Skip to content
  • Nuacht
  • 12 Lúnasa 2022 10:40

Dóiteáin foraoise: an tAontas ag leanúint de chúnamh a shlógadh don Fhrainc agus do thíortha eile

Tá séasúr falscaí an-dian roimh an Eoraip in 2022, agus níos mó tinte agus limistéir níos mó dóite ná blianta roimhe seo.

Leis an sásra Aontais um chosaint shibhialta, tá tacaíocht á cur ar fáil chun dóiteáin foraoise sa Fhrainc agus i dtíortha eile san Eoraip a chomhrac.

Tar éis don Albáin, do Phoblacht na Seice, don Fhrainc, don Phortaingéil agus don tSlóivéin iarratais a dhéanamh, rinne an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit an méid seo a leanas a shlógadh:

  • eitleáin ó fhlít #rescEU lonnaithe sa Chróit, sa Fhrainc, sa Ghréig, san Iodáil, sa Spáinn agus sa tSualainn
  • foirne comhraicthe dóiteáin, lena n-áirítear comhraiceoirí dóiteán, feithiclí éigeandála agus héileacaptair

Ina theannta sin, tá satailít éigeandála Copernicus ag cuidiú le léarscáileanna measúnaithe damáiste a chur ar fáil de na limistéir atá buailte.

Bíonn Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha 24/7 an Aontais i dteagmháil leis na húdaráis náisiúnta ábhartha go rialta chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid agus cúnamh an Aontais a chur ar fáil.

Faigh amach faoin gcaoi a n-oibríonn sásra an Aontais um chosaint shibhialta:

Radharc ó eitleán dóiteáin foraoise.
©Italian Civil Protection

An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Eanáir 2024