Skip to content

Clár Oibre na gCeannairí

Grafaic faisnéise - Clár Oibre na gCeannairí

2017

19-20 Deireadh Fómhair 2017

  • An imirce: an ghné sheachtrach a chomhdhlúthú, lena n-áirítear maoiniú
  • An Eoraip Dhigiteach: obair leantach ag eascairt as Cruinniú Mullaigh Digiteach Thaillinn
  • An chosaint: staid na himeartha le PESCO, an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta
  • Clár Oibre na gCeannairí

17 Samhain 2017 - Cruinniú Mullaigh Sóisialta Göteborg

  • An Eoraip Shóisialta: Poist Chóra agus Fás
  • An tOideachas agus an Cultúr (Comóradh 30 bliain Erasmus)

14-15 Nollaig 2017

  • An chosaint: PESCO a sheoladh agus forléargas ginearálta ar na comhaid éagsúla chosanta
  • Saincheisteanna sóisialta, an cultúr agus an t-oideachas: obair leantach ag eascairt as Cruinniú Mullaigh Sóisialta Göteborg
  • An imirce: an bealach ar aghaidh i ndáil leis an ngné sheachtrach agus inmheánach
  • Cruinniú Mullaigh Euro: AEA + an tAontas Baincéireachta (comhaontú ar amchlár le haghaidh cinntí)

2018

23 Feabhra 2018 - Cruinniú neamhfhoirmiúil (an Bhruiséil)

  • Saincheisteanna institiúideacha: Comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa/liostaí trasnáisiúnta, ceapacháin, lena n-áirítear Spitzenkandidaten
  • CAI: díospóireacht ar na tosaíochtaí polaitiúla

22-23 Márta 2018

  • Straitéisí don mhargadh aonair (dul chun cinn a áirithiú i dtreo spriocdháta 2018 a bhaint amach)
  • An trádáil: cosaint na trádála, comhaontuithe saorthrádála, infheistíochtaí a scagadh
  • An aeráid agus fuinneamh (treoshuí le tuilleadh oibre a dhéanamh)
  • Cúrsaí digiteacha: saincheisteanna dá dteastaíonn cinneadh ó na Ceannairí, amhail ríomhthráchtáil, cóipcheart, cánachas
  • Taighde agus nuálaíocht: na céimeanna is gá chun an t-iomaíochas domhanda a áirithiú

16-17 Bealtaine 2018 - Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar (Sóifia)

  • Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar
  • (Ábhair fhéideartha eile) An imirce: comhaontú foriomlán maidir leis an mbeartas inmheánach agus seachtrach

28 Meitheamh 2018

  • Cinneadh ón gComhairle Eorpach maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa
  • Cosaint (treoshuí le tuilleadh oibre a dhéanamh)
  • AEA (cinntí nithiúla maidir le hathchóiriú)
  • (Ábhair fhéideartha eile) An imirce: comhaontú foriomlán maidir leis an mbeartas inmheánach agus seachtrach
  • Clár Oibre na gCeannairí: staid na hoibre maidir le cur chun feidhme

19-20 Meán Fómhair 2018 - Cruinniú neamhfhoirmiúil (Salzburg)

  • An tslándáil inmheánach: seiceálacha ag na teorainneacha seachtracha, malartú faisnéise, comhar oibríochtúil, an tslándáil agus ceartas coiriúil i gcúrsaí cibearspáis, an radacú a chosc (treoshuí don obair a dhéanfar amach anseo)

18 Deireadh Fómhair 2018

  • An tslándáil inmheánach: obair leantach an chruinnithe neamhfhoirmiúil
  • An imirce
  • Trádáil: an beartas trádála a bheidh ann amach anseo, ról an Aontais sa chóras iltaobhach trádála

13-14 Nollaig 2018

  • CAI (Tuarascáil ar dhul chun cinn)
  • An margadh aonair (treoshuí don todhchaí tar éis spriocdháta 2018)

2019

21-22 Márta 2019

  • Saincheisteanna eacnamaíocha agus trádála
  • AEA (staid na hoibre agus aon chinntí breise)

9 Bealtaine 2019 - Cruinniú neamhfhoirmiúil (Sibiu)

  • Clár Oibre na gCeannairí a chur chun feidhme
  • Clár Oibre Straitéiseach 2019-2024 a ullmhú

20-21 Meitheamh 2019

  • CAI (tuarascáil ar dhul chun cinn/díospóireacht ar mhaithe le caibidlíocht a thabhairt i gcrích níos faide anonn in 2019)
  • Clár Oibre Straitéiseach 2019-2024
  • Ceapacháin ardleibhéil

Ar dhul i gcomhairle dó le gach duine de 28 gceannaire an Aontais, leag Donald Tusk plean beartais an Aontais amach don dá bhliain seo romhainn.