Comhaontuithe trádála an Aontais
Le comhaontuithe trádála an Aontais, múnlaítear an caidreamh trádála le tíortha nach bhfuil san Aontas, agus é mar aidhm deiseanna trádála níos fearr a chruthú agus bacainní ar thrádáil a shárú.
Cad is comhaontuithe trádála ann
Déanann an tAontas bainistiú ar chaidreamh trádála le tríú tíortha trí chomhaontuithe trádála. Tá sé mar aidhm leo deiseanna trádála níos fearr a chruthú agus bacainní trádála a shárú.
Is uirlis é beartas trádála an Aontais a úsáidtear ar mhaithe le prionsabail agus luachanna na hEorpa a chur chun cinn freisin, mar shampla an daonlathas, cearta an duine, an comhshaol agus cearta sóisialta.
Aicmiú comhaontuithe trádála
Bíonn comhaontuithe trádála éagsúil lena chéile ag brath ar an ábhar atá i gceist:
- Le Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche (EPAnna), tacaítear le forbairt comhpháirtithe trádála ó thíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin
- Le Comhaontuithe Saorthrádála (FTAnna) is féidir margaí a oscailt ar bhonn cómhalartach le tíortha forbartha, agus le geilleagair atá ag teacht chun cinn, trí rochtain fhabhrach a thabhairt dóibh ar mhargaí
- Le Comhaontuithe Comhlachais (AAnna), tacaítear le comhaontuithe polaitiúla níos leithne
Déanann an tAontas comhaontuithe trádála neamhfhabhracha freisin, mar chuid de chomhaontuithe níos leithne mar shampla Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus Comhair (CCCanna).
Déantar comhaontuithe trádála a chaibidil i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Ról an Aontais sa trádáil dhomhanda (Grafaic faisnéise)
Caibidlíocht agus comhaontuithe
Tá breis agus 40 comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas le timpeall 80 comhpháirtí. Tá sé i mbun comhaontuithe a ghlacadh nó a dhaingniú le 27 gcomhpháirtí eile.
An chaoi a ndéantar comhaontuithe trádála a chaibidil
An 22 Bealtaine 2018, ghlac an Chomhairle conclúidí lena ndírítear ar an mbealach a ndéantar comhaontuithe trádála a chaibidil agus ar an mbealach a dtugtar i gcrích iad.
Leagtar amach sna conclúidí seo na príomhphrionsabail is bonn le cur chuige na Comhairle i leith caibidlíocht trádála as seo amach.
Go sonrach, dhírigh an Chomhairle ar dhá cheist go háirithe:
- rún an Choimisiúin Eorpaigh a mholadh go ndéanfaí comhaontuithe a roinnt ina dhá chomhaontú ar leith, ceann amháin le aghaidh cosaint infheistíochta agus an ceann eile le haghaidh forálacha trádála
- ról na Comhairle i gcaibidlíocht trádála
Caibidlíocht trádála an Aontais (Grafaic faisnéise)
Ról na Comhairle
Tá ról ríthábhachtach ag an gComhairle maidir le comhaontuithe trádála nua a leagan amach.
Sna céimeanna tosaigh, údaraíonn an Chomhairle an Coimisiún Eorpach comhaontú trádála nua a chaibidil thar ceann an Aontais. Déantar é sin trí ‘sainordú caibidlíochta’. Leis an údarú sin, soláthraíonn an Chomhairle treoracha caibidlíochta, a bhfuil cuspóirí, raon feidhme agus teorainneacha féideartha ama don chaibidlíocht san áireamh leo.
Ansin, déanann an Coimisiún caibidlíocht leis an tír chomhpháirtíochta thar ceann an Aontais, i ndlúthchomhar leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa.
Tar éis teacht ar chomhaontú leis na comhpháirtithe maidir le téacs an chomhaontaithe, cuireann an Coimisiún togra foirmiúil faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh.
Tar éis é a phlé, glacann an Chomhairle cinneadh maidir le síniú an chomhaontaithe thar ceann an Aontais Eorpaigh. Ansin, cuireann an Chomhairle an comhaontú a síníodh chuig Parlaimint na hEorpa lena toiliú a fháil.
Sna céimeanna deiridh, tar éis do Pharlaimint na hEorpa a toiliú a thabhairt, glacann an Chomhairle an cinneadh an comhaontú a thabhairt i gcrích.
Prionsabail trádála
Cloíonn an tAontas le prionsabail na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT).
Bíonn comhaontuithe trádála an-chasta de ghnáth toisc gur téacsanna dlíthiúla iad ina gcumhdaítear raon leathan gníomhaíochtaí, ón talmhaíocht go dtí an mhaoin intleachtúil. Ach tá roinnt bunphrionsabal i gcoiteann acu ar fad.
An frith-idirdhealú
Tá dhá phríomhghné ag baint leis an bprionsabal sin de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála:
- an náisiún barrfhabhair – is gnách nach gceadaítear do thíortha idirdhealú a dhéanamh idir a gcuid comhpháirtithe trádála
- cóireáil náisiúnta – ba cheart cóir chomhionann a thabhairt d'earraí a allmhairíodh agus d'earraí a táirgeadh taobh istigh den tír araon
Intuarthacht
De réir na hEagraíochta Domhanda Trádála, tá sé chomh tábhachtach céanna go dtabharfaí gealltanas gan bacainn trádála a bhunú agus atá sé fáil réidh le bacainní atá ann, ós rud go gcuirtear intuarthacht ar fáil do ghnólachtaí ar an gcaoi sin. Ar an mbealach sin, déantar an infheistíocht a spreagadh, poist a chruthú agus is féidir le tomhaltóirí tairbhe iomlán a bhaint as torthaí na hiomaíochta – rogha níos fearr agus praghsanna níos ísle.
Iomaíocht chóir
Cé go dtugtar institiúid ‘saorthrádála’ ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála go coitianta, uaireanta déanann sí taraifí a cheadú agus, in imthosca teoranta, cineálacha eile cosanta. Is é a dhéanann sí go nithiúil, córas rialacha a chur chun cinn lena bhféachtar le hiomaíocht oscailte, chóir a chothú.
An tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Nollaig 2024