Skip to content

Trasnuithe neamhdhleathacha teorann ar bhealach na mBalcán Thiar

Tá bealach na mBalcán Thiar ar cheann de na príomhchonairí imirce chun na hEorpa. Tar éis don líon ba mhó imirceach riamh teacht isteach san Aontas in 2015, tá laghdú leanúnach tagtha ar líon na n-imirceach neamhrialta a roghnaíonn an bealach sin le roinnt blianta anuas. Mar sin féin, ó 2019 i leith, tá an líon sin ag dul i méid arís.

Cuid mhór de na himircigh neamhrialta a shroicheann an tAontas trí bhealach na mBalcán Thiar, aistríonn siad ón mBallstát den Aontas ar tháinig siad isteach ann ar dtús chuig Ballstát eile den Aontas. Mar thoradh air sin, braitear líon mór imirceach neamhrialta agus faightear líon mór iarratas tearmainn san Eoraip.

Tá figiúirí ó 2009 go dtí mí an Mhárta 2024 san áireamh ar an gcairt.

Leagan téacs
  • 2009: 3 089 dtrasnú neamhdhleathacha teorann
  • 2010: 2 371 thrasnú neamhdhleathach teorann
  • 2011: 4 658 dtrasnú neamhdhleathacha teorann
  • 2012: 6 291 thrasnú neamhdhleathach teorann
    2013: 19 957 dtrasnú neamhdhleathacha teorann
  • 2014: 43 355 thrasnú neamhdhleathacha teorann
  • 2015: 764 033 thrasnú neamhdhleathacha teorann
  • 2016: 130 325 thrasnú neamhdhleathacha teorann
    2017: 12 179 dtrasnú neamhdhleathacha teorann
  • 2018: 5 869 dtrasnú neamhdhleathacha teorann
  • 2019: 15 152 thrasnú neamhdhleathacha teorann
  • 2020: 26 969 dtrasnú neamhdhleathacha teorann
  • 2021: 61 735 thrasnú neamhdhleathacha teorann
  • 2022: 145 600 trasnú neamhdhleathach teorann
  • 2023: 99 068 dtrasnú neamhdhleathacha teorann
  • 2024: 14 dtrasnú neamhdhleathacha teorann