Trádáil idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré: fíricí agus figiúirí
Tá an caidreamh trádála idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré bunaithe ar chomhaontú saorthrádála a daingníodh i mí na Nollag 2015.
Maidir le Poblacht na Cóiré
Is í Poblacht na Cóiré an 13ú geilleagar is mó ar domhan agus tá daonra os cionn 51 mhilliún duine aici.
Tá ceann de na claochluithe forbartha is suntasaí sa stair nua-aimseartha bainte amach ag an tír, agus í ina geilleagar ardioncaim atá dírithe ar an nuálaíocht. Idir 1980 agus 2024, tháinig méadú 5.6% in aghaidh na bliana ar an meán ar fhíor-OTI. Caitheann Poblacht na Cóiré 4.9% dá OTI ar T&F, i gcomparáid le 2.3% san Aontas.
Is tír í atá láidir i réimse na tionsclaíochta. Ar na láidreachtaí atá aici, tá táirgí ardteicneolaíochta agus táirgí atá dian ar T&F, mar shampla leathsheoltóirí, cógaisíocht, bith-theicneolaíocht agus leictreonaic tomhaltóra, chomh maith leis an earnáil longthógála agus an earnáil mótarfheithiclí, lena n-áirítear ceallraí feithiclí leictreacha.
Trádáil earraí (2025)
B’fhiú níos mó ná €124 bhilliún an trádáil earraí idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré in 2025. Ba é an tAontas an tríú comhpháirtí trádála ba mhó a bhí ag Poblacht na Cóiré, agus é freagrach as 10% dá trádáil. Ba í Poblacht na Cóiré an t‑ochtú comhpháirtí trádála ba mhó a bhí ag an Aontas.
Luach €69.7 billiún d’allmhairí chuig an Aontas
Luach €54.5 billiún d’onnmhairí ón Aontas
Na hearraí is mó a thrádáiltear idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré
innealra agus trealamh iompair
ceimiceáin agus táirgí gaolmhara
earraí monaraithe ilghnéitheacha
Trádáil seirbhísí (2024)
In 2024 (an bhliain dheireanach a raibh sonraí ar fáil ina leith), b’fhiú beagnach €33 bhilliún an trádáil seirbhísí idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré.
Luach €12.2 billiún d’allmhairí chuig an Aontas
Luach €20.8 billiún d’onnmhairí ón Aontas
Na seirbhísí is mó a thrádáiltear idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré
iompar
seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí ríomhaire agus faisnéise
T&F, seirbhísí maidir le comharliúchán gairmiúil agus le comhairliúchán bainistíochta
seirbhísí cothabhála agus deisiúcháin (le haghaidh allmhairí an Aontais)
Comhaontú saorthrádála idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré
Thosaigh an comhaontú saorthrádála idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré d’fheidhm shealadach a bheith aige i mí Iúil 2011 agus daingníodh go foirmiúil é i mí na Nollag 2015.
Ó tháinig an comhaontú saorthrádála i bhfeidhm, tá méadú suntasach tagtha ar an trádáil dhéthaobhach agus ar an infheistíocht dhéthaobhach. Ar an meán, tháinig méadú 5.3% in aghaidh na bliana ar thrádáil earraí idir 2011 agus 2025.
Tá na buntáistí seo a leanas ar phríomhbhuntáistí an chomhaontaithe:
- níl aon taraifí i gceist le hearraí tionsclaíocha agus talmhaíochta a iompórtáil ón Aontas
- rochtain níos éasca do chuideachtaí an Aontais ar mhargadh seirbhísí Phoblacht na Cóiré
- tuilleadh deiseanna do chuideachtaí an Aontais tairiscint a chur isteach ar chonarthaí rialtais a eisíonn Poblacht na Cóiré
- cosaint níos fearr do chearta maoine intleachtúla agus do bhia agus deochanna a chumhdaítear le tásc geografach
Comhaontú trádála digití idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré
Chun an comhaontú saorthrádála sin a chomhlánú, tá an tAontas agus Poblacht na Cóiré ag obair, ó 2022 i leith, chun naisc níos dlúithe sa trádáil dhigiteach a chothú. I mí an Mhárta 2025, thug an dá thaobh an chaibidlíocht maidir le comhaontú trádála digití i gcrích.
Is é is aidhm don chomhaontú borradh breise a chur faoin trádáil dhigiteach i seirbhísí agus in earraí trí dheimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí araon. Cruthaítear leis rialacha comhchoiteanna le haghaidh réimsí ar nós sreafaí sonraí, conarthaí leictreonacha, sínithe digiteacha, cosaint tomhaltóirí agus trádáil ar líne.
Infheistíocht dhíreach choigríche
Is é an tAontas an t-infheisteoir díreach coigríche is mó i bPoblacht na Cóiré, agus ba é €53 bhilliún luach carnach stoic infheistíochta dírí coigríche (IDC) an Aontais i bPoblacht na Cóiré in 2024. Ba é €41.8 billiún luach carnach stoic IDC Phoblacht na Cóiré san Aontas. Tá infheistíochtaí Phoblacht na Cóiré comhchruinnithe go háirithe sa Ghearmáin, san Ungáir agus sa Pholainn.
Foinsí na sonraí
Ba i mí Bealtaine 2026 a baineadh na sonraí a úsáideadh ar an leathanach seo agus fuarthas iad ó na tacair sonraí Eurostat seo a leanas:
Féach freisin
Reachtaíocht trádála an Aontais
Comhaontuithe trádála an Aontais Eorpaigh
Caibidlíocht trádála an Aontais
An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Meitheamh 2026