"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Phléigh na hairí seasamh fioscach an limistéir euro in oirchill ullmhú na mbuiséad náisiúnta don bhliain seo chugainn.
Chuir Cathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh, Pieter Hasekamp, an tuarascáil is déanaí ón mBord i láthair, agus anailís an Choimisiúin ina dhiaidh sin.
Ghlac an Grúpa Euro ráiteas maidir le staid fhioscach an limistéir euro.
Tá sé ríthábhachtach i gcónaí go leanfaidh an creat fioscach a chomhaontaíomar dhá bhliain ó shin de bheith inchreidte. Is réamhriachtanas le go mbeidh geilleagar na hEorpa iomaíoch é an t-airgeadas poiblí fónta.
Bhí seisiún tuairimíochta ag an nGrúpa Euro maidir le ról idirnáisiúnta an euro, bunaithe ar athbhreithniú bliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus ar anailís an Choimisiúin.
Chuir Uachtarán an Ghrúpa Euro, Kyriakos Pierrakakis, clár oibre an Ghrúpa Euro i láthair, lenar cumhdaíodh an chuid eile den bhliain seo agus an chéad leath den bhliain seo chugainn.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí agus d’fhormheas siad an clár oibre ina dhiaidh sin.
Tionchar eacnamaíoch na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn: an intleacht shaorga agus an chibearshlándáil
Phléigh na hairí impleachtaí na hintleachta saorga agus na cibearshlándála don earnáil airgeadais, chomh maith leis na creatdálaí is gá chun tacú le forbairt na hintleachta saorga san Eoraip.
Tugadh cuireadh do POF Mistral páirt a ghlacadh sa phlé.
Ní mór don Eoraip na dálaí cearta a chruthú, an caipiteal is gá a shlógadh agus a chur ar chumas a cuideachtaí an scála a bhaint amach chun dul san iomaíocht ar fud an domhain, ionas go dtiocfaidh an chéad ghlúin eile de cheannródaithe domhanda IS ar an saol, go bhfásfaidh sí agus go bhfanfaidh sí san Eoraip.
Kyriakos Pierrakakis, Uachtarán an Ghrúpa Euro
An t-airgeadas digiteach
Ghlac an Grúpa Euro ráiteas maidir leis an airgeadas digiteach, inar leagadh amach tuairimí agus uaillmhianta na n-airí chun tacú le forbairt an airgeadais dhigitigh san Aontas Eorpach.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.