochta.
Tacaíonn sásra IPCR le hUachtaránacht na Comhairle, le Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát chuig an Aontas Eorpach (Coreper) agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh, trí uirlisí sonracha a chur ar fáil chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- comhroinnt eolais a chuíchóiriú
- comhar a éascú
- freagairt ar ghéarchéimeanna a chomhordú ar an leibhéal polaitiúil
Cruinniú comhchéime neamhfhoirmiúil an phríomhuirlis atá ann; cruinniú géarchéime is ea é a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle ina cathaoirleach air agus ar a bhfreastalaíonn ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach, ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), ó oifig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ó ghníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, ó na Ballstáit agus ó shaineolaithe. Áirítear ar na huirlisí sin:
- tuarascálacha anailíseacha chun léargas níos fearr a thabhairt do na cinnteoirí ar an staid reatha
- ardán gréasáin ar a ndéanfar eolas a mhalartú agus a bhailiú
- pointe teagmhála 24/7 chun idirchaidreamh leanúnach i measc na bpáirtithe leasmhara a chinntiú
Féadfar an sásra comhordúcháin i leith géarchéimeanna a ghníomhachtú i gcás eachtraí a tharlaíonn laistigh agus lasmuigh den Aontas araon.
Modhanna oibríochtúla
Tá dhá mhodh gníomhachtaithe ann, ag brath ar an gcás:
- modh comhroinnte eolais chun cruthú tuarascálacha anailíseacha agus úsáid an ardáin gréasáin a spreagadh le tuiscint níos fearr a fháil ar chúrsaí áirithe agus ullmhúchán a dhéanamh i gcás ina rachadh cúrsaí chun donais
- modh um ghníomhachtú iomlán lena n-ullmhaítear tograí le haghaidh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a bheidh le cinneadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh nó ag an gComhairle Eorpach
I gcás géarchéim gan gníomhachtú IPCR, is féidir tacú le malartú eolais tríd an modh faireacháin. Tá sásra IPCR á ghníomhachtú faoi láthair go hiomlán le haghaidh trí ghéarchéim shonracha:
- cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
- an staid sa Mheánoirthear
- géarchéim na himirce agus na ndídeanaithe
Leis an ngníomhachtú iomlán is féidir bearta sonracha comhordaithe freagartha ón Aontas a fhorbairt ag cruinnithe comhchéime atá faoi stiúir na huachtaránachta.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi uirlisí agus modhanna oibríochtúla an tsásra comhordúcháin i leith géarchéimeanna, féach:
Ullmhúchán a dhéanamh do ghéarchéimeanna
Tá an Chomhairle rannpháirteach i roinnt gníomhaíochtaí ullmhúcháin lena chinntiú go n-oibríonn sásra IPCR go maith nuair a ghníomhachtófar é. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin:
- oiliúint maidir leis an sásra do na páirtithe leasmhara
- freachnaimh
- eolas a chomhroinnt maidir le rioscaí agus pleanáil
- gréasán daoine ó na Ballstáit agus ó chomhlachtaí an Aontais a bhfuil saineolas acu ar chumarsáid i gcás géarchéime
Gníomhachtuithe reatha IPCR
Gníomhachtuithe iomlána
An staid sa Mheánoirthear
I bhfianaise ionsaithe sceimhlitheoireachta brúidiúla agus neamh-idirdhealaitheacha Hamas ar fud Iosrael, an 7 Deireadh Fómhair 2023, agus an mhéid atá ag titim amach sa Mheánoirthear, chinn Uachtaránacht na Spáinne ar an gComhairle socruithe IPCR a ghníomhachtú sa mhodh faireacháin an 16 Deireadh Fómhair.
An 19 Deireadh Fómhair 2023, mar uasghrádú, rinne an uachtaránacht gníomhachtú iomlán ar shásra IPCR.
- An Meánoirthear: an fhreagairt chomhtháite pholaitiúil ar ghéarchéimeanna gníomhachtaithe ag Uachtaránacht na Comhairle (preasráiteas, an 19 Deireadh Fómhair 2023)
- Seasamh an Aontais maidir leis an staid sa Mheánoirthear
cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
Tar éis don Rúis tús a chur le cogadh foghach ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, chinn Uachtaránacht na Fraince ar an gComhairle socruithe IPCR a ghníomhachtú go hiomlán (an 27 Feabhra 2022).
- Cruinniú Urghnách den Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (na príomhthorthaí, an 27 Feabhra 2022)
- Cogadh na Rúise ar an Úcráin
Géarchéim na himirce agus na ndídeanaithe
Tar éis ghéarchéim na himirce in 2015, chinn Uachtaránacht Lucsamburg, i mí Dheireadh Fómhair 2015, sásra comhordúcháin IPCR i leith géarchéimeanna a ghníomhachtú sa mhodh comhroinnte eolais.
I mí na Samhna 2015, mar uasghrádú, rinne an uachtaránacht gníomhachtú iomlán ar shásra IPCR. Is sa mhodh iomlán atá an sásra ó shin i leith.
- Géarchéim na himirce: cuireann Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh dlús le comhroinnt faisnéise idir na Ballstáit trí Fhreagairt Chomhtháite an Aontais Eorpaigh do ghéarchéimeanna polaitiúla (IPCR) a chur i ngníomh (preaseisiúint, an 30 Deireadh Fómhair 2015)
- Beartas imirce agus tearmainn an Aontais
Modh faireacháin
Ráig den ghalar Ebola
An 1 Meitheamh 2026, chinn Uachtaránacht na Cipire IPCR a úsáid sa mhodh faireacháin chun tacú leis an malartú faisnéise maidir leis an ráig den ghalar Ebola.
