Beartas imirce agus tearmainn an Aontais
Tá sé d’aidhm ag beartas imirce agus tearmainn an Aontais an imirce a bhainistiú go héifeachtach, comhroinnt freagrachta chothrom idir na Ballstáit a chinntiú agus cearta na ndaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu a chosaint.
An tslí a mbainistíonn an tAontas Eorpach imirce agus tearmann
Tá cur chuige comhchoiteann forbartha ag an Aontas i leith na himirce agus an tearmainn tríd an gcomhshocrú maidir le himirce agus tearmann, a leagann síos rialacha comhchoiteanna a chumhdaíonn tearmann, bainistiú imirce, nósanna imeachta teorann agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit. Is é is aidhm don chomhshocrú nósanna imeachta aonfhoirmeacha atá níos éifeachtaí a chinntiú mar aon le freagracht agus dlúthpháirtíocht a chothromú ar fud an Aontais.
Is í an Chomhairle Eorpach a leagann síos tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais maidir le himirce, fad is a ghlacann Comhairle an Aontais Eorpaigh reachtaíocht mar aon le sainorduithe don chaibidlíocht a chur ar fáil do thíortha nach tíortha den Aontas iad. Comhoibríonn Comhairle an Aontais Eorpaigh freisin le Ballstáit maidir le cur chun feidhme an chomhshocraithe agus gnéithe eile den bheartas imirce, lena n-áirítear imirce dhleathach, filleadh daoine agus comhar le tíortha lasmuigh den Aontas.
An Comhshocrú maidir le himirce agus tearmann
Bealaí dlíthiúla chuig an Aontas
Tagann daoine isteach san Aontas trí bhealaí dlíthiúla éagsúla: obair, staidéar agus athaontú teaghlaigh. In 2025, d’eisigh Ballstáit an Aontais thart ar 3.9 milliún cead cónaithe do dhaoine nach de bhunadh an Aontais iad. Ina theannta sin, tacaíonn an tAontas leis an athlonnú agus le bealaí sábháilte dlíthiúla eile do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu.
Tá rialacha comhchoiteanna i bhfeidhm san Aontas le haghaidh réimsí áirithe den imirce dhleathach, lena n-áirítear an imirce lucht saothair. Leis an gcead aonair, cuir i gcás, tugtar an ceart chun obair a dhéanamh agus cead fanachta i mBallstát d’oibrithe nach de bhunadh an Aontais iad, agus níl ach iarratas amháin i gceist.
Líon na n-imirceach neamhrialta a tháinig chuig an Aontas
Sonraí go dtí mí Mheán Fómhair 2026, lena gcumhdaítear na himircigh a thagann isteach trí na bealaí a léirítear thíos.
Barrachairt ar a léirítear na trasnuithe teorann neamhrialta bliantúla a braitheadh feadh bhealaí teorann na Meánmhara Láir, na Meánmhara Thoir, na Meánmhara Thiar, na hAfraice Thiar, na mBalcán Thiar agus an Oirthir, agus bealaí eile, ó 2015 go mí Mheán Fómhair 2026. De réir fhigiúirí Frontex, tháinig laghdú ó 1 822 102 in 2015 go 179 855 in 2025 ar líon na dtrasnuithe a braitheadh. Ní chumhdaítear le figiúr 2026 ach mí Eanáir go mí Mheán Fómhair.
Nótaí: Léirítear ar an ngraf líon iomlán na dtrasnuithe teorann neamhrialta. De bharr gur chásanna eisceachtúla a bhí i dteacht isteach na n-imirceach go Ceuta an 17 agus an 18 Bealtaine 2021 agus idir an 30 agus an 31 Iúil 2026, ní áirítear na himircigh sin sna figiúirí maidir le bealach an Iarthair.
Bealaí imirce: cad as a dtagann imircigh agus dídeanaithe?
Daoine a thagann isteach san Aontas go neamhrialta, is féidir leo taisteal ar bhealaí éagsúla, ag brath ar a dtír thionscnaimh, ar a dtúsphointe agus ar chúinsí eile.
Tá trí phríomhbhealach imirce ann: bealach na Meánmhara Thoir, bealach na Meánmhara Láir agus bealaí an Iarthair.
Tá bealach sealadach breise amháin ann ón Úcráin a cruthaíodh de thoradh fhogha míleata na Rúise i mí Feabhra 2022.
Irregular migration to the EU: routes, facts and figures
Filleadh daoine nach bhfuil ceart fanachta san Aontas acu
Tá an tAontas ag neartú a chur chuige chomhchoiteann maidir le filleadh daoine. Le rialacha an Aontais, bunaítear nósanna imeachta comhchoiteanna maidir le filleadh daoine nach bhfuil ceart fanachta acu san Aontas, oibleagáidí chun comhoibriú le húdaráis náisiúnta san áireamh.
Tugtar isteach ordú Eorpach um fhilleadh freisin agus cruthaítear deiseanna do na Ballstáit moil um fhilleadh a bhunú i dtíortha nach tíortha den Aontas iad, faoi réir coimircí agus urraim ar chearta bunúsacha. Comhlánaíonn na rialacha comhshocrú an Aontais maidir le himirce agus tearmann agus cuideoidh siad leis an gcomhshocrú a chur i feidhm.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Deireadh Fómhair 2026
Comhroinn do chuid smaointe linn!
Déan suirbhé 5 nóiméad ag deireadh do chuairte chun cabhrú linn feabhas a chur ar d’eispéireas ar ár suíomh gréasáin.