"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 23 Meán Fómhair 2024
Na príomhthorthaí
Talmhaíocht
Pleananna straitéiseacha CBT: breithniú ar an dara bliain dá gcur chun feidhme
Rinne an Chomhairle measúnú ar an dara bliain de chur chun feidhme phleananna straitéiseacha an chomhbheartais talmhaíochta (CBT).
Cuireann pleananna straitéiseacha náisiúnta an chomhbheartais talmhaíochta ar ár gcumas spriocanna comhchoiteanna CBT a bhaint amach. Rinneamar athbhreithniú inniu ar an gcaoi a bhfuil siad á gcur chun feidhme agus rinneamar measúnú ar na dúshláin atá roimh na Ballstáit faoi láthair, d’fhonn bealaí a aimsiú chun an córas a shimpliú agus a fheabhsú a thuilleadh amach anseo.
Zsolt Feldman, Aire Stáit na hUngáire um Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe
I bhfianaise na taithí praiticiúla a fuarthas le linn an chéad dá bhliain de CBT atá ann faoi láthair, agus a cuireadh chun feidhme ón 1 Eanáir 2023, bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir le dúshláin áirithe a bhí roimh na húdaráis náisiúnta i gcur chun feidhme na bpleananna straitéiseacha.
Bhí sé d’aidhm ag an bplé a bhí acu feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh don tréimhse tar éis 2027 a shainaithint, chun a chinntiú go leanfaidh na pleananna straitéiseacha de bheith ag feidhmiú.
Luaigh na hairí go mba dhíol sásaimh dóibh tuilleadh solúbthachta agus nós imeachta cuíchóirithe chun na pleananna straitéiseacha náisiúnta a ghlacadh agus a leasú. Ina theannta sin, d’ardaigh siad dúshláin a bhaineann le rialacha tuairiscithe agus chuir siad i dtábhacht gur cheart iad sin a shimpliú a thuilleadh.
Sa chomhthéacs sin, chuir toscaireacht na Laitvia eolas ar fáil don Chomhairle maidir le haonadmhéideanna, agus chuir toscaireacht na Liotuáine eolas ar fáil maidir le húsáid infheistíochtaí arna gcistiú ag an gciste um fhorbairt tuaithe.
Staid an mhargaidh, go háirithe tar éis an ionraidh ar an Úcráin
Bunaithe ar an eolas a chuir na Ballstáit ar fáil agus ar nuashonrú ón gCoimisiún, phléigh an Chomhairle staid na margaí talmhaíochta agus na dtráchtearraí.
Scrúdaigh na hairí dúshláin agus réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann, agus an comhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair á chur san áireamh freisin.
Go háirithe, agus aitheantas á thabhairt ag an gComhairle go raibh staid na margaí talmhaíochta réasúnta cobhsaí, luaigh sí na dúshláin a bhaineann le héifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide agus na ndrochaimsire, mar shampla tuilte agus triomaigh, costais arda ionchuir, agus leathadh galar ainmhithe.
Chuir roinnt airí in iúl freisin go raibh imní orthu faoi chur chun feidhme an rialacháin maidir le dífhoraoisiú, agus faoi fhorbairtí a bhaineann leis an ngné trádála, imscrúduithe frith-fhóirdheontais na Síne san áireamh.
Maidir leis an Úcráin, d’iarr an Chomhairle go leanfaí de thacaíocht a thabhairt don tír, agus luaigh roinnt airí gur gá tionchar allmhairí na hÚcráine isteach san Aontas a chur san áireamh.
Sa chomhthéacs sin, d’iarr roinnt Ballstát freisin go gcuirfí le liosta na dtáirgí a allmhairítear ón Rúis agus ón mBealarúis lena ngabhann taraifí méadaithe.
Ina theannta sin, chuir toscaireacht na Gearmáine, le tacaíocht ón bhFrainc, mír ‘gnó eile’ i láthair maidir leis an tairseach do státchabhair de minimis a mhéadú, a fuair tacaíocht ó thromlach na n-airí talmhaíochta.
Idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, idir an tAontas agus an Iorua agus na Stáit Chósta: comhairliúcháin bhliantúla do 2025
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir le bainistiú na stoc éisc a roinntear leis an Ríocht Aontaithe in 2025 i gcomhthéacs thimthriall bliantúil rialta na ndeiseanna iascaireachta.
Beidh an comhairliúchán ar siúl ó dheireadh mhí Dheireadh Fómhair go dtí tús mhí na Nollag agus cumhdóidh sé 81 stoc éisc a ndéanann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhbhainistiú orthu.
Phléigh na hairí iascaigh freisin na comhairliúcháin atá ar na bacáin leis an Iorua maidir le deiseanna iascaireachta in 2025, atá le bheith ar siúl idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag. Díreoidh na comhairliúcháin dhéthaobhacha idir an tAontas agus an Iorua ar mhalartuithe cuótaí agus ar rochtain ar uiscí.
Déanann an tAontas, an Iorua agus an Ríocht Aontaithe roinnt stoc a bhainistiú go tríthaobhach.
Tionólfar na comhairliúcháin bhliantúla le stáit chósta maidir leis na gabhálacha iomlána incheadaithe in 2025 le haghaidh ronnach, faoitíní gorma agus scadán an Atlantaigh-Chríoch Lochlann san Atlantach Thoir Thuaidh i mí Dheireadh Fómhair.
Le linn chruinniú na Comhairle, chuir na hairí treoir pholaitiúil ar fáil don Choimisiún maidir le seasamh an Aontais sna comhairliúcháin sin.
D’iarr an Chomhairle go dtabharfaí comhaontuithe cothroma i gcrích, agus mheabhraigh sí a thábhachtaí atá sé inbhuanaitheacht fhadtéarmach chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta na hearnála a chinntiú.
Deiseanna iascaireachta le haghaidh 2024 agus 2025: leasú
Phléigh an Chomhairle togra ón gCoimisiún chun na deiseanna iascaireachta le haghaidh 2024 agus 2025 do stoic éisc áirithe a thabhairt cothrom le dáta, chun an chomhairle eolaíoch is déanaí agus na forbairtí is déanaí a chur san áireamh.
Dhírigh an Chomhairle ar an ngné den togra atá fós gan réiteach, is í sin ainseabhaithe in uiscí Ibéaracha an Atlantaigh.
Le seisiún tuairimíochta na n-airí, réiteofar an bealach chun an leasú a ghlacadh.
Bhí plé neamhfhoirmiúil ag na hairí talmhaíochta ag am lóin, agus chuir cathaoirleach an phlé straitéisigh faoi thodhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach, an tOllamh Peter Strohschneider,a thuarascáil i láthair lena linn.
Ba dhíol sásaimh do na hairí an plé neamhfhoirmiúil sin, i bhfianaise na gconclúidí ón gComhairle atá beartaithe lena ndírítear ar thodhchaí CBT. Go háirithe, ba dhíol sásaimh do na hairí an sprioc maidir le seasamh na bhfeirmeoirí sa slabhra luacha bia a neartú, mar a leagtar amach sa tuarascáil í.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
I measc na míreanna ‘gnó eile’, le linn seisiún poiblí, chuir Uachtaránacht na hUngáire eolas ar fáil don Chomhairle maidir le toradh na gcruinnithe a bhí ann le déanaí, is é sin:
cruinniú mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar maidir le seirbhísí tréidliachta (Búdaipeist, an 11 Meán Fómhair 2024)
Coiste FAO um Fhoraoiseacht (an Róimh, an 22-26 Iúil 2024)
Coiste FAO um Thalmhaíocht – fochoiste um bheostoc (an Róimh, an 16-18 Iúil 2024)
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
I seisiún poiblí freisin, maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe, chuir toscaireacht na Gréige eolas ar fáil faoi ráig phlá na n-athchogantach beag a tharla le déanaí sa Ghréig, agus roinn toscaireacht na Sualainne roinnt forbairtí dearfacha i ndáil le Fiabhras Afracach na Muc.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.