Ráig den hantaivíreas
Tar éis ghníomhachtú IPCR a dhíghníomhachtú sa mhód comhroinnte faisnéise le haghaidh ráig ionfhabhtaithe an hantavirus (Andes) an 3 Iúil 2026, osclaíodh leathanach faireacháin ar ardán gréasáin IPCR.
Cuireann an leathanach faireacháin ar chumas na mBallstát, an Choimisiúin agus SEGS faisnéis ábhartha a uaslódáil chun tacú le feasacht staide agus chun aon tuarascálacha atá fágtha nó ábhar ábhartha eile a chomhroinnt.
Gníomhachtuithe IPCR roimhe seo
An crith talún sa Tuirc agus sa tSiria
I ndiaidh an chreatha talún an 6 Feabhra 2023 sa Tuirc agus sa tSiria, chinn Uachtaránacht na Sualainne ar an gComhairle IPCR a ghníomhachtú go hiomlán chun bearta tacaíochta an Aontais a chomhordú.
An 2 Bealtaine 2023, chinn Uachtaránacht na Sualainne IPCR a dhíghníomhachtú.
Ráig choróinvíreas COVID-19
I mí na Nollag 2019, tar éis ráig COVID-19, chinn Uachtaránacht na Fionlainne ar an gComhairle socruithe IPCR an Aontais a ghníomhachtú sa mhodh comhroinnte eolais.
Ós rud é go raibh cúrsaí ag dul in olcas agus i bhfianaise na n-earnálacha éagsúla a bhí thíos leis, rinne Uachtaránacht na Cróite ar an gComhairle gníomhachtú iomlán ar shásra IPCR an 2 Márta 2020.
An 4 Bealtaine 2023, chinn Uachtaránacht na Sualainne ar an gComhairle IPCR a dhíghníomhachtú.
- Ráig COVID-19: dlús curtha ag an uachtaránacht le freagairt an Aontais mar a bhfuil gníomhachtú iomlán IPCR anois ar tinneall (preaseisiúint, an 2 Márta 2020)
- Freagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19
Trasnaíocht eachtrach i gcomhthéacs na dtoghchán Eorpach i mí an Mheithimh 2024
Sna conclúidí ón gcruinniú urghnách a bhí aici an 17 agus an 18 Aibreán 2024 agus i gcomhthéacs na chéad toghchán Eorpach eile, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar institiúidí an Aontais agus ar na húdaráis náisiúnta obair i gcomhar le chéile maidir le ‘rioscaí a eascraíonn as an mbréagaisnéis, lena n-áirítear tríd an intleacht shaorga, agus as ionramháil agus trasnaíocht eachtrach ar eolas i bpróisis toghcháin’.
An 24 Aibreán 2024, ghníomhachtaigh Uachtaránacht na Beilge socruithe IPCR sa mhodh comhroinnte eolais i ndáil le trasnaíocht eachtrach faoi chuimsiú thoghcháin Eorpacha mhí an Mheithimh 2024. Thacaigh gníomhachtú IPCR leis an gcomhar sin trí mhalartú eolais idir na Ballstáit agus institiúidí an Aontais a éascú.
An 25 Meitheamh 2024, chinn Uachtaránacht na Beilge IPCR a dhíghníomhachtú ach chinn sí leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar chúrsaí. I mí an Mheithimh 2025, chinn Uachtaránacht na Polainne IPCR a dhíghníomhachtú.
An chúis a bhfuil sásra freagartha ar ghéarchéimeanna ag teastáil ón Aontas
Ba léir i luathbhlianta an chéid seo go raibh gá, ar leibhéal an Aontais, le sásra freagartha ar ghéarchéimeanna tar éis roinnt eachtraí móra a tharla, ina measc:
- ionsaithe sceimhlitheoireachta 9/11 a rinneadh sna Stáit Aontaithe in 2001
- na hionsaithe sceimhlitheoireachta i Maidrid in 2004 agus i Londain in 2005
- an súnámaí a tharla san Aigéan Indiach in 2004
In 2006, ghlac an Chomhairle na socruithe comhordúcháin i gcás géarchéimeanna agus éigeandálaí. B’amhlaidh a ceapadh na socruithe comhordúcháin i gcás géarchéimeanna i riocht is go bhfeidhmeodh sé mar ardán le heolas a mhalartú agus le gníomhaíochtaí a chomhordú idir na Ballstáit i gcás géarchéim mhór.
In 2013, agus í ag cur leis na socruithe comhordúcháin i gcás géarchéimeanna, ghlac an Chomhairle socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR). Tá buntáistí áirithe ag gabháil leis an sásra feabhsaithe sin, mar shampla:
- breis solúbthachta
- breis inscálaitheachta
- úsáid bhreise á baint as na hacmhainní, as na struchtúir agus as na hacmhainneachtaí atá ann cheana
In 2018, ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme chun go gcódaítear na socruithe IPCR ina ngníomh dlí.
Féach freisin
An Chosaint Shibhialta san Aontas
Cabhair dhaonnúil
Freagairt ar ghéarchéimeanna
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Iúil 2026