- Nuacht
- 18 Eanáir 2022 12:32
Roberta Metsola tofa mar uachtarán nua ar Pharlaimint na hEorpa
Thogh feisirí Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola mar uachtarán nua.
Comhghairdeas ó chroí le Roberta Metsola, arb í uachtarán nua Pharlaimint na hEorpa í. Is í Parlaimint na hEorpa croílár an daonlathais Eorpaigh. Táim ag súil le bheith ag comhoibriú leat, Roberta, a chara. Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Cén ról a bhíonn ag uachtarán Pharlaimint na hEorpa?
Toghtar uachtarán Pharlaimint na hEorpa ar feadh téarma inathnuaite a mhaireann 2 bhliain go leith, i.e. leathré na Parlaiminte.
Stiúrann an t-uachtarán gníomhaíochtaí na Parlaiminte agus déanann sé nó sí cathaoirleacht ar sheisiúin iomlánacha na Parlaiminte. Déanann an t-uachtarán ionadaíocht thar ceann Pharlaimint na hEorpa go hidirnáisiúnta agus ina caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais.
Roimh gach cruinniú den Chomhairle Eorpach, tugann uachtarán Pharlaimint na hEorpa aitheasc do cheannairí an Aontais chun dearcadh na Parlaiminte agus aon ábhar imní a leagan amach maidir leis na míreanna ar an gclár oibre agus maidir le hábhair eile.
An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Eanáir 2024