Reachtaíocht trádála an Aontais
Tá roinnt beart i bhfeidhm ag an Aontas chun trádáil chóir chothrom le tríú tíortha a chinntiú.
Trádáil chóir agus chothrom
Tá athchóiriú bunúsach á dhéanamh ag an Aontas le blianta beaga anuas ar na rialacha a bhaineann le trádáil. Is iad seo a leanas na príomhréimsí a chumhdaítear:
- frith-chomhéigean
- infheistíochtaí díreacha coigríche
- coimircí déthaobhacha
- ionstraimí cosanta trádála, lena n-áirítear frithdhumpáil
Tá sé mar aidhm ag na tograí reachtaíochta ón Aontas táirgeoirí agus gnóthaí Eorpacha a chosaint ón damáiste a d’fhéadfadh teacht ó chleachtais trádála áirithe a bhíonn á n-úsáid ag eintitis eachtracha.
Infheistíochtaí díreacha coigríche a scagadh
Tá rialacha i bhfeidhm ag an Aontas maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche (IDC) isteach san Aontas a scagadh ionas gur féidir leis na Ballstáit infheistíochtaí coigríche san Aontas a rialú agus a sheiceáil agus aghaidh a thabhairt ar riosca ar bith don tslándáil nó don ord poiblí. Déantar é seo i gcomhar le Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún Eorpach.
An 11 Nollaig 2025, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialachán maidir le scagadh IDC ó 2019.
Déanfaidh an Chomhairle agus an Pharlaimint an comhaontú sealadach a fhormhuiniú sula nglacfar go foirmiúil é. Beidh feidhm ag na rialacha 18 mí tar éis don rialachán athbhreithnithe teacht i bhfeidhm.
Tá na socruithe um athbhreithniú ar an scagadh IDC ina gcuid de straitéis an Aontais chun an tslándáil eacnamaíoch a neartú agus chun earnálacha straitéiseacha tionscail a chosaint ar infheistíochtaí baolacha ó infheisteoirí coigríche.
- Slándáil eacnamaíoch na hEorpa
- Infheistíocht dhíreach choigríche: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú polaitiúil chun feabhas a chur ar scagadh IDC (preaseisiúint, an 11 Nollaig 2025)
- Trádáil: seasamh caibidlíochta na Comhairle maidir le hathbhreithniú ar scagadh IDC formhuinithe ag Coreper (preaseisiúint, an 12 Meitheamh 2025)
Foreign direct investment screening explained
Bearta frith-chomhéigin
An 23 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle an ionstraim frith-chomhéigin. Is é is aidhm don uirlis sin tríú tíortha a dhíspreagadh ó chomhéigean eacnamaíoch a dhíriú ar an Aontas agus ar a Bhallstáit trí bhearta a mbíonn tionchar acu ar thrádáil nó ar infheistíocht.
I measc na mbeart a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar an tríú tír mar fhreagairt ar an gcomhéigean eacnamaíoch, tá srianta trádála a fhorchur, mar shampla, i bhfoirm:
- dleachtanna custaim méadaithe
- ceadúnais allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin
- srianta i réimse na seirbhísí, rochtain ar IDC nó soláthar poiblí
Tá an ionstraim frith-chomhéigin ceaptha chun bearta comhéigneacha a laghdú agus scor na mbeart sin a spreagadh trí idirphlé. Ní chuirtear aon fhrithbhearta a dhéanann an tAontas i bhfeidhm ach amháin mar rogha dheireanach.
Ionstraimí cosanta trádála
An 8 Meitheamh 2018, tháinig an rialachán nua lena ndéantar ionstraimí cosanta trádála an Aontais a nuachóiriú i bhfeidhm.
Leis an rialachán sin, féachtar le táirgeoirí an Aontais a chosaint ar an dochar a dhéantar de bharr iomaíochas éagórach chun saorthrádáil agus cóirthrádáil a chinntiú. Fágann sin na hionstraimí cosanta trádála níos intuartha, níos trédhearcaí agus níos inrochtana, go háirithe i gcomhair fiontair bheaga agus mheánmhéide.
Is é cuspóir an Aontais go mbeidh na hionstraimí frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais níos éifeachtúla agus níos oiriúnaí ó thaobh táirgeoirí an Aontais a chosaint ar chleachtais éagóracha atá á ndéanamh ag gnólachtaí eachtrannacha agus ar aon riosca go ndéanfaí frithbheart ina gcoinne.
Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh sé níos fusa d’allmhaireoirí tuar a dhéanamh i dtaca le rátaí dleachta athraitheacha, rud a chabhródh lena gcumas pleanála gnó. Ba cheart go mbeadh an córas iomlán níos trédhearcaí agus níos fusa don úsáideoir.
Frithdhumpáil
An 4 Nollaig 2017, ghlac an Chomhairle rialacha nua de chuid an Aontais chun cabhrú leis an Aontas a chosaint ar chleachtais trádála mhíchothroma. Tháinig siad i bhfeidhm an 20 Nollaig 2017.
Tá feidhm ag na rialacha frithdhumpála nuashonraithe ón Aontas maidir le cásanna ina ndéantar praghsanna na dtáirgí allmhairithe a laghdú go saorga mar gheall ar idirghabháil ón stát.
Leis an gcreat dlíthiúil seo cuirtear deireadh leis an idirdhealú a dhéantaí roimhe seo idir geilleagair mhargaidh agus geilleagair neamh-mhargaidh chun dumpáil a ríomh.
Ina theannta sin, tá ar an gCoimisiún Eorpach a chruthú gurb ann do ‘saobhadh margaidh’ suntasach idir praghas díola táirge agus costas a tháirgthe.
Coimircí cothrománacha déthaobhacha
An 28 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle rialachán a chumasaíonn cur i bhfeidhm bearta coimirce le haghaidh comhaontuithe trádála.
Cuimsíonn an rialachán na comhaontuithe saorthrádála idir an tAontas agus an tSeapáin, idir an tAontas agus Singeapór agus idir an tAontas agus Vítneam. Cumhdaítear comhaontuithe an Aontais leis an tSile, leis an gCéinia agus leis an Nua-Shéalainn freisin le coimircí déthaobhacha. D’fhéadfaí tuilleadh comhaontuithe trádála a chur leis an raon feidhme.
Éascaíonn bearta coimirce déthaobhacha aistarraingt fabhar taraife ar bhonn sealadach.
Roimh an tionscnamh seo, moladh an sásra sin ar leithligh i ndáil le gach comhaontú trádála ar leith.
Féach freisin
An t-athbhreithniú deireanach: an 2 Márta 2026