- Nuacht
- 24 Márta 2022 17:30
Cruinniú G7 maidir leis an Úcráin, 24 Márta 2022
An 24 Márta, tháinig ceannairí G7 le chéile i gceanncheathrú ECAT sa Bhruiséil ar chuireadh ó Uachtaránacht G7 na Gearmáine chun an comhar eatarthu a neartú a thuilleadh i bhfianaise an fhogha neamhdhleathaigh gan cúis gan údar atá tugtha ag an Rúis faoin Úcráin agus an chogaidh a roghnaigh an tUachtarán Putin i gcoinne na hÚcráine — Stát neamhspleách agus ceannasach.
Labhair Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, le ceannairí G7 trí fhíschomhdháil freisin.
Ní mór an ceann is fearr a fháil ar Vladimir Putin. Ní mór dúinn tacú leis an Úcráin, a mhéid is féidir agus ní mór dúinn na smachtbhannaí a chur chun feidhme chun brú a chur ar an gCreimil. Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Ar imeall an chruinnithe, bhuail an tUachtarán Charles Michel le Príomh-Aire na Seapáine, Fumio Kishida agus le Justin Trudeau, Príomh-Aire Cheanada freisin.
Eolas cúlra
Is fóram idirnáisiúnta é G7 a thugann le chéile na náisiúin thionsclaíocha is mó ar domhan: Ceanada, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin, agus na Stáit Aontaithe.
Is eagraíocht fhornáisiúnta uathúil seachas stát ceannasach é an tAontas Eorpach agus, dá bhrí sin, is comhalta ‘neamh-áirithe’ é – as sin an t-ainm G7 (an Grúpa Seacht) – agus ní ghlacann sé uachtaránacht rothlach G7.
An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Eanáir 2024