- Cruinniú Mullaigh Trípháirteach maidir le Cúrsaí Sóisialta
Cruinniú Mullaigh Tríthaobhach maidir le Cúrsaí Sóisialta, 08/03/2017, 8 Márta 2017
‘Todhchaí na hEorpa: an bealach ar aghaidh a leagan amach maidir le fás, fostaíocht agus cothrom na Féinne’ a bhí mar phríomhthéama an chruinnithe mullaigh shóisialta thríthaobhaigh.
Díríodh sa phlé ar na trí ábhar seo a leanas:
- ag áirithiú gur fiú tairbhe na hoibre an trioblóid mar bhealach chun fostaíocht agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn,
- cineálacha nua oibre agus an méid atá i ndán don earnáil tionsclaíochta
- Colún Eorpach na gceart sóisialta agus an ról atá ag na páirtithe sóisialta.
“Ní mór leas a bhaint as na huirlisí beartais uile chun fás eacnamaíoch, cruthú post agus cuimsiú sóisialta a neartú. Tá ar institiúidí an Aontais Eorpaigh, ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe sóisialta oibriú as láimh a chéile chun an téarnamh eacnamaíoch a chosaint agus chun todhchaí níos fearr ar mhaithe le saoránaigh an Aontais a áirithiú.”
Mar a chuir Donald Tusk agus Jean-Claude Juncker in iúl sa chuireadh
- Cuireadh chuig an gCruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach ar mhaithe leis an bhFás agus leis an bhFostaíocht, 2 Márta 2017
- Cúlra faisnéise - Cruinniú Mullaigh Sóisialta
Cad atá i gceist leis an gCruinniú Mullaigh Tríthaobhach?
Is fóram é an Cruinniú Mullaigh Tríthaobhach don idirphlé idir uachtaráin institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ardbhainistíocht na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha. Is iad Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Ceann Stáit nó Rialtais na hUachtaránachta rothlaí, a bheidh ina gcomhchathaoirligh ar an gcruinniú mullaigh; is é uain Phríomh-Aire Mhálta é an turas seo. Déanfaidh Cónaidhm na nGnóthas Eorpach (Business Europe), Lárionad Eorpach na bhFostóirí agus na bhFiontar a sholáthraíonn Seirbhísí Poiblí (CEEP) agus an Comhlachas Eorpach um Ghnóthais Cheardaíochta agus um Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide (UEAPME) ionadaíocht thar ceann na bhfostóirí. Is é Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC) a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na gceardchumann.
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Beatriz Navarro Deputy spokesperson for the European Council President
- +32 471 33 22 92
- +32 2 281 51 50
-
Maria Tomasik Spokesperson for the European Council President
- +32 470 88 23 83
- +32 2 281 51 50
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
Cruinnithe eile: Cruinniú Mullaigh Trípháirteach maidir le Cúrsaí Sóisialta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025